‘Ní tharlódh sé in aon tír eile’ – ‘ionsaí maslach’ ón stát ar chearta teanga é achomharc Ard-Chúirte

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go dtarraingeofaí siar ‘láithreach bonn’ achomharc atá á dhéanamh ag an Roinn Tithíochta in aghaidh breith Ard-Chúirte faoi chearta teanga

‘Ní tharlódh sé in aon tír eile’ – ‘ionsaí maslach’ ón stát ar chearta teanga é achomharc Ard-Chúirte

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go dtarraingeofaí siar “láithreach bonn” achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta in aghaidh breith Ard-Chúirte faoin dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe a chur ar fáil.

Athdhearbhaíodh san Ard-Chúirt mí Bealtaine an dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

D’éirigh san Ard-Chúirt le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh ionstraim rachtúla ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Chinn an Breitheamh sa chás sin go gcaithfí ionstraimí reachtúla áirithe a chur ar fáil trí Ghaeilge agus dúirt sí nár bhain a cinneadh féin ach leis na hionstraimí sin.

Deir Conradh na Gaeilge gur “ionsaí” ar phobal na Gaeilge atá san achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta faoin chinneadh sin, ‘ionsaí’ a léiríonn “naimhdeas follasach” an státchórais i leith cearta teanga.

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur cinneadh “náireach” a bhí sa chinneadh a rinne an Roinn Tithíochta achomharc a dhéanamh i gcás a bhain le cearta teanga shaoránaigh de chuid an stáit.

“Is bocht an scéal é go bhfuil an córas Stáit á úsáid chun cur in aghaidh cearta teanga seachas seasamh le pobal labhartha na Gaeilge.  Tá sé níos measa fós go bhfuil achomharc na Roinne Pleanála maoinithe ag cáiníocóirí na tíre, grúpa a sheasann le pobal na Gaeilge.

“Tá sé soiléir go bhfuil difríocht shuntasach anois idir reitric oifigiúil an Stáit, mar atá léirithe i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, agus fíorpholasaí an státchórais i leith na Gaeilge, mar atá léirithe sa chinneadh atá déanta ag an Roinn Tithíochta iarracht a dhéanamh na cearta teanga a bhronn an Breitheamh O’Hanlon san Ard-Chúirt a bhaint in athuair.”

Dúirt Comer go raibh sé “uafásach, agus maslach” go raibh an Roinn Tithíochta ag “léiriú an easpa measa” ar an Ghaeilge agus go rabhadar ag obair “go coinsiasach chun cearta teanga a bhaint den phobal”.

“Ní tharlódh a leithéid in aon tír eile ar domhan,” a dúirt sé.

Thug Siobhán Denvir-Bairéad an cás in aghaidh an stáit san Ard-Chúirt toisc nach raibh fáil i nGaeilge ar reachtaíocht a bhain le hachomharc faoi chúrsaí pleanála atá ar bun ag na hiarratasóirí.

Tá na hiarratasóirí ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a gcuid talún ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála “míréasúnta”.

Chinn an Breitheamh go gcaithfí ionstraimí reachtúla áirithe a chur ar fáil trí Ghaeilge agus dúirt sí nár bhain a cinneadh féin ach leis na hionstraimí sin.

Sheas an Breitheamh Uí Anluain leis na cearta teanga Bunreachtúla a deimhníodh cheana i gcásanna éagsúla, ina measc Ó Beoláin v Fahy agus Ó Gribín v An Roinn Oideachais. Cinneadh sna cásanna sin go raibh dualgas ar an stát de réir an bhunreachta achtanna Oireachtais a achtaítear trí Bhéarla a aistriú go Gaeilge.

“Cé go bhfuil gá agus dualgas ann caitheamh leis an nGaeilge ar comhchéim leis an mBéarla, ní féidir leis na hiarratasóirí é sin a bhaint amach má leanann an neamart seo ar aghaidh.

“Tá daoine sa tír seo, go háirithe muintir na Gaeltachta, nó [iad] siúd nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht ach atá ag maireachtáil trí Ghaeilge, a bhíonn ag iarraidh an teanga a úsáid gach uile lá.

“Tá cearta bunreachtúla acu é sin a dhéanamh agus tá dualgas bunreachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar comhchéim leis an Bhéarla,” a dúirt an Breitheamh i gcinneadh na Cúirte.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh gá le “ceannaireacht” chun stop a chur leis an “síor-ionsaí” atá á dhéanamh ar an Ghaeilge.

“Tá gá le ceannaireacht phoiblí anois ó pholaiteoirí na tíre, ón Taoiseach anuas, chun stop a chur le síor-ionsaí an státchórais ar an nGaeilge agus úinéireacht a ghlacadh ar phróiseas le cinntiú go mbeidh cearta teanga iomlán ag lucht labhartha na Gaeilge.

“Ní leor na focail mhilse oifigiúla faoin nGaeilge fad is atá an córas stáit ag baint na gcosa dár gcearta teanga. Go deimhin tá sé dochreidte, ach fíor, gur mó cearta teanga a bheidh ag saoránaigh na hÉireann ón Aontas Eorpach ó thús na bliana seo chugainn nó mar atá ár Stát féin sásta a chur ar fáil dúinn.

“Tá sé seo go hiomlán mícheart agus caithfidh ár n-ionadaithe poiblí, atá tofa chun seasamh lenár gcearta, gníomhú láithreach,” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha.

Fág freagra ar '‘Ní tharlódh sé in aon tír eile’ – ‘ionsaí maslach’ ón stát ar chearta teanga é achomharc Ard-Chúirte'

  • Dónall

    Ach an oiread le Polasaí Oideachais Gaeltachta na Roinne Oideachais=Cur i gCéill & ag caitheamh airgead cáin íocóirí sa bpoll báite. Beidh fiosrúchán fós á lorg……

  • Séamus O Coscair

    Cé hiad na ndaoine sin? An bhfuil an tAire é fhéin atá I gceist.

  • Gabriel Rosenstock

    Croch ard chun a gcrochta is téad láidir chóir . . .