Idir mhaith agus olc sa teicneolaíocht nua, an ghaoth i seolta Luimnigh, teacht Conor McKenna agus drochscéal do Ghaillimh

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is mó atá ann i ndiaidh fhilleadh na gcluichí an deireadh seachtaine seo caite

Idir mhaith agus olc sa teicneolaíocht nua, an ghaoth i seolta Luimnigh, teacht Conor McKenna agus drochscéal do Ghaillimh

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Idir mhaith agus olc sa teicneolaíocht nua

Craoladh an chéad chluiche de chraobhacha 2020 ar Sky Sports Dé Sathairn nuair a taispeánadh an cluiche idir Áth Cliath agus Laois i gCraobh Iomána Laighean.

Cluiche leamh go maith a bhí ann ar deireadh agus níor éirigh le Laois bua gan choinne eile a fháil ar Áth Cliath. Ní raibh an deireadh seachtaine gan údar suntais do lucht féachana na gcluichí, áfach, mar go raibh dhá ghné nua den teicneolaíocht in úsáid don chluiche sin i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí an sliotar buí le feiceáil den chéad uair sa chraobh shinsir agus, i ndiaidh na cainte ar fad a rinneadh roimh ré, níor bhreathnaigh sé gur chuir sé isteach ná amach ar an imirt. Is cinnte nár chuir sé isteach ar chruinneas na n-imreoirí mar aimsíodh 56 scór (2-54) i rith an chluiche.

Bhí iar-imreoir Uíbh Fhailí Michael Duignan den tuairim go raibh sé níos deacra an sliotar buí a fheiceáil ná an seancheann bán, ach d’admhaigh Derek McGrath, fear eile a bhí glan i gcoinne an athraithe roimh ré, go raibh ciall leis an gceann nua a thabhairt isteach.

Bhí athrú eile i gceist don chluiche i bPáirc an Chrócaigh chomh maith agus gleo bréagach slua á úsáid ag Sky Sports, cleas nár oibrigh chomh maith céanna.

Tá an córas sin in úsáid acu do na cluichí i bPríomhroinn Shasana ó lár an tsamhraidh agus ag éirí maith go leor leis ach ní róthógtha leis a bhí go leor daoine Dé Sathairn. Bhí moill nach beag idir an beart ar an bpáirc agus freagra ‘an tslua’ agus ní fhéadfaí rá gur chuir sé leis an gcluiche.

Mar sin féin, thuigfeá cén fáth go bhfuil Sky Sports ag baint triail as an gcóras tar éis an chluiche idir an Clár agus Luimneach Dé Domhnaigh.

Ní raibh aon slua bréige le cloisteáil ar chraoladh RTÉ ó Staid Semple ach ó tharla nach raibh i láthair ach 238 duine ar fad, ba chosúla an t-atmaisféar lena mbeifeá ag súil leis ag cluiche i gCorn Mhic Ghiobúin seachas ag cluiche sa chéad bhabhta de Chraobh Iomána na Mumhan.

An ghaoth i seolta Luimnigh

Cian Lynch agus imreoirí Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cé nach ndearna imreoirí Luimnigh mórán ceiliúrtha agus corn na sraithe bronnta orthu tar éis dóibh an Clár a shárú, beidh cluaisíní croí ar imreoirí John Kiely an tseachtain seo i ndiaidh thaispeántais na foirne i Staid Semple.

Bhí Luimneach ar fheabhas ar fad agus cé go raibh deich bpointe idir na foirne ag deireadh na himeartha, bheadh greadadh níos aistí fós buailte acu ar an gClár murach gaiscí Tony Kelly.

Scóráil Luimneach 36 pointe, nach mór ceann chuile dhara nóiméad. B’in an dara scór is mó a aimsíodh i stair na craoibhe agus é ceithre chúilín chun deiridh ar an 1-40 a scóráil Corcaigh i gcoinne na hIarmhí anuraidh.

Scóráil gach duine den seisear tosaithe a thosaigh ón imirt agus ní raibh an Clár in ann coinneáil leo. Bhí Gearóid Hegarty gan locht sa chluiche agus in ainneoin go raibh Luimneach chomh maith sin, bheifeá fós ag súil go bhfuil feabhas i ndán do Chian Lynch, Kyle Hayes agus a leithéidí.

