Is breá liom an tréimhse réamh-Oireachtais seo, nuair a bhraitear go bhféadfadh rud ar bith tarlú…

Agus an tOireachtas buailte linn, chuir Tuairisc.ie ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. Tá Emma Ní Chearúil, atá ainmnithe don ghradam ‘Réalt Óg na Bliana’, linn an iarraidh seo…

Is breá liom an tréimhse réamh-Oireachtais seo, nuair a bhraitear go bhféadfadh rud ar bith tarlú…

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Fiántas! Leitir Ceanainn 2012. Cuireadh Cuallacht Cholmcille agus Cuallacht UCC in aontíos i mbrú óige lasmuigh den bhaile agus nach againn a bhí an time. Ardaíonn mo chroí le teann áthais ag cuimhneamh ar an diabhlaíocht. Bheartaíomar ‘Biongó Oireachtais’ a imirt agus chaitheamar an deireadh seachtaine ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile. Ní fhéadfainn cuid de na scéalta a athrá, ach chothaíomar cairde buana an bhliain sin!

2. An rud is fearr faoin Oireachtas:

An comhluadar, gan amhras. Is breá liom an ceol agus damhsa a bhíonn ag croílár na féile, ach treisíonn na daoine áille craiceáilte an bheocht agus an bhrí a sholáthraíonn siad!

3. An rud is measa faoin Oireachtas…

Filleadh ar an obair ina dhiaidh. Creidim go láidir gur cheart go mbeadh Luan an Oireachtais ina lá saoire poiblí d’eagraíochtaí Gaeilge.

4. Citywest?

Admhaím nár thaitin an t-ionad rómhór liom in 2015, toisc go raibh mé i mo mhac léinn ag an am agus bhíomar scartha ón bhféile inár halla féin, rud a bhain go mór ón eispéireas.  Ní maith ach an oiread a laghad lóistín sa gceantar do mhic léinn a bheadh ag taisteal. Sin ráite, táim dóchasach go mbeidh spraoi againn an deireadh seachtaine seo chugainn, ní hé an t-ionad ach an slua is tábhachtaí ag deireadh an lae.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas
Freastalaígí ar na comórtais – bain triail as dul ag breathnú ar na lúibíní mura bhfuil tú i dtaithí ar na comórtais amhránaíochta. Is breá liom féin steip na n-óg go háirithe, is gearr le puipéid bheaga ar an ardán iad!

Ní stopann an ceol nuair a stopann an rince. Gabh sa tóir ar an gcraic ag na seisiúin rúnda i ndiaidh Chlub na Féile.

Ciall cheannaithe atá sa nós breathnú ar Chorn Uí Riada ar theilifís an tseomra óstáin – amhránaíocht álainn (agus ábhar spruschainte don oíche) ach beidh cead cainte ag an té a bhíonn róghiodamach a bheith suite sa halla go fadálach foighdeach!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Ceist chonspóideach ach roghnóinn Club na Féile thar aon oíche ná aon ócáid eile ó thús deireadh na bliana. Ní fhéadfá an ragairne, an raic, ná an chraic a mhíniú don té nach bhfaca lena shúile cinn é, níl insint béil (ná méarchláir!) ar an spraoi, ach a rá nach bhfuil a shárú ann!

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Comórtas bréagéadach riachtanach do chách!

Dáiríre, ba dheas dá mbeadh comórtas beag nó seisiún d’amhránaithe nach bhfuil seantaithí ar an sean-nós acu.  Tá aithne agam ar amhránaithe maithe a bhfuil a gcroí sa sean-nós acu ach nach mbeadh ar chomhchaighdeán leo siúd a chuireann isteach ar na comórtais phroifisiúnta agus a bhfuil amhránaíocht acu ón gcliabhán.  Tá lucht freastail na féile ag forbairt i gcónaí agus ba dheas deis a thabhairt dóibh siúd ar spreag an tOireachtas iad tabhairt faoin amhránaíocht den chéad uair, chomh maith leo siúd a bhíonn tumtha sa traidisiún ar feadh a saoil.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Pócaí folamh ’s cloigeann tinn! Ach níos deise ná ceachtar acu sin ná an gliondar croí a eascraíonn as a bheith ag castáil le seanchairde agus a bheith i mbun damhsa agus diabhlaíochta.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Cúpla bliain ó shin d’éirigh mé maidin Shathairn le dul ag rith agus neart uisce a ól ag tús an lae. D’airigh mé thar cionn cé go raibh chuile dhuine i mo theannta in umar na haimléise. Táim óg i gcónaí, ach bhí mé níos óige an t-am sin agus ní aithním an cailín beoga sin níos mó. Dioralyte mo shlánaitheoir anois ar na saolta seo.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Tá cuimhní geala agam ó nach mór chuile Oireachtas go dtí seo. Is dócha go gcuimhneoidh mé le cion i gcónaí ar an gcéad uair dom freastal ar an bhféile. Níor thuig mé céard a bhí i ndán dom.

Is breá liom an tréimhse réamh-Oireachtais seo, nuair a bhraitear go bhféadfadh rud ar bith a bheith ar na bacáin dúinn. Agus cá bhfios, seans go mbeidh an tOireachtas seo ar an gceann is fearr fós!

Fág freagra ar 'Is breá liom an tréimhse réamh-Oireachtais seo, nuair a bhraitear go bhféadfadh rud ar bith tarlú…'