Nach tarraingteach an áit é Tuaisceart Éireann! Tá oiread sin dúil ann go bhfuil aon duine dhéag tar éis scuabadh isteach ón mBreatain Mhór chun seasamh san olltoghchán thar ceann Pháirtí na gCaomhach. Tá na Tóraithe san iomaíocht i sé cinn déag den ocht déag toghcheantar, cúigear iarrthóirí logánta acu chomh maith leis na cuacha soineanta a tháinig thar toinn sa tóir ar nead nach bhfaighidh siad.
Ar éigin atá a fhios ag cuid de na hiarrthóirí ón mBreatain cá bhfuil siad, gan trácht ar thuiscint a bheith acu ar na ceisteanna atá ag dó na geirbe ag muintir na háite sin. Seoltaí baile in áiteanna ar nós Westminster, Winchester, Holborn-St Pancras atá acu nó i gcás an té is mó a bhfuil aird air, mar gur Suíceach é a chaitheann an turban, in Erith agus Thamesmead.
Céard is brí leis an gcéapar seo? Is ar éigin gurb é suim ollmhór David Cameron i ngnothaí Thuaisceart Éireann é, nó ba chosúil le mana a Phríomh-Aireachta é gurb é cúram Stormont sa chéad áit é agus cés moite de sin, gnó don Státrúnaí é déileáil le cúrsaí abhus. Aitheantas ón bPríomh-Aire agus na Caomhaigh ar thábhacht Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe faoi ndear an fheachtais seo, a deir siad.
Ní háibhéil é a rá go dtaitníonn an cur chuige sin leis na hAontachtaithe, idir an DUP, an UUP, an TUV agus UKIP. Ag cuimilt meala ar an DUP go háirithe atá Cameron, mar atá ar siúl aige le bliain, ar fhaitíos go mbeadh sé ag brath orthu i ndiaidh an toghcháin. Tá a fhios ag cait an bhaile nach bhfuil seans ar bith ag éinne de na Tóraithe ar shuíochán. Go deimhin, deir na hAontachtaithe nach gcuirfidh rannpháirtíocht na gCaomhach isteach ná amach orthu sa sé chomórtas déag ina bhfuil siad, ach go bhfailtíonn siad roimh ‘an tiomantas don Ríocht Aontaithe’ a léiríonn sé.
Céard a tharla don tiomantas sin sa dá thoghcheantar a bhfuil na Tóraithe ag fanacht glan orthu? An de sheans é gurb iad Fear Manach/Tír Eoghain Theas
agus Béal Feirste Thuaidh an dá thoghcheantar sin? Tá margadh réamh-thoghcháin ag na hAontachtaithe DUP agus UUP sa dá thoghcheantar sin in éadan Shinn Féin. Tá an TUV agus UKIP ag fanacht glan orthu freisin, agus cead a chinn ag Tom Elliott, UUP, in aghaidh Michelle Gildernew i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus an cead céanna ag Nigel Dodds, DUP, chun Gerry Kelly a choinneáil ó dhoras i mBéal Feirste Thuaidh.
Tá an sampla oll-Aontachtach á leanacht ag páirtí David Cameron agus ní chreideann éinne gur de sheans é. Margadh seicteach é agus ní maise ar bith ar na Tóraithe é go bhfuil siad ag tacú leis. Céard is fiú iolrachas agus frithsheicteachas na dTóraithe ansin – iad caite i leataobh chun a bheith mar thríú cos ar an stóilín ag na hAontachtaithe?
‘Comhghuaillíocht’ idir an Pairtí Caomhach agus na hAntachtaithe a ghlaoigh Conor Murphy ó Shinn Féin ar staonadh na dTóraithe i mBéal Feirste Thuaidh agus Fear Manach/Tír Eoghain Theas. D’éiligh sé míniú ón Státrúnaí Theresa Villiers ar rannphairtíocht na dTóraithe sa mhargadh aontachtach.
Ní nach ionadh is é i mbun toghchánaíochta do Shinn Féin, mhaígh Murphy gur leide faoi neart Shinn Féin ab ea iompar na dTóraithe.
Níos tábhachtaí, cheistigh sé cén tionchar a bheadh ag an ngaol gairid idir na Tóraithe agus na hAontachtaithe ar ról rialtas na Breataine mar urra ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na socruithe a lean é.
Sin ceist atá ag déanamh tinnis do dhaoine ó phairtithe eile freisin; ní gá gurb ionann buntáiste do na Tóraithe agus na hAontachtaithe sa ghearrthéarma agus an leas coiteann i dTuaisceart Éireann.
Fág freagra ar 'Iarrthóirí thar toinn – Tóraithe ón mBreatain Mhór tagtha i dtír don toghchán'