‘Is buí le bocht an beagán’ agus sinn ag súil le 2021

An t-am seo anuraidh bhí mé ag clabaireacht liom faoi na hiontais a bheadh le feiceáil sa mbaile agus ar fud na cruinne, ó Thóiceo go Toraigh…

‘Is buí le bocht an beagán’ agus sinn ag súil le 2021

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

‘Remember hugs, foreign travel, live music, sports and standing at the bar in your local? It’s all coming back in 2021.’

Sin a deir an saoi Old Moore in almanag na bliana seo ar chuma ar bith agus sásaíonn sin mise. ‘Is buí le bocht an beagán’ a deir an seanfhocal.

An t-am seo anuraidh shuigh mé ar an gcathaoir seo agus bhrúigh mé na cnaipí ceannann céanna ag clabaireacht liom faoi na hiontais a bheadh le feiceáil sa mbaile agus ar fud na cruinne, ó Thóiceo go Toraigh. Faoi dheireadh, murar ar athló a bhíodar curtha, bhí cuid mhaith den mhealltacht agus den snas bainte díobh faoin am ar tharla siad.

Tá an ‘Sean-Mhórdhach’ go maith. Murach go bhfuil ní bheifí fós ag díol beagnach 50,000 cóip dó 257 bliain tar éis do Theophilus Moore an chéad eagrán a fhoilsiú i 1764 – múinteoir teangacha a bhí ann dála an scéil, an Ghaeilge ar cheann acu.

Deirtear to ndearna siad tuar ar an Covid-19 ar leathanaigh an almanaig 2020.

Fógraíodh freisin go gcaillfeadh Donald Trump an toghchán sna Státaí. Ní dhearnadar chomh maith sin leis an bpeil agus leis an iománaíocht – Ciarraí agus Cill Chainnigh a bhí roghnaithe, cé go raibh an ceart acu le hÁth Cliath agus Tiobraid Árann an bhliain roimhe sin.

In eagrán 2021 deir siad go dtabharfaidh iománaithe Luimnigh Corn Mhic Cárthaigh abhaile leo agus gur ag Maigh Eo a bheidh Sam. Meastar freisin gurb iad Aston Villa a bhuafaidh Príomhroinn Sacair Shasana agus gur ag an bhFrainc a bheas Craobh na Sé Náisiún.

‘Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éicint,’ a deir seanfhocal eile. Fós is deacair an dea-rud a rá faoin aicíd a d’fhág cuibhrithe le trí ráithe muid, ach amháin go bhfágann sé, faoi láthair ar aon nós, nach bhfuil ach fanacht 8 mí orainn (in áit ceithre bliana) go bhfeicfidh muid Cluichí Oilimpeacha. Seachtainí ina dhiaidh sin tá Corn Ryder le bheith ar siúl. Níos gaire de láthair beidh Euro 2020 ar siúl feadh na hEorpa i gceartlár an tsamhraidh.

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Feileann sin iad siúd a bheidh sínte ar an tolg, ach ní hionann scéal d’fhormhór na lúthchleasaithe Oilimpeacha go háirithe. Is beag acu sin nach bhfuil ag brath ar obair de chineál éicint le greim a choinneáil ina mbéal. D’fhág cealú 2020 go bhfuil siad ag iarraidh a bheith á ionramháil sin agus ag iarraidh a bheith i mbarr a maitheasa d’ócáid a bheidh ar bun 12 mí níos deireanaí ná a bhí súil acu leis.

Cuimhnigh freisin go bhfuil athrú bunúsach ar an am a bhí leagtha síos faoina mbeadh deis acu na caighdeáin cháilithe a bhaint amach – trí bliana caite acu ag díriú ar spriocdháta a bhí socraithe do Mheitheamh 2020 ach atá anois tugtha chun cinn go dtí 2021. An baol freisin ann idir an dá linn go dtiocfadh daoine eile chun cinn a dhéanfadh níos fearr ná iad.

I bhfianaise an bhracháin a rinneadh den chluiche leathcheannais craoibhe i bPeil na mBan idir Corcaigh agus Gaillimh, ní dóigh go bhfuil aon dul as ach cónascadh a dhéanamh idir iadsan, an Cumann Camógaíochta agus Cumann Lúthchleas Gael. Ba dheas an rud é dá dtiocfadh dlús faoi in 2021 – níl ann ach an ceart ar aon nós ós rud é go bhfuileadar ceangailte ag an leibhéal is bunúsaí, na clubanna.

Ceist nach mbeidh chomh héasca a réiteach agus nach bhfuil aon bhaol ann ach an oiread go n-imeoidh sí, is ea an toradh atá ar an dáileadh a dhéanann CLG ar an airgead a thugann siad amach le forbairt a dhéanamh ar na cluichí. Scór bliain ó shin chuir siad tús leis an scéim tacaíochta arbh é a chuspóir cúnamh a thabhairt do chuile chontae. Tá sin déanta aige ach gurb é an ceannas atá ag foirne peile Átha Cliath le blianta beaga an toradh atá air sa gcód sin – cé nach d’aon ghnó a tharla sin.

Foireann bhucach Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Faoi láthair tá 1.3 milliún duine i gcontae Bhaile Átha Cliath, níos mó ná atá i gCúige Mumhan ar fad agus nach mór a thrí oiread agus atá i gConnachta. Is fíor gur i gCorcaigh is mó atá clubanna de chuid CLG, ach ó thaobh uimhreacha imreoirí agus daonra, cuireann na cinn atá sa bpríomhchathair i bhfad, i bhfad níos mó foirne chun páirce.

B’in ba chúis leis an díospóireacht a bhí ann le gairid nuair a tháinig sé chun solais go bhfuair siad beagnach €18 milliún idir 2007-2018, a 25 oiread agus a fuair Maigh Eo a d’imir iad i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Ní uisce faoi thalamh ná mailís is cúis leis – líon na ndaoine, sin eile.

Tiocfaidh an chaint faoi Áth Cliath a roinnt ina chodanna chun cinn arís sa mbliain seo amach romhainn. Is é is simplí le déanamh is dócha, ach is é freisin is mó a mbeidh samhnas ag baint leis.

Fiú beagnach 140 bliain tar éis a bhunaithe thiocfadh a leithéid salach ar an tuiscint atá ag go leor dá baill ar fhréamhacha agus ar anam na heagraíochta.

Fág freagra ar '‘Is buí le bocht an beagán’ agus sinn ag súil le 2021'