‘I must look after my Celtic cousins first!’ – ná bac an BBC, cá bhfuil fear RnaG?

Suáilceas de chineál nach bhfuil ag baint leis na treibheanna eile a shamhlaíonn ár gcolúnaí le muintir na Breataine Bige

‘I must look after my Celtic cousins first!’ – ná bac an BBC, cá bhfuil fear RnaG?

Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Is aoibhinn don té a bheas beo

“Must look after my Celtic cousins first,”

Ba iad na Breathnaigh a tháinig chuig Bóthar Lansdúin an tseachtain seo caite. Is leis na hAlbanaigh déanamh amhlaidh faoi cheann sé lá, ansin beidh Cheltenham linn agus sa tóin aige sin Seán Buí in Twickenham. Is aoibhinn don té a bheas beo ina dhiaidh sin ar fad.

De na cluichí rugbaí idir na tíortha Ceilteacha, níl amhras ach gurb é ceann na Breataine Bige is ansa liom. Mar is iondúil bhí oiread dá gcuid ban le feiceáil ar shráideanna Bhleá Cliath Dé Sathairn seo caite agus a bhí de na fir.

Feictear dom suáilceas de chineál nach bhfuil ag baint leis na treibheanna eile a bheith ag baint leo.

Níl a fhios agam ach an oiread an mbíonn an seicteachas spóirt céanna le brath sa mBreatain Bhig agus a bhíonn i dtíortha eile.

Tá seans go bhfuil dul amú orm agus an cion atá agam ar chluichí rugbaí i Staid na Mílaoise ag cur isteach ar mo bhreithiúnas.

Cuireann sé drithlíní i mo chuid fola a bheith ag éisteacht leo ag casadh an amhráin náisiúnta Hen Wlad Fy Nhadau ansiúd. Níl fuaim ná ócáid ar domhan a léiríonn mórtas cine chomh maith leis.

Féach am eicínt ar an bhfíseán den leagan dó a dúradh roimh an gcluiche deireanach a d’imir Shane Williams dá thír thall ansiúd in 2011. Níl le cur i gcomórtas leis ach John Hayes i bPáirc an Chrócaigh agus Amhrán na bhFiann á chasadh sular imir siad féin agus Sasana a chéile ansiúd in 2007.

Ní shin amháin is cúis le mo ghean ar Staid na Mílaoise. I mbun mo chuid oibre ansiúd do Raidió na Gaeltachta bhíodh chuile bhuntáiste le fáil ag an nGaeilgeoir ó fhoireann theicniúil BBC Cymru nuair a théadh na nascanna ceangail leis an mbaile in aimhréidh – agus ba mhinic sin.

A liacht poll ar thóg fear amháin acu, a raibh Aled mar ainm air, astu mé.

Bhí lá ann agus gan le cloisteáil ar shreanganna an chórais cumarsáide ag chuile dhuine sa bhoth thráchtaireachta ach glórtha mar a bheadh préacháin ann – suas le ceithre sheirbhís de chuid an BBC ag grágaíl ar Aled bocht, an stáisiún iomráiteach spóirt BBC Radio 5 Live ar cheann acu.

Cé air ba thúisce a tháinig sé i gcabhair? Fear na Gaeilge! ‘Must look after my Celtic cousins first,’ a déarfadh sé.

Bhí lá eile ann nuair a luaigh tráchtaire a raibh canúint ardnósach na huasaicme air go mba iontas leis má bhí an oiread sin dáimhe eadrainn go mba ag Béarlóireacht lena chéile a bhí muid. ‘You know friend, this English language was only invented so that we Celts could talk to each other,’ a deir mo Aled leis.

‘Let him bring that back over the Severn with him now, butt,’ a deir mo chomhghleacaí Ceilteach liomsa faoina anáil.

Gan a bheith i gCluiche na nGael in Albain ach spórt mionlaigh is cúis le nach mbraithim oiread sin bráithreachais idir mé agus iadsan, is dóigh.

Is faide ó bhaile go mór an t-aistear ó Murrayfield go dtí a nead siúd sna Garbhchríocha ná an ceann ó Caerydd go Gleannta Dheiscirt na Breataine Bige.

Ní chruthaíonn sin ar fad b’fhéidir ach nach mbíonn an deis ag an Albanach a chuid Ceilteachais a léiriú i gceart ach amháin nuair a imríonn siad na Sasanaigh. Fós a liacht uair a bhí mé i nDún Éideann, ní spreagann ‘Flower of Scotland’ riamh mé mar a tharlaíonn dom i Staid na Mílaoise. Aisteach go dtuigim chuile fhocal dó sin agus mo náire nach dtuigim tada den cheann eile.

Ní hé nach bhfuil Gaeil na hAlban iad féin sách géarchúiseach agus iad a leagan amach sruthanna éagsúla an phobail.

Bhí mé ag ól deoch i dtábhairne sa nGearasdan (Fort William) roinnt blianta ó shin. I bhfoisceacht cúpla míle dúinn bhí Gleann Comhann, áit a ndearna arm an Rí sléacht cháiliúil ar Chlann Mhic Domhnaill i 1692 an Rathad gun a h-Eileanan (Bóthar na nOileán) taobh amuigh dár ndoras.

Ní raibh aon aithne agam ar mo chomrádaí dí, ach gur chodail mé ina theach an oíche roimhe.

Bhí feiceáil mhaith ag an mbeirt againn ar chuile dhuine a tháinig an doras isteach agus ní bhíodh siad suite ar an stól nuair a bhíodh a gcáilíocht tugtha ag mo chompánach.

Ní raibh trácht dá laghad aige a mba saibhir nó daibhir iad, a mba Gaidhlig nó Béarla a labhair siad, nó ar mba san eaglais nó sa séipéal a rinne siad guí.

Ba don spórt ab ansa leo a déanadh tagairt chuile gheábh. B’in í a shlat tomhais. ‘Neach-taice Rugbaidh’… ‘Cúl-taic Ball Coise’… ‘Goilfear’…

Bhí dosaen acu siúd sin tagtha isteach nuair a las an dá shúil ina chloigeann. ‘Camanaiche’ (imreoir shinty), a deir sé go bródúil.

Ní baileach gur dhúirt sé ‘agus fear ceart freisin’, ach bhí a fhios aige nach raibh aon chall dó leis.

Fág freagra ar '‘I must look after my Celtic cousins first!’ – ná bac an BBC, cá bhfuil fear RnaG?'