‘If it’s feet you have these are the socks you’re after!’ – stocaí Nollag a bhfuil beagán ‘craic’ ag baint leo

‘Havin’ the craic from head to toe’ an mana atá ag comhlacht i nGaillimh a dhearann stocaí atá chomh dúchasach agus a d’fhéadfá a fháil

‘If it’s feet you have these are the socks you’re after!’ – stocaí Nollag a bhfuil beagán ‘craic’ ag baint leo

Tá dlúthcheangal idir an Nollaig agus stocaí de bharr traidisiún a théann siar blianta fada. Is dócha nach bhfuil mórán tithe ar fud na tíre nach mbeidh stocaí na Nollag crochta cois tine iontu le súil go líonfar le féiríní iad sna laethanta romhainn.

Bíonn stocaí á dtabhairt freisin mar bhronntanais thraidisiúnta aimsir na Nollag, go háirithe d’aithreacha nó deartháireacha, ach is cosúil gur minic gur mar fhéiríní leamha nó leadránacha ar bheagán samhlaíochta a fheictear iad.

Ach tá stocaí atá an-spraíúil aimsithe agam a dhéanfadh bronntanas álainn do dhuine ar bith. Is mór an spórt iad stocaí Irish Socksciety, comhlacht beag speisialta s atá lonnaithe ar Eastát Lios Bán i gcathair na Gaillimhe agus a dhearann stocaí atá chomh dúchasach agus a d’fhéadfá a fháil d’fhir agus do mhná. ‘Havin’ the craic from head to toe’ an mana margaíochta atá ag Irish Socksciety.

Dearadh Éireannach amach is amach atá i gceist leis na stocaí seo agus ráitis scríofa orthu nach gcloisfeá mórán lasmuigh den tír seo; ‘Hurling – pull hard’,’ Howya, any craic?’, ‘You are my cupán tae’, ‘Fir Mná’, ‘Did you turn off the immersion?’. Tá péire acu freisin do lucht na rámhaíochta – ‘Steak, spuds and pull like a dog’.

Beirt bhan, Alex agus Joanna, ar an-chairde iad, a bhunaigh an gnó agus deir siad go bhfuil siad paiseanta faoi dhearadh stocaí. “If it’s feet you have these are the socks you’re after,” a deir na mná go spraíúil ar a suíomh gréasáin.

Is dócha gurbh é an focal Béarla ‘quirky’ is túisce a ritheadh le duine le cur síos a dhéanamh ar na stocaí seo agus is cinnte go dtaitneoidís thar cionn leo siúd a bhfuil acmhainn grinn atá beagán ait nó aisteach acu. 

Cuimhneoidh daoine ar an gcaint ar fad a tharraing rogha stocaí an Taoisigh Leo Varadkar nuair a chas sé anuraidh ar Phríomh-Aire Cheanada Justin Trudeau – cinn a raibh íomhá de phóilíní Cheanada, na Mounties, orthu chomh maith le duilleoga mailpe atá mar shiombail ag an tír sin.

Tá cáil idirnáisiúnta ar Trudeau féin as na stocaí ‘aite’ agus ‘aisteacha’ a chaitheann sé féin agus is minic níos mó cainte sna meáin ar na stocaí céanna ná mar a bhíonn ar shubstaint na n-ócáidí ina mbíonn sé páirteach.

Stocaí ar dhathanna láidre nó cinn ildaite is mó a dhearann an comhlacht Gaillimheach agus díoltar iad ar €9. Is féidir iad a sheachadadh tríd an bpost agus seoltar iad ar fud an domhain. Díoltar na stocaí i siopaí éagsúla ar fud na tíre, thuaidh agus theas, go háirithe cinn ina bhfuil béim ar cheardaíocht na hÉireann. 

Is cosúil gur chruthaigh suirbhé a rinne PayPal san Astráil dhá bhliain ó shin go raibh stocaí luaite ag 60% den phobal ar na bronntanais Nollag a bhíodh á bhfáil acu gach bliain agus go raibh an ghráin acu orthu. Ach déarfainn nach bhfuil baol ar bith ach go dtaitneoidh na táirgí ó Irish Socksciety le duine ar bith a bhfuil beagán craic ag baint leo! 

Fág freagra ar '‘If it’s feet you have these are the socks you’re after!’ – stocaí Nollag a bhfuil beagán ‘craic’ ag baint leo'

  • Seán

    Cé a bheidh ag féachaint orthu?