Iar-Stiúrthóir Fhoras na Gaeilge tofa ina Uachtarán ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Tá aithne mhaith ag daoine i saol na Gaeilge ar Éamonn Ó hArgáin a chaith breis is dhá scór bliain caite aige ag obair do Bhord na Gaeilge agus Foras na Gaeilge

Iar-Stiúrthóir Fhoras na Gaeilge tofa ina Uachtarán ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Tá sé fógartha ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann go bhfuil Éamonn Ó hArgáin tofa ina Uachtarán ar an eagraíocht.

Tá aithne mhaith ag daoine i saol na Gaeilge ar Éamonn Ó hArgáin a chaith breis is dhá scór bliain ag obair do Bhord na Gaeilge agus Foras na Gaeilge. Tá sé díreach imithe ar luathscor ó bheith ag obair mar Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha agus Rúnaí Bhord Fhoras na Gaeilge.

Déanann Comhaltas Ceoltóirí Éireann an ceol Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain.

Tiocfaidh Ó hArgáin, arb as Leic Snámha i gCiarraí ó dhúchas dó, ach atá anois ina chónaí i gCill Fhionntain i mBaile Átha Cliath, i gcomharbacht ar Vincent Jordon mar Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tréimhse trí bliana atá luaite leis an uachtaránacht.

“Is mór an onóir agus an phribhléid dom agus tá lúcháir orm bheith tofa mar an 22ú hUachtarán de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann,” arsa Ó hArgáin.

Dúirt sé gur dúshlán iontach a bheidh anseo dó, ach gur dúshlán é a bhfuil sé ag súil leis agus “muid ag teacht amach as an bpaindéim”. 

Dúirt Ó hArgáin freisin go raibh sé ag súil go mór le bheith ag obair leis an Ardchomhairle, leis an Ardstiúrthóir, agus leis an bhfoireann chun cuidiú le hobair chraobhacha Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. 

Dúradh go mbeidh Éamonn Ó hArgáin ag obair leis na boird, comhairlí, ionaid acmhainní agus ionaid cultúrtha atá ag Comhaltas ar fud na hÉireann, sa Bhreatain, i Meiriceá Thuaidh, i gCeanada agus in 18 tír eile ar fud an domhain.

Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa Mhuileann gCearr i 1951 agus tá 70 bliain á gceiliúradh ag an eagraíocht i mbliana.

Fág freagra ar 'Iar-Stiúrthóir Fhoras na Gaeilge tofa ina Uachtarán ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann'