Iar-laoch iomána na Gaillimhe i lár báire i bhforbairt drioglainne nua sa Ghaeltacht

Tá Joe Connolly lárnach i bplean drioglann fuisce, siopa earraí, caifé, beár blaiste agus ionad oidhreachta a fhorbairt i gCarna

Iar-laoch iomána na Gaillimhe i lár báire i bhforbairt drioglainne nua sa Ghaeltacht

Beidh Joe Connolly, laoch iomána na Gaillimhe ón aimsir a caitheadh, i lár báire i dtionscnamh nua atá beartaithe don Pháirc Gnó atá ag Údarás na Gaeltachta i Roisín na Mainiach i gCarna in iarthar Chonamara. Tá drioglann fuisce, siopa earraí, caifé, beár blaiste agus ionad oidhreachta i gceist sa bhforbairt seo. Tá Joe Connolly, agus a mhac, Barry, ag fáil faoi réir le dhul i mbun na hiarrachta seo le beagán blianta agus iarratas ar chead pleanála le haghaidh an fhoirgnimh, agus na seirbhísí a bhaineann leis, le cur faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an tseachtain seo.

Údarás na Gaeltachta atá sa tóir ar an gcead pleanála ar son Drioglann Iarthar na Gaillimhe Teoranta, an comhlacht a bhfuil muintir Chonghaile ina stiúrthóirí air.

Deir an tÚdarás go bhfuil súil acu go gcuirfidh an t-ionad nua atá beartaithe go mór le hacmhainn turasóireachta an cheantair agus go gcuirfidh sé ar chumas lucht forbartha na drioglainne táirge turasóireachta agus déantúsaíochta den scoth a chur ar fáil i gceantar Iorras Aithneach.

Cuirfidh sé go mór le mealltacht an cheantair do chuairteoirí agus beidh sé ina áis freisin do phobal an cheantair, a dúradh.

Bhí súil ag na Connollys go bhféadfaí an iarracht seo, atá ina cuid do phlean forbartha cúig bliana in Iorras Aithneach agus in iarthar Chonamara, a chur chun cinn níos túisce ach chuir blianta an Covid-19 dris chosáin sa mbealach orthu. Creideann Joe Connolly go bhfuil sé in am iarraidh a thabhairt faoin tionscnamh anois agus creideann sé go bhfuil bunús láidir leis an bplean atá acu.

Beidh an tIonad nua suite ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus feictear d’Údarás na Gaeltachta, agus do Joe Connolly, gur buntáiste mór é sin. Táthar ag súil de bharr na forbartha seo, agus an fhorbairt atá le déanamh ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i sráidbhaile Charna, go gcuirfear bunchloch láidir faoi thionscal na turasóireachta in Iorras Aithneach. Ceapann Joe Connolly go bhfuil an taobh tíre sin, agus an oidhreacht agus an cultúr traidisiúnta atá ansin, ina bhuntáiste mór don chineál oibre atá beartaithe acu féin.

Tógann sé roinnt blianta sula dtagann na costais forbartha agus infheistíochta a bhaineann le drioglann ar ais i gcuntais lucht forbartha. Caitear beartais eile gnó a thriail leis an mbearna sin a líonadh. Beidh an tIonad Oidhreachta agus an siopa earraí fite fuaite sa ngnó agus táthar ag súil go mbeidh tarraingt mhór orthu sin, agus go saothrófar ioncam astu i dtús aimsire.

Tá an cead pleanála ar an gcéad chruóg atá le láimhsiú agus tuigtear go bhfuil suíochan agus staidéar cuimsitheach déanta ar chuile bhlas a bhaineann leis an bplean.

Joe Connolly 3527-34a

Ba é Joe Connolly an captaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann i 1980, an chéad chraobh ag Gaillimh le 57 bliain. Bhí ceiliúradh ollmhór ar an mbua sin, ní hamháin i nGaillimh ach ar fud an iarthair uilig. Tá cuimhne fós ar an óráid a thug Joe Connolly – chuile fhocal i nGaeilge – nuair a ghlac sé le Corn Mhic Cárthaigh ar Ardán Ui Ógáin. Craoltar fós é mar shampla d’óráid iontach spreagúil. Trí bliana fichead a bhí Joe Connolly san am sin. Bhí deartháireacha Joe, John agus Michael, ar an bhfoireann sin i 1980 agus deartháir eile, Pádraig, ar an bpainéal.

Bhí lámh ag Joe Connolly agus a dheartháireacha i dtionscail agus i bhfiontraíocht in imeacht na mblianta. Chaith Joe Connolly tamall maith blianta ag plé le comhlacht Earraí agus Éadaí Spóirt Uí Chonghaile.

Ba as Tír an Fhia i gConamara iad muintir Chonghaile i dtosach ach d’athraíodar isteach go Gaillimh agus chuireadar fúthu ar an gCaisleán Gearr. Bhíodh cúigear acu ar fhoireann iomráiteach iomána an Chaisleáin Ghearr agus bhuadar craobhacha na Gaillimhe agus craobh chlubanna na hÉireann.

Tá Joe Connolly agus a chlann ag crochadh a gcuid bratacha i gCarna i gConamara anois agus súil ag an bpobal go dtabharfaidh siad lámh chúnta láidir do shaol eacnamaíochta agus sóisialta an cheantair sin.

Fág freagra ar 'Iar-laoch iomána na Gaillimhe i lár báire i bhforbairt drioglainne nua sa Ghaeltacht'