Iosrael agus an Phalaistín – dhá phobal atá ag fulaingt tráma stairiúil

Caithfear comhbhá agus tuiscint a léiriú do scéal Ghiúdaigh Iosrael má tá athmhuintearas agus síocháin le baint amach in Iosrael/An Phalaistín

Iosrael agus an Phalaistín – dhá phobal atá ag fulaingt tráma stairiúil

Ní ráiteas conspóideach é ag formhór daoine in Éirinn a rá nach ionann tuiscint a bheith agat don chomhthéacs inar tharla ionsaí barbartha Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus tacú leis an ionsaí sin nó leithscéalta a dhéanamh ar a shon.

Tuigeann muid ónár stair féin conas mar is féidir le leatrom ar phobal thar bhlianta fada na tosca ina dtarlaíonn foréigean polaitiúil a chothú. Tuigimid gur pobal iad na Palaistínigh atá ag fulaingt mar gheall ar dhíshealbhú, leatrom agus tráma stairiúil, agus ní haon ábhar iontais dúinn go dtiocfadh an foréigean agus an t-antoisceachas chun cinn dá bharr.

Ach b’fhéidir nach dtugann muid go leor airde in Éirinn ar an tráma stairiúil atá tar éis a rian a fhágáil ar phobal Giúdach Iosrael, agus ar Ghiúdaigh ar fud an domhain – tráma an Uileloiscthe.

Idir 1941 agus 1945 mharaigh na Naitsithe 6 mhilliún Giúdach. Ní féidir le héinne againn nach bhfuil an oidhreacht sin againn a thuiscint cén tionchar a bheadh ag a leithéid orainn.

Mná, páistí agus seanóirí curtha chun báis go neamhthrócaireach. Tithe curtha trí thine agus na háitritheoirí sceimhlithe fós laistigh. Páistí brúite isteach i seomra agus sléacht déanta orthu. Giúdaigh, gan chosaint.

Tá imeachtaí an 7 Deireadh Fómhair níos cosúla le himeachtaí an Uileloiscthe ná rud ar bith a tharla do Ghiúdaigh idir an dá linn. Ní nach ionadh go bhfuil sé ag spreagadh cuimhní na tubaiste sin d’Iosraelaigh agus do Ghiúdaigh ar fud an domhain.

Ar feadh i bhfad chreid Iosraelaigh agus Giúdaigh go raibh an tUileloscadh, nó an Shoah mar a thugann na Giúdaigh air, ar leibhéal difriúil ó fhulaingt nó tubaiste ar bith eile, agus nach bhféadfaí comparáid a dhéanamh eatarthu. Ach tá athrú suntasach tagtha air sin i ndiaidh an 7 Deireadh Fómhair.

‘Bhí riail dhaingean agam gan an focal Shoah a úsáid i gcomhthéacs ar bith eile seachas an tUileloscadh’, a scríobh an tráchtaire polaitiúil Iosraelach Ben Caspit sa nuachtán Iosraelach Maariv.

“Nuair a théann páistí Giúdacha i bhfolach i seomra cosanta agus nuair a ghuíonn a dtuismitheoirí faiteacha nach ndéanfaidh siad gol ionas nach dtiocfaidh na creachadóirí chun an tigh a chur trí thine, Shoah atá ann.”

Anois is féidir leat aontú nó easaontú ar bhonn intleachtúil leis an gcomparáid, ach ní hin an pointe tábhachtach. An pointe tábhachtach ná gur seo na mothúcháin atá á spreagadh ag imeachtaí an 7 Deireadh Fómhair sa phobal atá múnlaithe ag eispéireas stairiúil an Uileloiscthe.

Agus díreach ar an tslí chéanna nach ionann labhairt faoin gcomhthéacs inar tharla barbarthacht Hamas agus tacú léi, ní hionann labhairt faoi thionchar an Shoah ar Iosraelaigh agus Giúdaigh agus tacú leis an sléacht atá á dhéanamh ag Iosrael ar phobal Gaza.

Is coimhlint thar a bheith casta í an choimhlint Iosraelach-Palaistíneach agus cuid den chastacht sin ná go bhfuil muid ag caint faoi dhá phobal atá ag fulaingt tráma stairiúil – tráma an Shoah i gcás na nGiúdach agus tráma an Nakba agus an fhulaingt a lean é i gcás na bPalaistíneach.

Is é an slad atá á dhéanamh ar phobal Gaza an phríomhthragóid atá ag tarlú faoi láthair. Ach fo-thragóid de is ea an tslí a bhfuil sliocht íospartaigh an Shoah – agus ní den chéad uair é – ag déanamh ceann de mhórchoireanna daonnachtúla na linne.

In ainneoin leatrom na cinedheighilte san Afraic Theas, tháinig Nelson Mandela ar an tuairim go raibh air meon agus sícé an phobail ghil Afracánaigh a thuiscint chun síocháin agus athmhuintearas a bhaint amach.

Thóg sé air féin a dteanga a fhoghlaim, fiú agus é ina phríosúnach acu. Tá claonadh nádúrtha ionainne in Éirinn ionannú leis na Palaistínigh, an dream díshealbhaithe. Ach níl an pobal Giúdach Iosrael ag imeacht áit ar bith agus caithfidh siad a bheith mar chuid de réiteach na faidhbe. Caithfear comhbhá agus tuiscint a léiriú dá scéal má tá athmhuintearas agus síocháin le baint amach in Iosrael/An Phalaistín.

