Imeachtaí spóirt agus ardáin Aonach Tailteann curtha ar ceal i gConamara

Beidh imeachtaí uile an chomórtais ar siúl i nGaoth Dobhair an tseachtain seo chugainn. Dúirt eagraithe an chomórtais go mbeidh ‘struchtúr úr’ á chur ar an gcomórtas in 2018

Imeachtaí spóirt agus ardáin Aonach Tailteann curtha ar ceal i gConamara

Tá na comórtais spóirt agus ardáin a bhí le bheith mar chuid d’Aonach Tailteann 2017 i réamhbhabhta an chomórtais idirGhaeltachta i gConamara curtha ar ceal mar gheall ar a laghad spéise a léiríodh sa cheantar sin.

Thug stiúrthóirí an chomórtais, Maitiú Ó Coimín agus Áine Ní Bhreisleáin, le fios, áfach, go gcuirfear fáilte roimh iomaitheoirí a chláraigh le babhta Chonamara ag babhta Thír Chonaill dá mba mhaith leo páirt a ghlacadh sa chomórtas ansin.

Beidh an babhta atá beartaithe do Ghaoth Dobhair ag dul ar aghaidh in Amharclann Ghaoth Dobhair agus ar pháirc Chumann CLG Gaoth Dobhair Dé Luain an 7 Lúnasa. Tá na hiarratais ar chomórtais litríochta, ealaíne, agus filíochta ó Chonamara agus ó cheantair eile, curtha san áireamh leis na hiarratais ó Thír Chonaill, mar a bhí beartaithe, agus bronnfar boinn ar bhuaiteoirí na gcomórtas sin san Amharclann tráthnóna Dé Luain.

Thug Ó Coimín agus Ní Bhreisleáin le fios inniu go bhfuil “struchtúr úr” a chur ar Aonach Tailteann do 2018 agus go bhfuil siad ag súil go mbeifear in ann “babhtaí iomlána ceantair” a reáchtáil an bhliain seo chugainn. Dúradh go raibh sé i gceist ón tús athstruchtúrú a dhéanamh ar leagan amach an chomórtais sna blianta amach romhainn.

“Tá stiúrthóirí Aonach Tailteann fíor-bhuíoch de gach uile dhuine a chuir isteach ar na comórtais éagsúla a eagraíodh i mbliana agus táthar ag súil le iomaíocht mhaith ag imeachtaí Thír Chonaill.

“Táthar buíoch freisin de na heagraíochtaí, cumainn, gnólachtaí agus daoine eile a thug cúnamh, comhairle agus tacaíocht d’Aonach Tailteann 2017 go dtí seo, go mór mór ár n-urraitheoirí agus ár moltóirí,” a dúradh i ráiteas a eisíodh inniu.

Seoladh Aonach Tailteann i Ros Muc níos luaithe i mbliana. Fógraíodh go mbeadh dhá bhabhta cáilithe ann don chomórtas idirGhaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Thír Chonaill, agus babhta ceannais i gConamara. Is i nGaoth Dobhair a reáchtálfar gach comórtas anois.

Dúirt Ó Coimín ag seoladh an chomórtais gur eagraíodh é le “hardú meanman a thabhairt do phobal na Gaeltachta, le nascanna a chruthú idir na ceantair éagsúla, agus ardán a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a mbuanna a chur os comhair a bpobal”.

Fág freagra ar 'Imeachtaí spóirt agus ardáin Aonach Tailteann curtha ar ceal i gConamara'