Iniúchadh le déanamh ar phróiseas leathanbhanda le dearbhú nach raibh sé ‘truaillithe’ ag dinnéir phríobháideacha Naughten – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil tráthnóna go raibh ceithre dhinnéar ar fad ag an iar-aire Cumarsáide Denis Naughten le David McCourt, cathaoirleach Granahan McCourt, an t-aon chomhlacht a bhí fágtha sa phróiseas tairisceana don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda

Iniúchadh le déanamh ar phróiseas leathanbhanda le dearbhú nach raibh sé ‘truaillithe’ ag dinnéir phríobháideacha Naughten – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach go bhfuil iniúchadh neamhspleách le déanamh ar an bpróiseas tairisceana don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda le dearbhú nach raibh an próiseas sin “truaillithe” ag na cruinnithe príobháideacha a bhí ag an iar-aire cumarsáide Denis Naughten le duine de na daoine a bhí istigh ar an bpróiseas.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil tráthnóna go raibh ceithre dhinnéar ar fad ag an iar-aire Cumarsáide Denis Naughten le le David McCourt, cathaoirleach Granahan McCourt, an t-aon chomhlacht a bhí fágtha sa phróiseas tairisceana don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Dúirt Leo Varadakar gur go gairid roimh mheán oíche aréir a thug Naughten le fios dó go raibh dinnéar príobháideach aige le McCourt agus an tAire Stáit Pat Breen in 2017.

Dúirt an Taoiseach gur labhair sé arís ar maidin le Naughten agus gur thug an t-iar-aire, a d’éirigh as tráthnóna,  le fios dó go raibh trí dhinnéar phríobháideacha eile aige le McCourt, cruinnithe nach raibh aon oifigigh roinne i láthair acu agus nach raibh aon mhiontuairiscí ina dtaobh.

Dúirt sé gur údar díomá dó éirí as Naughten mar gur fear “ionraic” é agus gur ar leas na tíre a d’éirigh sé as. Chaithfeadh sé féin leas na tíre a dhéanamh mar Thaoiseach i gcás “this unexpected turn of events”, a dúirt Leo Varadkar.

Bhí an Taoiseach ag labhairt sa Dáil tráthnóna faoi fhógra an Aire Cumarsáide Denis Naughten go raibh sé éirithe as mar aire mar gheall ar an gconspóid faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Dúirt an tAire Cumarsáide sa Dáil níos túisce tráthnóna go raibh sé éirithe as a chúram mar aire mar gheall ar an gconspóid faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Thug sé le fios go raibh ráite ag an Taoiseach leis nach raibh muinín aige as.

Dúirt sé gurb amhlaidh gur mó a bhain scéal a éirí as le “pobalbhreitheanna ná le pollaí teileachumarsáide”. Tugadh tús áite do “opinion polls” seachas “telecom poles” agus do “optics” seachas “fibre optics”, a dúirt sé.

Ina ráiteas sa Dáil tráthnóna, dúirt Naughten:

“Ar mhaithe le mo theaghlach, lucht mo dháilcheantair agus an 1.1 milliún duine atá ag fanacht ar sheirbhís riachtanach [leathanbhanda], agus gnáthphobal na tuaithe, atá mé tar éis a chur in iúl don Taoiseach go bhfuil mé ag éirí as,” a dúirt Naughten.

Dúirt urlabhraí cumarsáide Fhianna Fáil Timmy Dooley go raibh trua aige don Aire Naughten mar nach raibh aon duine sa bhfreasúra ag iarraidh go n-éireodh sé as.

Shéan Naughten go láidir go ndearna sé aon chur isteach ar an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sholáthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

D’admhaigh Naughten inné gur bhuail sé ar dhá ócáid le David McCourt, cathaoirleach Granahan McCourt, an t-aon chomhlacht a bhí fágtha sa phróiseas tairisceana, agus gur eagraigh sé lón dó i mbialann na Dála fad is a bhí an próiseas tairisceana ar siúl. Cé nár labhair sé le McCourt an lá sin, sheas Naughten an lón €37 dó féin agus dá chlann.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin go raibh muinín aige as Naughten agus é sásta “go fóill” le míniú an Aire ar chúrsaí. Dúirt sé go bhfreagródh Naughten ceisteanna faoin scéal sa Dáil tráthnóna, ach ina áit sin léigh an t-iar-aire amach ráiteas gairid inar fhógair sé go raibh sé curtha in iúl aige don Taoiseach go raibh sé ag éirí as.

Dúirt polaiteoirí de chuid an fhreasúra tráthnóna go raibh go leor ceisteanna fós le freagairt faoin méid a tharla agus gur chóir don Taoiseach anois na freagraí sin a thabhairt.

 

Fág freagra ar 'Iniúchadh le déanamh ar phróiseas leathanbhanda le dearbhú nach raibh sé ‘truaillithe’ ag dinnéir phríobháideacha Naughten – An Taoiseach'

  • wtf

    Mór an obair ná raibh ceithre dhinnéar i dteannta a chéile aige leis. An craosaire.

  • Murchadh

    Sheas sé lón arbh fhiú €37 é dó féin agus dá chlann!?? I chipper? An luideoga iad McCourt agus a chlann? Ní raibh aon bhanda leathan faoina mbolg d’éis an fíd sin!