‘I knew I’d find it here!’ – camchuairt ar shiopa den seandéanamh

Thug ár gcolúnaí cuairt ar shiopa den tseanstíl, a bhí lán go béal le ‘wellingtons’, seideanna adhmaid, péint, pluiméireacht agus pluideanna do mhadraí

‘I knew I’d find it here!’ – camchuairt ar shiopa den seandéanamh

Siopa Mary Gallagher i mBealach a’Doirín, Tigh Mhicí ar an gCeathrú Rua, oifigí poist  ar fud na tuaithe – shílfeá nach raibh rath ar bith i ndán don siopa teaghlaigh feasta in Éirinn. Scéal truamhéalach é cinnte, ach is cinnte nach inniu ná inné a thosaigh an meath.

Is cuimhin liom féin nuair a tháinig an chéad ollmhargadh go Bealach an Doirín. ‘Supermonger’ a thug páiste amháin air sular thuig sé an focal i gceart. Ní raibh sé i bhfad ón bhfírinne. Is iad na mangairí móra anois atá ag baint súp as gnó na mbailte ar fud na tíre.

Múinteoir bunscoile ab ea mo mháthair agus ba chuimhin léi i gcónaí an chéad turas scoile a thug a scoil ar an ardchathair. Cá ndeachaigh siad don lá saoire? Caol díreach chuig an chéad ionad siopadóireachta a osclaíodh in Éirinn, i Stigh Lorgan.

Tá athchóiriú agus méadú á dhéanamh ar an ionad sin faoi láthair, faoi mar atá ar go leor de na hionaid mhóra atá thart orm, i Stigh Lorgan agus ar an gCarraig Dhubh. Ach céard é seo buailte ar an ionad i Stigh Lorgan ach siopa den tseanstíl, lán go béal le ‘wellingtons’, seideanna adhmaid, péint, pluiméireacht agus pluideanna (do mhadraí).

Fáilte go siopa crua-earraí Baumann. Agus an rud is mó a deir na custaiméirí? ‘I knew I’d find it here!’

Ní haon iontas go bhfuil ceangal láidir aige leis an ionad siopadóireachta – ba iad muintir Baumann a dhíol an suíomh talún  le haghaidh an ionaid nua sna seascaidí.

Le teann fiosrachta faoin siopa stairiúil, seanfhaiseanta seo, d’iarr mé eolas ar dhuine den fhoireann ansin. Bhí sé ag cur comhairle ar chustaiméir ag an am faoin mbeatha ab fhearr le tabhairt dá ghadhairín nua-cheannaithe.

‘Ó, caithfidh tú labhairt le Catherine,’ a dúirt sé. ‘Tá an stair ar fad aici.’

Duine de mhuintir Baumann í Catherine agus is lena deartháir an siopa anois, cé go n-oibríonn sí féin ann cúpla lá sa tseachtain. Sna luathsheachtóidí atá sí agus gan aon chaint aici éirí as.

Uachtar reoite sa Deli

Ba lena seanmháthair (ar thaobh a máthar) an talamh agus bhí feirm acu ansin. Gearmánach a rugadh ar an teorainn idir an Eilvéis agus an Ghearmáin ab ea a hathair – an tUasal Beaumann. Ach tháinig an t-athair go hÉirinn agus é ina lead óg agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.

Ba eisean a chuir tús leis an siopa ar an láthair ach choinnigh an tseanmháthair an fheirm ag imeacht ar feadh scaithimh. Tá na leabhair chíosa ón ngnó déiríochta fós ag Catherine.

An cháil ba mhó a bhí ar Baumanns i dtús ama ná go raibh ‘delicatessen’ ann nuair nach raibh a leithéid i mórán áiteacha. Bhí gach cineál bia, feoil, uachtar reoite, agus fíon ar ardchaighdeán ón bhFrainc ar fáil sa siopa.

Ba léir go raibh custaiméirí ar leith ag Beaumanns. Daoine saibhre as deisceart na cathrach agus daoine a raibh cuid de na seanchomhlachtaí móra i mBaile Átha Cliath ina seilbh.

Baile Átha Cliath difriúil a bhí ann an tráth sin.

