‘Is baolach nach i gcúrsaí tráchta amháin a bhí mí-iompar ar bun’ – Coimisinéir na nGardaí

Tuairiscíodh go dtabharfaidh an Coimisinéir Nóirín O’Sullivan le fios amárach go bhfuil an fhadhb maidir le brionnú tuairiscí san fhórsa níos forleithne ná mar a shíltear

‘Is baolach nach i gcúrsaí tráchta amháin a bhí mí-iompar ar bun’ – Coimisinéir na nGardaí

Nóirín O’Sullivan. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

D’fhéadfadh an fhadhb maidir le brionnú tuairiscí sa Gharda Síochána a bheith i bhfad níos forleithne ná mar a shíltear, dar le Coimisinéir an Gharda Síochána, Nóirín O’Sullivan.

Tuairiscíodh tráthnóna go dtabharfaidh an Coimisinéir le fios amárach do Choiste Dlí an Oireachtais gur baolach go bhfuil níos mó ná cúrsaí tráchta i gceist leis an scannal is déanaí san fhórsa.

De réir tuairisce ag an Irish Independent, déarfaidh an Coimisinéir ina ráiteas amárach gurb é an “imní is mó atá uirthi” nach taobh le cásanna a bhaineann le ciontuithe tráchta amháin a tharla brionnú ar thuairiscí.

Gabhfaidh an Coimisinéir leithscéal thar ceann an fhórsa as na “botúin thromchúiseacha agus an mí-iompar” i dtaobh na dtástálacha falsaithe agus déarfaidh sí gur “teip” eagraíochta a bhí i gceist.

Agus í ag admháil go bhféadfadh an fhadhb maidir le brionnú tuairiscí a bheith i bhfad níos mó ná mar a shíltear, maífidh an Coimisinéir go gcaithfidh gach duine san fhórsa a raibh baint acu leis an mí-iompar a gcuid féin den fhreagracht a ghlacadh.

Déarfaidh sí go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha le freagairt faoi bhainistiú an Gharda Síochána agus faoi iompar Gardaí áirithe.

“I bhfianaise a fhorleithne is atá na fadhbanna seo, ní féidir an milleán a leagan ar aon duine amháin ná ar dhaoine in aon cheantar amháin. Teip chomhchoiteann atá ann. Ó bhun go barr [an fhórsa]”.

Fág freagra ar '‘Is baolach nach i gcúrsaí tráchta amháin a bhí mí-iompar ar bun’ – Coimisinéir na nGardaí'