Ionad nua pobail do Inis Meáin in Aibreán 2021

Tá tús curtha leis an obair maidir le tógáil ionaid nua ar an oileán Gaeltachta

Ionad nua pobail do Inis Meáin in Aibreán 2021

Dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh tús curtha cheana féin leis an obair maidir le tógáil an ionaid nua ar an oileán Gaeltachta, obair a bhfuil breis is €450,000 curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta di.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a d’fhiafraigh  den Aire cén dul chun cinn a bhí déanta maidir leis an ionad pobail.

Is ag an sean-ionad tumadóireachta ar Inis Meáin atá an t-ionad nua á thógail. Chomh maith le halla don phobal beidh oifigí san ionad do chomhlacht forbartha an oileáin agus beidh mol digiteach ann chomh maith.

B’ionann an deontas ia ceadaíodh agus 90% de chostas an ionaid, a dúirt an tAire Stáit.

Fág freagra ar 'Ionad nua pobail do Inis Meáin in Aibreán 2021'