Ina gcuid leabhar a mhaireann scríbhneoirí – ná bac lena gcuid tithe nó léinte!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ní sna balcaisí a chaith mórúdair tráth a mhaireann a spiorad, ach sna leabhair a scríobh siad

Ina gcuid leabhar a mhaireann scríbhneoirí – ná bac lena gcuid tithe nó léinte!

Is cuimhin liom cuairt a thabhairt, blianta fada ó shin agus mé ar saoire le mo thuismitheoirí i gcathair Bergen na hIorua, ar an teach ina mbíodh cónaí, fadó, ar an gcumadóir ceoil cáiliúil Edvard Grieg.

Uair an chloig níos leadránaí ní dheachaigh mé tríd le linn mo shaoil ar fad. Chuir an seantroscán dorcha, na péinteálacha gruama agus na scríbhinní ceoil a bhí i bhfolach i mboscaí gloine lionn dubh orm a bhí inchurtha leis an dúlagar a bhí ar dhéithe na haimsire lasmuigh.

Ceart go leor, ní raibh mé ach ocht mbliana d’aois agus ní raibh dúil dá laghad agam i gceol Grieg. Bhí ag mo thuismitheoirí, ach mar sin féin níor thuig mé cén fáth ar theastaigh uathu chomh mór sin cuairt a thabhairt ar an teach ina mbíodh cónaí air. Bhí sé féin marbh, nach raibh? Céard a cheap siad a bheadh le feiceáil?

B’fhéidir gurbh í an chuimhne ar an gcuairt fhadálach sin ar theach Grieg ba chúis leis nár thug mé cuairt, roimhe seo, ar an teach ina mbíodh cónaí ar bheirt de mhórscríbhneoirí na Brasaíle, Jorge Amado agus Zélia Gattai – cé go bhfuil an teach céanna trasna an bhealaigh mhóir ón áit a bhfuil cónaí orm féin i gcathair Salvador. Ach ós rud é go bhfuil cuairteoirí ag stopadh liom faoi láthair, shocraigh mé aghaidh a thabhairt an lá cheana ar an villa inar thóg Amado agus Gattai a gclann agus inar scríobh siad an chuid is mó dá saothair.

Teach breá mór atá ann agus gairdín fairsing timpeall air ina gcuireann crainn almóinní agus mangónna scáth ar fáil do mhagairlíní bána, bándearga agus buí. Tearmann ciúin atá ann i lár cheann de na cathracha is mí-eagraithe ar chlár na cruinne – agus is é sin an fáth go bhfillfinn ar theach Amado agus Gattai arís, seachas an stair a bhaineann leis ó thaobh na scríbhneoireachta de.

Ní hé nach bhfuil dua caite leis an teach ag an dream atá ina bhun. Tá an áit glan, tá taispeántas nua-aimseartha, físiúil agus mealltach ann agus tá fios a ngnóthaí ag an bhfoireann, ach – agus seans gurbh é seo a chuir as dom i dteach Edvard Grieg fadó fadó – seachas seanchlóscríobhán, péire spéaclaí tiubha agus leathanach clóscríofa lán ceartúchán i bpeannaireacht ghorm, ní raibh tásc ná tuairisc ar anamacha na scríbhneoirí a chuir beocht sa teach tráth.

Bhí léinte gáifeacha Amado crochta i gcófra amháin agus gúnaí lámhdhéanta Gattai i gcófra eile, taobh thiar de ghloine ghlan agus solas bog atmaisféarach dírithe orthu – ach tá an bheirt a chaith iad faoin bhfód. Dar liom gur ina gcuid leabhar a mhaireann an bheirt scríbhneoirí agus ní sna balcaisí a chaith siad tráth.

An chéad uair eile a mbuailfidh an fonn mé dul ar oilithreacht chuig láthair oibre mhórúdair éigin, is éard a dhéanfas mé ná (ath)chuairt a thabhairt ar a shaothar.

Fág freagra ar 'Ina gcuid leabhar a mhaireann scríbhneoirí – ná bac lena gcuid tithe nó léinte!'