I ngrá le liopaí boga

Ba cheart balsam béil maith a roghnú do liopaí deasa sa ngeimhreadh agus an veasailín a fhágáil ar leataobh

Déanann fuacht crua an gheimhridh an diabhal ar na liopaí agus níor mhór iad a chosaint mar is ceart le balsam béil deas. Téann go leor daoine i muinín an veasailín ach ní leor é; tá difríocht shuntasach idir an struchtúr a bhaineann le veasailín agus le balsam béil.

Go bunúsach, feidhmíonn veasailín mar bhac nó mar bhalla cosanta leis na liopaí a chosaint ón ngaoth nó ón aimsir chrua. Ní féidir leis na liopaí an comhábhar bunúsach i veasailín – glóthach pheitriliam (petroleum jelly) – a shú isteach agus suíonn sé ansin ina chóta cosanta gan aon fhiúntas breise ann leis na liopaí a dhéanamh bog nó hiodráitiú a dhéanamh orthu. Tugann sé cosaint mhaith ón aimsir ach ní dhéanann sé níos mó ná sin.

Ach roghnaíonn cuid mhaith daoine veasailín dá liopaí go simplí mar go bhfuil sé saor. Is táirge gan mhaith é an glóthach pheitriliam a bhíonn fágtha mar fharasbarr ón tionscal scagtha ola. Déantar próiseáil breise air agus díoltar mar thairge úrnua é do chúram cnis. 

Ach is fearr i bhfad an rogha é balsam béil ceart a úsáid do na liopaí de bharr gur féidir leis sú isteach agus hiodráitiú ceart a dhéanamh sa bhreis ar an gcosaint ón aimsir.        

Seo ina na trí cinn is ansa liom féin:

1. Nuxe Reve de Miel Lip Balm 

 

1.

Is ionann an focal ‘miel’ sa bhFraincis agus an focal ‘mil’ againne i nGaeilge agus is cinnte go bhfuil blas na meala agus na líomóide ar an gceann seo. Táirgí nádúrtha iad 80% den chomhábhar a théann isteach sa bhalsam béil seo agus tá sé saor ó ghlóthach pheitriliam. Tugann sé cosaint mhaith do liopaí agus ceartaíonn sé damáiste atá déanta cheana féin dóibh ag an aimsir. 

2. Dr Lipp lip balm

2.

Seo an ceann is coitianta a roghnaíonn daoine a bhíonn ag plé go gairmiúil leis an tionscail smididh. As táirgí nádúrtha a dhéantar é – lanolin a thagann ó olann caorach. Níl aon bholadh air agus tá sé de cháil air go maireann sé ar feadh tamaill mhaith. Deirtear faoi go bhfuil sé chomh cineálta sin go bhfeadfaí é a chur ar pháiste nuabheirthe.

3. Clarins Instant Light Lip Comfort oil 

3.

As táirgí plandaí a dhéantar an balsam béil seo agus tá sé lonrach, milis. Tá rogha de bhlasanna ar fáil – sú craobh agus mil – agus tá olaí éagsúla measctha ann, san áireamh ola cnó coill agus jojoba. Tagann uirlis bheag spúinse lena chur ort go héasca agus is mór an spórt é.

Fág freagra ar 'I ngrá le liopaí boga'