Imní ar chomharchumainn na Gaeltachta nach mbeidh ‘buntáiste ar bith’ acu as ardú buiséid

Deir Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta gur ‘aisteach an scéal é’ go mbeadh oifigeach pleanála teanga á fhostú ag comharchumann ar thuarastal a bheadh níos airde ná atá ag an mbainisteoir a bhfuil sé freagrach dó

Imní ar chomharchumainn na Gaeltachta nach mbeidh ‘buntáiste ar bith’ acu as ardú buiséid

Tá sé ina imní nach mbeadh ‘buntáiste ar bith’ ann sa Bhúiséad do chomharchumainn Ghaeltachta má úsáidtear cuid den airgead atá curtha ar leataobh dóibh ar eagraíochtaí nua a bhunú.

Tá imní léirithe ag Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta nach mbeidh “buntáiste ar bith ann” do na comharchumainn sheanbhunaithe má chuirtear an maoiniú breise atá curtha ar fáil do chomharchumainn Ghaeltachta i mBuiséad 2019 i dtreo eagraíochtaí pobail nua a bhunú.

Fógraíodh sa bhuiséad nua go bhfuil €500,000 le cur ar fáil “do ghníomhaíochtaí faoi chiste forbartha pobail, teanga agus cultúrtha an Údaráis”. Dúradh go gcaithfí an chuid is mó den airgead sin ar mhaoiniú na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí pobail ach go mbeadh tacaíocht do bhunú eagraíochtaí nua i gceist chomh maith.

Ag labhairt di ar an chlár Adhmhaidin ar RTE Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Cathy Ní Ghoill, Cathaoirleach an Comhlachais, gur chuir sí fáilte roimh an maoiniú breise ach gur cúis “imní” di go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag beartú comharchumainn nua a bhunú.

Dúirt Ní Ghoill go mbeadh tuairim is €16,000 sa bhreis ar fáil do gach eagraíocht phobail dá ndáilfí go cothrom é idir an 30 comharchumann Gaeltachta atá ann faoi láthair.

“An rud is mó atá muid ag súil leis ná go mbeidh sé [an maoiniú] caite ar na heagraíochtaí atá ann ar an talamh faoi láthair,” ar sí.

Dúirt Ní Ghoill go ndearnadh “scrios ar na comharchumainn Ghaeltachta ó 2007 ar aghaidh agus go raibh “deis” anois ag na heagraíochtaí pobail seanbhunaithe éirí “beagáinín níos láidre”.

“Má tá caint ar eagraíochtaí nua a bhunú ní bheidh aon bhuntáiste ann do na heagraíochtaí atá ann cheana,” ar sí.

Mhaígh Ní Ghoill gur caitheadh roinnt mhaith den ardú maoinithe a fuair na comharchumainn Ghaeltachta trí bliana ó shin ar dhá eagraíocht nua a bhunú.

Thug sí le fios freisin gur cúis imní eile é do bhainisteoirí na gComharchumann an scála pá atá leagtha síos do na hoifigigh phleanála teanga, atá níos airde ná an tuarastal atá á fháil ag go leor bainisteoirí comharchumann faoi láthair.

Dúirt sí gur ardaíodh ceist na dtuarastal “go han-láidir” ag cruinniú le feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta le déanaí.

Dúirt sí “gur aisteach an scéal é” go mbeadh duine nua fostaithe ag comharchumann ar thuarastal a bheadh níos airde ná atá ag an mbainisteoir a bhfuil sé freagrach dó.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh go raibh “an ghné pleanála teanga thar a bheith tábhachtach” d’obair an Údaráis agus gur gá a chinntiú go mbeadh daoine “ar an gcaighdeán ceart agus leis an gcumas ceart ar fáil”.

“Ní haon leigheas pá beag a thabhairt do phleanálaithe teanga ar na fadhbanna atá againn ó thaobh na gcomharchumann a thabhairt suas,” a dúirt sé.

Dúirt sé go mbeadh clár infheistíochta á leagan amach ag an Údarás don bhliain seo chugainn “de réir na riachtanas atá ag na comharchumainn éagsúla”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis go mbeidh “tacaíocht mhaith” á cur ar fáil do na comharchumainn fhadbhunaithe ach go raibh sé mar chuid den straitéis atá ag an Údarás a chinntiú go  mbunófaí comharchumainn sna háiteanna ina bhfuil ‘bearnaí’ le líonadh.

Tá os cionn €2 milliún breise á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta in 2019. €1.5 milliún an t-ardú ar bhuiséad caipitil na heagraíochta fiontraíochta, rud a fhágann go mbeidh soláthar caipitil €8.5 milliún acu in 2019 le tabhairt faoina gclár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta in 2017, dúradh gur fhág an “tionchar tromchúiseach” a bhí ag na ciorruithe a rinneadh ar chomharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana nach raibh “roinnt mhaith eagras ach ag réchasadh” agus gan “mórán tionscnamh nua á bhforbairt” acu.

Fág freagra ar 'Imní ar chomharchumainn na Gaeltachta nach mbeidh ‘buntáiste ar bith’ acu as ardú buiséid'