‘Is duine óg mise atá dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge’ – óráid tugtha sa Bhruiséil ag dalta óg Gaeltachta a bhuaigh duais Eorpach

Bhuaigh Fionnán Ó Coisdealbha, dalta ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gConamara, príomhdhuais na hÉireann i gcomórtas aistriúcháin d’iar-bhunscoileanna an Aontais Eorpaigh

‘Is duine óg mise atá dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge’ – óráid tugtha sa Bhruiséil ag dalta óg Gaeltachta a bhuaigh duais Eorpach

Labhair dalta óg Gaeltachta ar an mórtas atá air as an nGaeilge in óráid a thug sé ag ócáid bhronnta duaiseanna d’aistritheoirí óga sa Bhruiséil.

Bhuaigh Fionnán Ó Coisdealbha, dalta ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gConamara, príomhdhuais na hÉireann sa chomórtas ‘Juvenes Translatores’, comórtas aistriúcháin d’iar-bhunscoileanna san Aontas Eorpach, agus chuaigh sé chun na Beilge an tseachtain seo caite chun glacadh leis an ngradam.

Bronnadh an gradam ar Ó Coisdealbha as saothar a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus sa phíosa cainte a rinne sé ag an ócáid bhronnta, labhair an fear óg ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga dó.

Ghlac breis is 3,000 dalta ar fud na hEorpa páirt i gcomórtas na bliana seo.

Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh buaiteoir amháin ó gach tír san Aontas. Fuair 247 dalta eile moladh speisialta as an obair aistriúcháin shármhaith a rinne siad.

Is í seo an dara bliain as a chéile ar ghnóthaigh dalta ó Choláiste Chroí Mhuire duais na hÉireann – ba í Maitilde Warsop ón scoil chéanna buaiteoir na hÉireann in 2022.

Fág freagra ar '‘Is duine óg mise atá dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge’ – óráid tugtha sa Bhruiséil ag dalta óg Gaeltachta a bhuaigh duais Eorpach'

  • Indrek

    An-óráid go deo ón bhfear óg sin agus é ag labhairt as Gaeilge amháin os comhair an lucht éisteachta sa mBruiséil! Má bhí náire ag éinne a theanga dhúchais mhionlaigh a labhairt ariamh, éistígí leis. Mar a deir ar fear féin: “Más féidir, is féidir.” Comhghairdeas le Fionntán as an duais a bhuachan agus nár laga Dia a lámh!

  • Colette

    Nach bréa an óráid í seo le dearcadh chomh dearfach sin. Tugann sé dóchas dom faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht.

    Níl mé ag iarraidh a bheith gearánach ach is mór an trua go bhfuil an frása mí-ámharach “mionteanga” fós in úsáid ag pobal na Gaeilge. Is aistriúchán mí-ámharach Gaeilge é “mionteanga” ar an téarma Bhéarla “minority language”. Cibé coiste slamchúiseach a tháinig suas leis an téarma seo “mionteanga” (mini-language) rinne siad neamhaird de bhrí an réimír “mion”. Nach “Small, minute; minor, petty; micro” an míniú atá in Ó Dónaill le fada an lá.

    Tá athrú tuisceana ag bailiú nirt de réir a cheile. Táthar ag tosú ar “teanga mhionlaithe” a úsáid go forleathan anois. Tá an focal “mionlaithe” níos cruinne chun staid agus suíomh na Gaeilge a chur in iúl. Molaim go neireodh cainteoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge as an téarma míchruinn “mionteanga” a úsáid agaus an téarma “teanga mhionlaithe” a úsáid ina áit.
    Seo cúpla sampla

    https://www.meoneile.ie/anailis/stadas-na-gaeilge-san-eoraip-agus-an-taistriuchan-riachtanach

    https://tuairisc.ie/athneartu-na-gaeilge-ceart-is-ea-ceart-ni-ceist-mionlach-agus-moramh-i/

    http://www.beo.ie/alt-an-dr-daniel-bourgeois.aspx

  • Máirín

    Comhghairdeachas a Fhionnáin.
    Is éacht iontach é seo d’aon duine óg i dtír ar bith san Eoraip agus tá an t-aitheantas a tugadh duit thar a bheith tábhachtach do phobal na Gaeltachta.

    A Colette,
    Maidir le “mionteanga” ní maith le go leor daoine an focal ach tá “mionteanga” sa gcaint le fada agus tá sé sa bhfoclóir. Ní aontaím beag ná mór le do mholadh “teanga mhionlaithe” a chur in áit “mionteanga” mar is “minoritised” atá i gceist le “mionlaithe.
    Tá sé suntsach gur “teanga mhionlaigh”an t-aon aistriúchán ar “minority language” a ceadaítear ar Téarma.ie Sin a bhíonn in úsáid san AE de bharr go mbíonn cruinneas dlíthiúil ag teastáil i gcaipeisí an aontais.
    Mar a mholann tColette ba chóir do lucht labhartha na Gaeilge eirí as an focal míchruinn “mionteanga” a úsáíd . Mholfainn cloi le “teanga mhionlaigh” mé fhéín.

  • Colette

    A Mháirín,
    Tá an ceart agat gur fearr “teanga mhionlaigh” mar aistiriúchán ar “minority language” seachas an focal sin “mionteaga” atá go hiomlán míchruinn, imeallaithe agus dímheasúil . Ach tá mé fós den tuairim gur “teanga mhionlaithe” and téarma ceart don staid ina bhfuil an Ghaeilge faoin Stát Éireannach a chur in iúl agus gur fearr an téarma sin a úsáid i gcónaí. Is de bharr bhrú leanúnach ó Chonradh na Gaeilge srl. go bhful stádas teanga oibre ag an Ghaeilge sa AE agus ní de bharr go raibh Dáil Éireann ná an Státchóras ag iarraidh a leithéid.
    Dáil an scéil is an AE a íocann as an Ghaeilge a bheith ar cheann de 24 theanga oifigiúil oibre an AE agus ní Rialtas na hÉireann.