I mo luí ar an tolg, mo chluasáin mhóra orm, faoi dhraíocht ag Deborah Treisman

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: nuair nach raibh ár gcolúnaí ar fónamh ar na mallaibh, thit sé i ngrá in athuair le podchraoladh ficsin iomráiteach ar geall le céim shaor in aisce sa scríbhneoireacht chruthaitheach é

I mo luí ar an tolg, mo chluasáin mhóra orm, faoi dhraíocht ag Deborah Treisman

Tháinig Deborah Treisman, eagarthóir ficsin The New Yorker, i gcabhair orm arís thar thréimhse na Nollag.

Ní hea, níl scéal á fhoilsiú agam ar an iris sin. Níl mé chomh clúiteach sin fós.

Ba é an chaoi go raibh mé buailte ag drochráig den fhliú (nó den covid féin – níl fáil éasca ar thástálacha san áit a bhfuil cónaí orm) agus bhí mé róthinn agus róthuirseach le leabhar a choinneáil i mo lámh, gan trácht ar é a léamh.

Ach bhí mé in ann luí ar an tolg, mo chluasáin mhóra orm, agus éisteacht le podchraoladh míosúil Treisman, The New Yorker Fiction Podcast. I ngach eagrán, léann údar ar foilsíodh gearrscéal leis nó léi ar an New Yorker scéal le húdar eile a foilsíodh ar an iris sin, agus i ndiaidh an léimh cíorann Treisman agus an t-aoiléitheoir an scéal i gcomhrá spreagúil.

An babhta seo, d’éist mé le Mary Lavin á léamh ag Colm Tóibín, le Frank O’Connor á léamh ag Anne Enright, le Janet Frame á léamh ag Miranda July, le V.S. Pritchett á léamh ag Jonathan Lethem, agus le hiliomad scríbhneoirí eile: cuid acu beo, cuid acu marbh, clú agus cáil ar chuid acu, trácht cloiste riamh agam ar chuid eile.

Is minic cheana a tháinig Deborah Treisman i gcabhair orm nuair a bhí mo chroí briste ag leannán éigin, agus gan teip is í a bhíonn i mo chuideachta sna spéartha dorcha uaigneacha os cionn an Atlantaigh, nó go deimhin aon uair a chuirim aistear fada díom ar eitleán nó ar thraein.

Ba í a spreag mé chun gearrscéalta Mavis Gallant, atá (dar liom) ar chuid de na cinn is fearr dár scríobhadh riamh, a léamh.

Gan Treisman, drochsheans go mbeinn tar éis fáil amach faoin sárchnuasach úd ag ZZ Packer, Drinking Coffee Elsewhere, ná faoin tseoid rúndiamhrach sin de ghearrscéal ag Stuart Dybek, Pet Milk.

Tá gar do 180 eagrán sa tsraith podchraoltaí sin anois, iad ar fad ar fáil saor in aisce, agus is deacair luach a chur ar an saibhreas a bhaineann leo. Nílim ag dul thar fóir má deirim gur mó a d’fhoghlaim mé féin faoi cheird na scríbhneoireachta ag éisteacht le Treisman agus a cuid aíonna ná mar a d’fhoghlaim mé ó na cúrsaí agus na ceardlanna ar fhreastail mé orthu nó ó leabhar ar bith faoin gceird.

Céim saor in aisce sa scríbhneoireacht chruthaitheach atá i sraith podchraoltaí an New Yorker, i bhfocail eile.

Nárbh iontach an rud é, a shíl mé liom féin go minic, dá mbeadh podchraoladh mar sin ar fáil i nGaeilge?

Bhuel, anois tá!

D’éist mé le Bláth na dTulachden chéad uair aréir, podchraoladh nua ina dtugann an t-údar Réaltán Ní Leannáin cuireadh gach mí d’aoi speisialta chun gearrscéal as an gcnuasach Bláth na dTulach – Díolaim Ultach (Éabhlóid, 2021) a léamh agus comhrá a bheith acu faoin scéal ina dhiaidh. Aréir, d’éist mé leis an scéal Díoltas na Coilleadh le Seanán Mac Aoidh á léamh ag Suzanne Uí Ghallchóir agus táim ag súil go mór leis na heagráin eile sa tsraith.

Na hUltaigh chun tosaigh ar an gcuid eile den tír, mar sin, ach nárbh iontach an rud é dá gcuirfí a leithéid de thogra ar bun amach anseo a chuimseodh gearrscéalaíocht chomhaimseartha na Gaeilge ar fad?

Fág freagra ar 'I mo luí ar an tolg, mo chluasáin mhóra orm, faoi dhraíocht ag Deborah Treisman'

  • KH

    Dea-scéala – comhghairdeachas leo. Déantar amhlaidh ar fud na tíre – ról fíorthábhachtach le bheith ag closleabhair i sealbhú agus i saothrú na teanga.