Imní faoi shábháilteacht daltaí gaelcholáiste a bhíonn idir dhá ionad sealadach

Deir tuismitheoirí gaelcholáiste in oirthear na tíre go bhfuil a bpáistí ‘á ligean síos go mór’ ag na húdaráis oideachais

Imní faoi shábháilteacht daltaí gaelcholáiste a bhíonn idir dhá ionad sealadach

“Údar imní ollmhór” é go mbíonn daltaí i nGaelcholáiste in oirthear na tíre ag dul idir dhá shuíomh shealadach le freastal ar a gcuid ranganna.

Deir Cathaoirleach Choiste na dTuismitheoirí i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad go bhfuil ceist ann faoi “shábháilteacht” na ndaltaí a mbíonn orthu bogadh idir suíomh sealadach amháin, atá lonnaithe ar bharr Ionad Siopadóireachta Manor Mills i Maigh Nuad, agus suíomh sealadach eile “ar phríomhbhóthar gnóthach”.

Deir príomhoide na scoile, Micheál Ó Ceoinín, go gcailleann daltaí amach ar 20 bomaite de rang uair an chloig agus iad ag siúl idir an dá shuíomh le freastal ar ranganna praiticiúla.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Noel Maloney, Cathaoirleach Choiste Thuismitheoirí Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad, go bhfuil “daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí na scoile á ligean síos go mór” ag an Roinn Oideachais agus ag Bord Oiliúna agus Oideachais na scoile, an KWETB.

“Tá an-díomá go deo orainn agus braithimid gur theip an Roinn Oideachais agus Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin orainn.

“Dúradh linn ag an oíche oscailte go mbeadh na páistí ag bogadh laistigh de bhliain go dtí scoil nua ag Coláiste Pobail Mhaigh Nuad agus Iarbhunscoil Mhaigh Nuad agus gur ansin a bheadh an scoil go buan, scoil a bheadh feistithe leis na háiseanna agus an trealamh ar fad atá riachtanach.

“Cumadóireacht a bhí ansin mar is i Manor Mills, os cionn ionad siopadóireachta i Maigh Nuad, atá ranganna ag na daltaí anois,” a dúirt.

Bunaíodh Gaelcholáiste Mhaigh Nuad i mí Mheán Fómhair 2020 agus 23 dalta a bhí ann. Tá 97 dalta ag freastal ar an scoil anois agus iad i mbliain 1-3. Bíonn ranganna adhmadóireachta, teicneolaíochta agus eolaíochta Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad á reáchtáil ar an suíomh a raibh an dá mheánscoil Béarla lonnaithe roimhe seo ar Bhóthar Moyglare.

Deir Cathaoirleach an Choiste Tuismitheoirí gur “láthair fheiliúnach agus buan don scoil” an príomhábhar a pléadh ag cruinnithe de chuid an choiste tuismitheoirí le trí bliana anuas.

“Ón tús tá Coiste na dTuismitheoirí ag déileáil lá i ndiaidh lae le ceisteanna faoin scoil. Cá bhfuil muid ó thaobh na scoile agus céard is féidir linn a dhéanamh lena chinntiú nach bhfágfar ar an trá fholamh muid nó go gcuirfear ó dhoras ar fad muid?”

“Tá m’iníonsa ag gabháil don tSraith Shóisearach anois agus mura bhfuil aon phlean ann is beag seans go bhfeicfidh sí an scoil nua,” a dúirt sé.

Dúirt Maloney gur “údar bróid é” go bhfuil páistí ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge ach go bhfuil daltaí na scoile “faoi mhíbhuntáiste” mar gheall nach bhfuil aon láthair bhuan curtha ar fáil dóibh go fóill.

“Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an príomhoide agus na múinteoirí ag cur ardchaighdeán oideachais ar fáil ach tá míbhuntáistí i gceist leis an socrú atá ann faoi láthair – an ceann is mó nach bhfuil aon áiseanna ann don obair phraiticiúil.

“Dúshlán ar leith é sin d’aon ábhar a dteastaíonn trealamh ar leith ina chomhair – teicneolaíocht, adhmadóireacht, eolaíocht agus eile.

“Tá daltaí sa scoil seo ag staidéar na hadhmadóireachta nár leag lámh ar phíosa adhmaid le bliain go leith. Níl sé sin maith go leor, go háirithe mar go bhféadfadh cinneadh eile a bheith déanta ag tuismitheoirí dá bpáistí dá mbeadh an t-eolas sin acu ag an am.

Dúirt Maloney go raibh an mhoill a bhaineann le láthair bhuan a fháil don scoil “ag cur bac” ar an scoil fás.

“Is beag seans go mbeadh aon tóir ag daltaí ar suim leo an spórt ar an scoil seo mar gheall ar an spás agus na hacmhainní a bheith gann,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad, Micheál Ó Ceoinín go raibh “go leor dúshlán” ag baint leis an Ghaelcholáiste a reáchtáil agus a bheith ag plé leis an dá ionad, ceist na sábháilteachta ina measc.

“Ceist sábháilteachta atá ann agus tá sé fíordheacair múinteoirí agus daltaí a eagrú agus a roinnt idir dhá ionad ar chlár ama atá faoi bhrú cheana féin.

“Níl aon phlean ná aon amlíne tugtha dúinn agus is cinnte go bhfuil frustrachas ar na múinteoirí agus ar na daltaí faoin mhoill a bhaineann leis an láthair bhuan.”

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais faoi chás Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad.

Fág freagra ar 'Imní faoi shábháilteacht daltaí gaelcholáiste a bhíonn idir dhá ionad sealadach'