IRISH TV

Níl sé ródheireanach cur isteach ar chúrsa láithreoireachta Irish TV

imgres

Tá sé fógartha ag Irish TV go mbeidh cúrsa réamhléiritheach i scileanna láithreoireacht teilifíse á reáchtáil acu.

Bíonn an stáisiún i gcónaí ag cuardach láithreoirí úra nua le cur leis an bhfoireann ghníomhach a bhfuil an-fhorbairt tagtha uirthi le linn na bliana.

“Táimid i gcónaí ag forbairt cláir nua agus ag cuardach tallainne nua, agus beidh an cúrsa seo ríthábhachtach ó thaobh traenála de le haghaidh láithreoirí agus céimí a dteastaíonn uathu slí bheatha a bhaint amach san earnáil teilifíse,” a mhínigh Príomhfheidhmeannach Irish TV, Piaras Ó Raghallaigh.

“Táimid ag lorg daoine a bhfuil paisean agus pearsantacht don teilifís acu, agus fad is atá muid ag fás agus ag forbairt i Meiriceá, An Astráil agus an Áis, tá sé fíorthábhachtach láithreoirí a bheidh mar ionadaí do Irish TV sna margaí nua seo,” a dúirt Ó Raghallaigh.

Beidh an cúrsa á reáchtáil ag foireann a bhfuil ardscileanna ar a dtoil acu agus a bhfuil an-chur amach acu ar earnáil na teilifíse. Beidh scríbhneoireacht don teilifís, láithriú chuig ceamara, oibríochtaí an cheamara, guthú, stiúrthóireacht, scileanna an léiritheora, scileanna agallaimh agus teicnicí san áireamh. Sa lá atá inniu ann, tá an-iomaíocht sna meáin chumarsáide agus teastaíonn portfolio ó chuile láithreoir. Beidh dreas fótagrafaíochta ag gach páirtí ó ghrianghrafadóir proifisiúnta.

“Tar éis dóibh an cúrsa seo a dhéanamh, beidh breis roghanna faoina slí bheatha sna meáin ag na rannpháirtithe. I ndiaidh an chúrsa, chomh maith le scileanna láithreoireachta teilifíse, beidh léargas níos cruinne ag na rannpháirtithe ar an earnáil teilifíse,” dar le Ó Raghallaigh.

Reáchtálfar an cúrsa thar dá lá, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh,  7 Feabhra agus 8 Feabhra.

Is é costas an chúrsa ná €300, agus clúdaíonn sé sin lón an dá lá, ábhar, oiliúint agus DVD do gach rannpháirtí don triail scáileáin.

Beidh an cúrsa ar siúl idir a 9am agus 5pm an dá lá thuasluaite in Ostán Knockranny, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, agus ní mór do dhaoine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh ann a n-áit a chur in áirithe roimh ré.

Má tá suim agat ann, féadfaidh tú clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig info@irishtv.ie nó glaoch ar phríomhoifigí Irish TV ag 098-56582.