Iarracht mhór amháin eile ó Bale agus Ramsey ag teastáil ón mBreatain Bheag

Cé go raibh an Bhreatain Bheag go hainnis go dtí seo sa Chatar, níl aon chluiche a thabharfadh spreagadh níos mó dóibh ná ceann in aghaidh Shasana

Iarracht mhór amháin eile ó Bale agus Ramsey ag teastáil ón mBreatain Bheag

Cluichí

Eacuadór v An tSeineagáil – 3.00in (Grúpa A)
An Ísiltír v Catar – 3.00in (Grúpa A)
An Iaráin v Stáit Aontaithe Mheiriceá – 7.00in (Grúpa B)
An Bhreatain Bheag v Sasana – 7.00in (Grúpa B)

Rogha an Lae

7.00in (Grúpa B)

Ní bheidh againn feasta ach dhá chluiche in aghaidh an lae in áit ceithre cinn agus tús á chur inniu leis na cluichí deireanacha i mBabhta na nGrúpaí ag Corn an Domhain 2022.  As na hocht bhfoireann atá ag dul chun páirce, is iad an fhoireann bhaile, Catar, i nGrúpa A an t-aon dream nach féidir leo an chéad bhabhta eile a bhaint amach.

Imreoidh Sasana, an Bhreatain Bheag, an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá anocht i nGrúpa B. Mar gheall ar an gcaidreamh atá idir na tíortha sin, bheadh an cluiche idir an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá suimiúil beag beann ar phointí, ach tá tábhacht bhreise ag baint leis agus áit i mBabhta an 16 ann don bhuaiteoir.

Tá stair fhada, chasta idir Sasana agus an Bhreatain Bheag chomh maith agus cé gur ag na Breatnaigh is lú atá seans an chéad bhabhta eile a bhaint amach, níl siad go hiomlán as an áireamh sa ghrúpa go fóill.

Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Shasana agus fiú ansin chaithfeadh comhscór a bheith sa chluiche eile sa ghrúpa.

Ón méid atá feicthe againn go dtí seo de Gareth Bale, Aaron Ramsey agus an chuid eile, ní bheifeá iontach muiníneach go n-éireoidh leis an mBreatain Bheag an beart a dhéanamh ach tá cúpla rud a thabharfaidh dóchas do lucht tacaíochta na foirne.

Ar an gcéad dul síos, tá áit nach mór ag Sasana sa chéad bhabhta eile cheana féin. Cé gur chríochnaigh siad ar comhscór le Stáit Aontaithe Mheiriceá Dé hAoine seo caite, fágann an bua 6-2 a bhí acu ar an Iaráin go gcaithfeadh siad cailliúint le ceithre chúl anocht sula mbeidís i mbaol.

Meastar go bhfuil Gareth Southgate chun deis a thabhairt do chúpla imreoir nár thosaigh an chéad dá chluiche agus sos a thabhairt do leithéidí Jude Bellingham agus Harry Kane, b’fhéidir.

Rud eile, cé go raibh an Bhreatain Bheag go hainnis go dtí seo sa Chatar, níl aon chluiche a thabharfadh spreagadh níos mó dóibh ná ceann in aghaidh Shasana

Is gearr eile a fheicfidh muid Bale agus Ramsey i ngeansaí na Breataine Bige agus d’fhéadfadh go bhfuil iarracht mhór amháin eile iontu.

Fág freagra ar 'Iarracht mhór amháin eile ó Bale agus Ramsey ag teastáil ón mBreatain Bheag'