Seans gur cuimhin le duine nó beirt go mbíodh teach caife agam i nGaillimh tráth. Is minic a rith sé liom an t-am sin agus mé i mo sheasamh taobh thiar den chúntar gur áit an-leochaileach a bhí ann.
Bhíodh na sluaite istigh ann.
Ní raibh ach an t-aon bhealach isteach agus amach as.
Bheadh sé éasca ar dhuine amháin a lán dochair a dhéanamh.
Chuaigh eachtra an lae inné in Sydney i bhfeidhm orm go mór. Ní de bharr gur mheabhraigh sé sean-tromluí de mo chuid dom, ach toisc go raibh áit naofa faoi ionsaí.
Is ea, áit naofa.
Tá an sionagóg ag na Giúdaigh.
Tá teach an phobail ag Críostaithe.
Tá an mosc ag na Moslamaigh.
Rachainn chomh fada lena rá gurb é an teach caife teampall na treibhe liobrálaí, iar-reiligiúnda, domhanda.
Is ann a phléitear an saol.
Is ann a phléitear polaitíocht.
Is ann a scríobhtar leabhair.
Anois, is maith a thuigim nach bhfuil gach teach caife mar a chéile. Cuid de shlabhra tithe caife é Lindt’s Café i gcathair Sydney, mar ar tharla uafás an lae inné. Ach ní dhéanann sé sin aon difear. Is é coincheap an tí caife a bhí faoi ionsaí, agus leis sin luachanna na ndaoine a thaithíonn na háiteanna beannaithe seo leo.
Caoinfhulaingt.
Leathanaigeantacht.
Glacadh go fonnmhar le héagsúlacht an chine dhaonna.
Is é an peaca é gur peacaí marfacha iad sin i súile dhaoine áirithe eile.
Edel
Deascríofa, agus pointe spéisiúil
Seán Míchaél Ó Donnchadha
Alt deas ag Alex mar is ghnáth.An bhfuil aon áit sabháilte anois.