Is ait liom uaireanta an meon aigne seo i leith na sraithe

Thug an sos coicíse deis do na foirne go léir anáil a tharraingt agus tabhairt faoin gcuid dheireanach den tsraith le faobhar breise

Is ait liom uaireanta an meon aigne seo i leith na sraithe

Bhí an sos sin ag teastáil de réir dealraimh.

Cé nach bhfuil ach coicíos ann ó facthas cluichí sraithe go deireanach, thug an choicíos sin deis nó aga do na foirne go léir anáil a tharrac agus tabhairt fén gcuid dheireanach den tsraith le faobhar breise.

Ba chosúil ón méid a bhí le rá ag bainisteoir Chiarraí, Jack O’Connor, tar éis a mbua ar Thír Eoghain i mbabhta 5 na sraithe i gCill Airne go mbraith sé go raibh na trí chluiche sraithe as a chéile in imeacht coicíse, babhta 3, 4 agus 5, iomarcach agus go raibh a rian san le feiscint ar theannáin na n-imreoirí, a bhí, dar leis an gConchúrach á dtarrac ar nós sreanganna giotáir.

Ní hé port Chiarraí amháin é, dar ndóigh, mar ba léir go raibh Lee Gannon Átha Cliath agus Eoghan McLoughlin Mhaigh Eo leis ina n-eiseamláir den ualach a chuirtear ar theannáin na hioscaide an tráth seo den mbliain.

Ní dócha gurbh aon fheabhas a thiocfaidh ar chúrsaí an deireadh seachtaine seo toisc gur ar éigean a stad an bháisteach in aon chor sa choicíos sin a bhí saor ó chluichí ag na himreoirí.

Tá an talamh báite agus is cuma cén síothlú atá ar an bhfód, beidh a chíos féin le tógaint aige ón gcorp as seo go deireadh na sraithe an tseachtain seo chughainn.

Beidh seachtain bhreise ag na foirne sin a bhaineann cluichí ceannais na sraithe amach, gan dabht, ach braithim ó bhriathra agus ó gheáitsí fhoirne áirithe i Roinn 1 go mbeidís breá sásta dá bhfanfaidís mar a bhfuilid gan an cluiche ceannais a bhaint amach agus gan titim go Roinn 2 ach an oiread.

B’ait liom i gcónaí an meon aigne sin i leith na sraithe agus is ait liom fós inniu é ach ceann de na torthaí atá ar an mbiaiste scoilte caide atá againn ná gur leasc le himreoirí leochaileacha, go háirithe, luí amach orthu féin i dtreo deireadh sraithe toisc gur tubaiste de shórt a bheadh ann aon ghortú a theacht anois ort agus an obair déanta don gcraobh.

Éachtaint eile ar a bhfuil ar na bioráin ag foirne ná an bhéim atá á leagadh ar na campaí traenála thar lear acu. Is gearr go mbeidh Ciarraí agus Doire ag tabhairt fén Algarve ar chósta na Portaingéile agus beidh Áth Cliath ag scaoileadh fén Costa Blanca. Tá na haon tseans gurb iad Doire agus Áth Cliath a bheidh in adharca a chéile i gcluiche ceannais na sraithe ar Dhomhnach Cásca ach b’fhéidir gur mó an luach a chuirfidh siad ar na campaí traenála atá rompu ná bonn eile sraithe – chífimid.

Deinim amach gur in íochtar sraithe ins na ceithre ranna a chífidh tú an sprid agus an iarracht is fearr as seo go ceann seachtaine. Téann an iarracht sin i ngan fhios dúinn go minic toisc go mbíonn ár n-aird dírithe ar uachtar sraithe ag teannadh le deireadh feachtais ach níl aon dream níos fearr chun troid go dtí’n ionga dheireanach ná Muineachán. Is dóigh liom féin go bhfuil a bport seinnte an uair seo ach más féidir leo Tír Eoghain a tharrac isteach sa lathaigh in éineacht leo agus an dá phointe sraithe a bhuachtaint san Ómaigh, tiocfaidh claochlú aríst ar an scéal.

Bhí léas dóchais éigin do Vinny Corey agus a bhuíon i dtámáilteacht Thír Eoghain coicíos ó shin i gCill Airne. Bhí Tír Eoghain in éagmais beirt chosantóirí, Michael McKernan agus Aidan Clarke, ag tabhairt fé Staid an Ghearaltaigh  agus d’fhág beirt eile, Peter Harte agus Conn Kilpatrick, Cill Airne le gortuithe. Fós féin, bhí taispeántas Thír Eoghain chomh leachta sin go gcaithfidh gur cúis imní do Bhrian Dooher é an easpa gearrtha agus faobhair a bhí iontu. Ní tréithe iad sin a luafá le Tír Eoghain agus tabhair fé ndeara nach tréithe iad a bheadh uait agus tú ag dul sa ghleo in aghaidh Mhuineacháin ach an oiread. Má chailleann siad in aghaidh na gcomharsan, beidh ar Thír Eoghain tabhairt fé Pháirc a’ Chrócaigh an tseachtain seo chughainn ar thóir pointí sraithe a slánaithe. Níor mhaith liom bheith ag brath air sin.

Ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mbuafadh Ros Comáin ar Chiarraí i bPáirc de hÍde amáireach. Chaithfeadh speach a bheith in aon fhoireann a d’imir mar a dhein Ros Comáin sa chéad fiche nóimeat in aghaidh Mhaigh Eo coicíos ó shin i gCaisleán an Bharraigh. Cuir leis sin nach bhfuil Ros Comáin cloíte sa Hyde go nuige seo agus tuigfidh tú go bhfuil rud le cosaint agus fód le seasamh ag foireann Davy Burke. N’fheadar an bhféadfadh Ciarraí an rud céanna a rá? Tá rud éigin ag rá liom go bhfuil leathshúil acu ar an aimsir bhreá sa Phortaingéil.

I Roinn 2, tá foireann Chorcaí fillte abhaile óna dturas siúd ar an bPortaingéil agus más féidir leo an imirt dhíreach neamh-leithscéalach a bhí acu in aghaidh Chill Dara coicíos ó shin a athchruthú arís i bPáirc Tailteann, beidh an cor tugtha acu don dTailteann eile, Corn Tailteann don mbliain 2024. Dála Roinn 1, tá cluiche na sé phointe sraithe in íochtar tábla idir an Lú agus Fear Manach. Dá bhféadfadh an Lú é sin a bhuachtaint, bheadh satailte acu ar Fhear Manach ar a slí aníos agus d’fhágfadh san gur fúthu féin a bheadh a slánú in aghaidh Chill Dara Dé Sathairn seo chughainn i gCeatharlach.

Fág freagra ar 'Is ait liom uaireanta an meon aigne seo i leith na sraithe'

  • JP

    Ní thuigim an t-éasc mínádúrtha seo atá i bpeileadóirí na linne seo agus é á gcur ó mhaith go síoraí seasta .i. teannáin na coise bheith ag teip orthu. An b’é an síneadh is an searradh ar fad fé ndear é, nó bia na Costas gan bheith ag réiteach leo nó iad a bheith chomh haiclí céanna le capaill ráis Cheltenham? An chéad uair riamh a d’airíos féin trácht ar ‘hamstring’ cheapas gur rud éigint sa mhuic ab ea é.

  • JP

    ‘na teannáin á dtarrac ar nós sreanganna giotáir’….agus ‘a bport seinnte’…!
    Is breá liom i gcónaí an Cinnéideach binnbhréithreach, cliste seo a léamh.