Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?
Mo theaghlach, mo chairde, agus mo chomhghleacaithe agus iad i láthair in Charlie Byrne’s i gcathair na Gaillimhe nuair a seoladh mo chnuasach filíochta.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?
An chéad léirmheas ar Solas Geimhridh agus Dánta Eile ar Tuairisc.ie. Faoiseamh a bhí ann!
Thairis sin, an tacaíocht a fhaigheann tú ó phobal na Gaeilge nuair a fhoilsíonn tú leabhar.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?
An dóigh ina bhfuil slad á dhéanamh ar mhuintir na Palaistíne faoi láthair. Círéibeacha Bhaile Átha Cliath. Poll dubh na meán sóisialta.
An dóigh nach bhfuil mé in ann rud amháin a roghnú do na ceisteanna seo!
Cén tír nó áit is spéisiúla a thug tú cuairt uirthi i mbliana?
Ní duine mór taistil mé, caithfidh mé a admháil. Más é nach mbeadh cead agam Éire a fhágáil choíche arís ní bheinn róbhuartha faoi sin!
Thug mé cuairt ar Ghrianán Ailigh i mbliana den chéad uair agus chuir an radharc ón chathair sin i gcuimhne dom a speisialta is atá mo cheantar dúchais féin agus ceantar na teorann frí chéile.
I gConamara, chaith mé neart ama ar an phortach taobh thiar den teach i Roisín na Mainiach. ‘Síodumhach’ a thugtar ar an áit. Ní bhaintear móin ansin a thuilleadh, den chuid is mó, agus is minic a shiúlaim go sásta sa chiúnas ansin.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?
Ar an teilifís: Ireland’s Wild Islands ar RTÉ agus Rúin na bPortach ar TG4. Is breá liom cláracha faoin timpeallacht. Attack on Titan agus Neon Genesis Evangelion freisin – taitníonn animé na Seapáine thar barr liom.
Leabhair: Dán na hUidhre le Biddy Jenkinson; Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird; Mac an tSagairt le Mícheál Ó Conghaile; Beautiful World, Where Are You le Sally Rooney; Humankind: Solidarity with Nonhuman People le Timothy Morton.
Podchraoltaí: Inside Politics ó The Irish Times agus Poetry Unbound le Pádraig Ó Tuama.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?
Maidir leis an taighde agus leis an fhilíocht: gur cheart duit an rud atá i d’intinn a scríobh síos, fiú má cheapann tú nach bhfuil maitheas ar bith ann.
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?
Tá mé ag iarraidh PhD a scríobh faoi láthair agus dúirt mé liom féin ag tús na bliana go mbeinn sásta dá mbeadh cúpla caibidil déanta agam faoi dheireadh na bliana. Buíochas le Dia gur éirigh liom peann a chur ar phár!
Fág freagra ar '‘An chéad léirmheas ar mo chéad chnuasach filíochta – faoiseamh a bhí ann!’'