Idir mhéadú agus laghdú ar líon na bpointí do chúrsaí Gaeilge

65,444 dalta a rinne an Ardteist i mbliana ach chuir 89,308 duine isteach ar CAO 

Idir mhéadú agus laghdú ar líon na bpointí do chúrsaí Gaeilge

Bhí idir mhéadú agus laghdú ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do chúrsaí Gaeilge an CAO i mbliana.

Ba é an méadú ba shuntasaí ná líon na bpointí a bhí ag teastáil don chúrsa Gnó le Gaeilge in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Méadú 47 pointe a bhí i gceist – ó 339 in 2024 go 386 in 2025. 307 pointe a bhí ag teastáil in 2023.

An titim ba shuntasaí i mbliana ná líon na bpointí don chúrsa sa Ghaeilge agus Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na Gaillimhe. Theastaigh 411 pointe ó dhuine a bhí ag iarraidh tabhairt faoin gcúrsa sin in 2024 ach thit an líon sin go 368, titim 43 pointe, i mbliana. 436 pointe a bhí ag teastáil ón duine a raibh spéis aige i gcúrsaí aistriúcháin in 2023.

I measc na gcúrsaí eile a raibh méadú i gceist leo bhí an cúrsa sa mhúinteoireacht iarbhunscoile le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – méadú ó 419 go 440. Ardú ó 343 go 349 pointe a bhí i gceist don chéim sa Luath- agus Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. Ardú ó 522 go 542 pointe a bhí gceiste don chúrsa sa Dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. 473 pointe a bhí ag teastáil don chúrsa sa Tráchtáil le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, i gcomparáid le 441 pointe anuraidh.

Thit líon na bpointí a theastaigh don chúrsa Cumarsáid agus Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, ó 399 pointe in 2024 go 368 in 2025.

Thit líon na bpointí do chúrsaí Gaeilge eile i mbliana freisin.

Ina measc siúd, bhí cúrsaí i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach – an cúrsa Oideachas, Gaeilge, agus Léann an Reiligiúin a thit ó 431 go 407, an cúrsa Oideachas, Gaeilge, agus Staidéar Gnó, a thit ó 419 go 397 pointe agus an cúrsa Oideachas, Matamaitic, agus Gaeilge, a thit ó 476 go 443.

Bhí titim ann, freisin, i gcás Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge (iar-bhunmhúinteoireacht) ar Champas San Aingeal ATU – ó 429 pointe in 2024 go 398 in 2025. Laghdú a tháinig freisin ar na pointí a bhí ag teastáil do chúrsa eile sa mhúinteoireacht iarbhunscoile freisin, an cúrsa Oideachas agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh a d’imigh ó 408 anuraidh go 398 i mbliana.

Ó thaobh na gcúrsaí bunmhúinteoireachta de, ní raibh an oiread corraíola i gceist. Níor tháinig aon athrú ar líon na bpointí don chúrsa bunmhúinteoireachta i mBéarla in Institiúid Oideachais Marino i mbliana – 473 pointe a bhí i gceist arís. Bhí laghdú beag, 15 pointe, ar líon na bpointí a theastódh ó dhuine Gaeltachta a thabharfadh faoin gcúrsa i mBéarla – ó 455 go 440.

Tá cúrsa ar leith ar fáil in Marino do dhaoine ar mhaith leo tabhairt faoin mbunmhúinteoireacht i nGaeilge. Bhí titim cúig phointe (507 go 502) ar an gcúrsa sin i mbliana d’iarrthóirí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht, ach ardú 25 phointe a bhí i gceist d’iarrthóirí Gaeltachta (496 ó 471).

Cuireadh 30 áit bhreise ar fáil ar an gcúrsa bunmhúinteoireachta in Marino i mbliana “mar fhreagra ar iarratas ón Roinn Oideachais”. Dúirt urlabhraí de chuid na hinstitiúide gur cuireadh na háiteanna breise ar fáil “chun dul i ngleic leis an ngéarghanntanas múinteoirí” atá ann faoi láthair.

“Ciallaíonn an méadú seo in áiteanna do mhic léinn go bhfuil na pointí don chlár B.Ed fós ar 473 pointe; bíodh sin mar atá, ní thairgfear áit ach do roinnt iarratasóirí ar 473 pointe mar gheall ar roghnú randamach.

“Maidir leis an B.Oid Trí Mheán na Gaeilge, níl ar fáil againn ach 30 áit arís i mbliana, agus thit na pointí beagáinín don chlár seo go 502 pointe,” a dúradh i ráiteas.

Titim a bhí i gceist i gcás na gcúrsaí bunmhúinteoireachta atá ar fáil i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Theastaigh 565 ó dhuine a dhéanfadh an cúrsa ‘Bunmhúinteoireacht Idirnáisiúnta’, cúrsa a bhfuil gné den staidéar idirnáisiúnta mar chuid de, in 2024, ach is 552 pointe a theastaigh don chúrsa sin i mbliana.

Titim ceithre phointe a bhí i gceist d’iarrthóirí Gaeltachta agus iarrthóirí ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht araon ar an ngnáthchúrsa bunmhúinteoireachta sa choláiste oiliúna – ó 488 go 484 agus ó 451 go 447.

Is i gcoláiste Froebel i Maigh Nuad atá an cúrsa eile bunmhúinteoireachta agus thit na pointí ansin oiread na fríde ó 507 in 2024 go 506 in 2025.

65,444 dalta a rinne an Ardteist i mbliana ach chuir 89,308 duine isteach ar CAO. Caithfidh iarrthóirí glacadh leis an gcéad bhabhta tairiscintí faoina trí a chlog Dé Máirt seo chugainn, an 2 Meán Fómhair. Cuirfear amach an dara babhta tairiscintí ag a dó chlog. an 8 Meán Fómhair.

 

<

>

Institiúid Cúrsa Pointí   2025 Pointí   2024 Pointí   2023
Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Gnó le Gaeilge 386 339 307
Eacnamaíocht   Bhaile agus Gaeilge*(Iarbhunmhúinteoireacht) 398 429 442
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Iar-bhunmhúinteoireacht   (Gaeilge) 440 419 442
Gnó   agus Gaeilge 402 377 387
Coláiste Mhuire gan Smál Oideachas,   Gaeilge agus Léann an Reiligiúin 407 431 424
Oideachas,   Gaeilge agus Staidéar Gnó 397 419 451
Oideachas,   Matamaitic, agus Gaeilge 443 476 477
Coláiste na Tríonóide Luath-   agus Nua-Ghaeilge 349 343 368
Corcaigh Oideachas   – Gaeilge 398 408 424
Dlí   agus Gaeilge 542 522 545
Ollscoil na Gaillimhe Cumarsáid   agus Gaeilge 368 399 484
Gaeilge   agus Léann an Aistriúcháin 368 411 436
Tráchtáil   agus Gaeilge 474 441 475

Fág freagra ar 'Idir mhéadú agus laghdú ar líon na bpointí do chúrsaí Gaeilge'