B’fhéidir go raibh ábhar misnigh d’fhoirne eile sa chúl a ghéill Luimneach agus é soiléir gur airigh siad uathu Mike Casey agus Richie English sa líne lánchúil. Níl aon amhras ann áfach ach go bhfuil cuma na maitheasa ar fhoireann Luimnigh i láthair na huaire.

An bhearna a d’fhág McShane líonta ag McKenna

Tyrone McKenna agus Ryan McHugh. Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Tá Declan Bonner ag pleanáil le níos mó ná bliain do chluiche Dhún na nGall in aghaidh Thír Eoghain i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh.

Ceist nach mbeadh á cur ag bainisteoir na gConallach ag an am ná cé a mharcálfaidh Conor McKenna? An tráth sin, bhí McKenna fós ag déanamh beart d’Essendon san AFL ach tá fear na hEaglaise anois ar ais i ngeansaí Thír Eoghain agus scrios á dhéanamh aige.

Fuair Bonner deis súil a chaitheamh ar McKenna nuair a thug Tír Eoghain agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile sa tsraith an tseachtain seo caite. Thosaigh McKenna mar leatosach sa chluiche sin ach thosaigh sé ag dul i bhfeidhm ar an imirt nuair a bogadh isteach mar lántosach é agus bhí 1-2 aimsithe aige ag an deireadh.

Is gar don chúl a bhí sé arís in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo agus bhí sé níos fearr fós i gCaisleán an Bharraigh, 2-2 scóráilte aige chun Maigh Eo a shárú.

Bhí mí-ádh ceart ar Thír Eoghain i rith an earraigh agus drochghortú ag cur as do Cathal McShane, an tosach is fearr a bhí acu anuraidh. Is mór an t-ugach dá réir d’fhoireann Mickey Harte taispeántais McKenna.

Más ar imeall na cearnóige a bheidh sé Dé Domhnaigh beag seo, gach seans gurb é fear Ghaoth Dobhair, Neil McGee, a bheidh á mharcáil agus d’fhéadfadh gurb í an choimhlint idir an bheirt fhathach sin ceann cinniúnach an chluiche.

Dea-scéala agus drochscéala do thosaithe na Gaillimhe

Damien Comer. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Cé gur chaill foireann pheile na Gaillimhe i gcoinne Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, bhí ábhar dóchais acu agus captaen na foirne Shane Walsh ar ais ar pháirc na himeartha.

Níor imir Walsh in aghaidh Mhaigh Eo an tseachtain roimhe sin mar go raibh gortuithe glúine agus rúitín ag cur as dó ach tháinig sé isteach san imirt mar ionadaí in aghaidh Átha Cliath agus scóráil sé pointe breá an lá sin.

Ba é Walsh príomhscórálaí na Gaillimhe sa tsraith, fiú agus cluiche go leith caillte aige, agus beidh brú mór air anois sa chraobh agus é fógartha nach mbeidh Damien Comer ar fáil do na Gaillimhigh i gCraobh Chonnacht.

Ní raibh Comer in ann ach cúig nóiméad a imirt i gcoinne Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin nuair a bhí air an pháirc a fhágáil de bharr gortaithe agus tá sé deimhnithe ag bainisteoir na Gaillimhe Pádraic Joyce nach mbeidh sé tagtha chuige féin in am don chluiche in aghaidh Shligigh faoi cheann coicíse, ná do chluiche ceannais Chonnacht, má théann Gaillimh chomh fada sin.

Chaill Comer an chuid is mó den chraobh anuraidh chomh maith de bharr drochghortú rúitín.

Tá imní ar Joyce freisin faoi Ian Burke. Ar mhaidí croise a d’fhág fear Chora Finne Staid an Phiarsaigh. É féin agus James McCarthy a bhí ag coraíocht nuair a bhain gortú dó.

Bhí Paul Conroy ar fheabhas sa líne leatosach do Ghaillimh ag an deireadh seachtaine ach is mór an buille do Joyce má bhíonn Comer agus Burke tamall fada sínte.

Fág freagra ar 'Idir mhaith agus olc sa teicneolaíocht nua, an ghaoth i seolta Luimnigh, teacht Conor McKenna agus drochscéal do Ghaillimh'