Bhí mé sa siopa go minic cheana ach ní fhaca mé i gceart é gur thug Catherine ar camchuairt mé.

Cúinne iomlán lán le tancanna éisc, cúinne eile lán le boscaí do mhadraí, cuid speisialta le cur ar eitleán, seomra iomlán de threalamh agus éadaí iascairí, taisceadáin, péint, bia d’éanlaith, glantóirí, téitheoirí, píopaí agus earraí pluiméireachta, tairní agus scriúnna agus éinne ag iarraidh veist tarrthála?

Ach céard a tharla don delicatessen? Cé as a dtáinig an siopa crua-earraí?

Sampla maith é de ghnó a d’athraigh nuair ba ghá athrú a dhéanamh.

D’oscail an t-ionad siopadóireachta taobh le Baumanns sna seascaidí. Agus thosaigh an t-ollmhargadh ansin ag díol earraí a bhí cosúil le stoc Baumann. Nuair a chonaic an t-athair an fíon saor agus ábhair eile ag teacht óna chuid soláthraithe féin, chinn sé ar athrú treo. D’oscail sé siopa peataí ar dtús agus uaidh sin a d’fhorbair an gnó atá ansin inniu.

Níl a fhios cén stoc atá sa siopa acu. Céard é seo, stuif i gcomhair campála?

‘Ó sea,’ a dúirt Catherine. ‘Díolaimid go leor de sin i gcomhair na bhféilte ceoil.’ Campaí, tinte gáis, bairillí beaga gáis agus gach rud eile. Sea, ná dearmad na wellingtons.

Agus taobh amuigh, idir na carranna, tá seideanna adhmaid den uile chineál. ‘Déanaimid na seideanna muid féin,’ a deir Catherine. ‘Thíos san áit atá ag mo dheartháir i gCill Mhantáin.’ Drochmheas atá aici ar sheideanna réamhdhéanta eile as an tír seo. ‘Gearrann siad na crainnte róluath agus ní bhíonn an t-adhmad triomaithe mar ba chóir. Ceannaímid adhmad atá réamhthriomaithe i gceart as na tíortha Lochlannacha.’

‘Tráth amháin, bhíodh cláir níocháin againn anseo,’ a dúirt sí liom. ‘Cé a úsáideann cláir níocháin?’ Bhí faitíos orm go luafaí Ionaid níocháin na dTithe Maigdiléana, ach bhí mé ag dul sa treo mícheart ar fad.

‘Bannaí ceoil!,’ a dúirt sí, agus í ag gáire.

Faigheann sí glaonna gutháin ó áiteacha ar fud na tíre. ‘Aon seans go mbeadh speal agaibh? Corrán?’ Bí cinnte go bhfuil a leithéid aici i gcúinne éigin.

Ach céard atá i ndán don ghnó stairiúil neamhghnách seo? An dtógfaidh aon duine den chlann ar láimh é?

Seo an áit a n-éiríonn an cheist beagáinín casta. Tá an rud céanna tarlaithe do go leor gnóthaí eile ar fud na tíre. Bheadh cuid de na hoifigí poist agus siopaí beaga teaghlaigh fós oscailte dá mbeadh aon duine sásta iad a thógáil ar láimh. Ach toradh amháin ar an oideachas maith atá ar an gcéad ghlúin eile anois nach mian leo an lá a chaitheamh ina seasamh ag cuntar.

Agus amach anseo nuair a bheas speal nó corrán uait, tá súil agam go mbeidh Tigh Baumann fós anseo, nó beidh ‘time’ agat ar an idirlíon.

Fág freagra ar '‘I knew I’d find it here!’ – camchuairt ar shiopa den seandéanamh'

  • Sibéal

    Ceann des na cúiseanna go bhfuil siopaí sna bailte margaidh tuaithe á ndúnadh ná easpa pairceála. Sa cClochán i gConamara tá páirceáil faoi thalamh ag an gcrosbhealach a tharraingníonn daoine isteach sa mbaile.
    Maidir le Stigh Lorgáin, leag siad an tsráid ar fad go raibh cuma baile beag tuaithe uirthi sna 1960daí chun an ionad siopadóireachta a thógaint!