Fág freagra ar 'Iosrael agus an Phalaistín – dhá phobal atá ag fulaingt tráma stairiúil'

  • Pat Butler

    Niorbh iad na Palaistínigh a d’imir an Shoah Uileloiscithe Naitsíoch ar Ghiúdaigh.

    Síonaigh – Giúdaigh ar an eite is faide ar dheis a chreid in Eretz Israel (Iosrael Leathanaithe – ón Abhainn go dtí an Fharraige) a d’imir an Nakba ar Phalaistínigh 1947/48. An Stern Gang, an Irgun, an Hagannah.

    Níorbh fhada ag foghlaim ón S.S, ó na Reich Trúpaí, ó na Einsatzgruppen a bhí na Einsatzgruppen Síonacha sin.

    Cé d’imir Shoah an 7ú Deireadh Fómhair ar Iosraelaigh? Hamas na bPalaistíneach.

    Cé a mhúin dóibh conas sin a dhéanamh???

    Éinne a cheap nach bhféadfaí Nakba 47/48 a shárú, féach ar leanaí nuabhreithe al Shifa inniu.

    Tá freagra ann. Le ‘Today Tonight’ a bhíos ag obair i 1988 nuair a chuireas an cheist seo leanas ar Yasser Arafat…

    ‘Dá cheilfeadh Stáit Aontaithe Mheiriceá na billiúin bliantiúla tacaíochta sin ar Iosrael, ná bheadh réiteach faighte eadaraibh laistigh de sé mhí?’

    ‘Sé mhí???’, arsa Arafat liom. ‘Sé lá’!!!!! ‘Sé lá. Mar a thárla i 1956 nuair a d’ordaigh Eisenhower dóibh éirí as a n-ionradh ar an Éigipt…..’

    Bheul Joe Biden? Cad faoi trial a bhaint as leabhar beartaíochta Eisenhower?

    Agus n’fheadar an smaoineodh Comhairle Bhaile Dhún Dealgain ar Shaoirse an Bhaile a aistharraingt uaidh go dtí go ndeineann Biden amhlaigh?
    Cad tá le rá ag Gaeil Mheiriceá le Joe ar an ábhar céanna, sa réamhbhliain toghchanaíochta seo?

    San eadarlinn, go ndéana Dia trócaire ar an dá threibh Sheimiteacha – treibh na cumhachta agus na seilbhe – Iosrael : treibh na díchomhachta agus na dísheilbhe – na Palaistínigh.

  • Seán Mac an Rí

    Is maith an rud é go bhfuil Fachtna ag tarraingt airde ar an samhnas, eagla agus sceon a mhúscail sléachtanna 7 Deireadh Fómhair sa phobal Giúdach agus Iosraelach – sin rud nár chualathas mórán faoi sna meáin Ghaeilge. Bíonn daoine ag cáineadh Iosrael amhail is gurb é ‘máthair gach oilc’ sa réigiún é – ach mura raibh Iosrael ann an mbeadh síocháin agus comhbhráithreachas ann sa Mheánoirthear? Ní dóigh liom é. Mharaigh fórsaí Assad 306,000 sibhialtach ar a laghad i gcogadh cathartha Shiria ach ní cuimhin liom mórán tuairiscí faoi sin sna meáin Ghaeilge (agus go deimhin ní dhearnadh mórán plé air ar ‘Tús Áite’). Má thug Ó Drisceoil ‘mórchoir dhaonnachtúil’ ar an slad a rinne Assad ar a phobal féin, ní cuimhin liom é.

    Mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 10,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS – arís, is beag a chualamar faoi sin sna meáin Ghaeilge ná ar Tús Áite. Glacadh leis ag an am gur trua é go raibh an oiread sin sibhialtach maraithe ach tuigeadh gurb é sin an praghas atá le híoc uaireanta nuair atáthar ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú.

    Ach nuair is mian le hIosrael é féin a chosaint i gcoinne grúpa sceimhlitheoireachta, bhuel, go tobann cuireann cách an-suim i gcúrsaí an Mheánoirthir, is saineolaí cách ar pholaitíocht an réigiúin, tuigeann gach duine an dlí idirnáisiúnta maidir leis an gcogaíocht (agus go bhfuil se á bhriseadh ag Iosrael), agus tá sé soiléir do gach éinne gur cheart do na hIosraelaigh ‘socrú síochána’ a dhéanamh le Hamas chun an choimhlint a réiteach (samhlaigh dá ndéarfaí gur cheart socrú síochána a dhéanamh le ISIS!). An t-aon fhadhb atá ann ná go bhfuil Hamas ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú (dúirt urlabhra Hamas an tseachtain seo caite go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann Hamas le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).

  • Anna

    Níor chóir a bheith ag tabhairt le fios go bhfuil ‘na Giúdaigh’ i gceannas ar chúla téarmaí.
    Tá raon leathan tuairimí i measc Giúdaigh faoi Iosrael agus an Phalaistín.

    Mar shampla, léirigh suirbhé i 2021 nár shíl ach duine as gach triúr Giúdach Meiriceánach go raibh iarracht ionraic ar siúl ag Iosrael teacht ar shíochán leis na Palaistínigh.
    Agus tagann cuid mór den tacaíocht daingean i gcóir Iosrael i Meiriceá ó Chríostaithe ‘Evangelical’.