Tá laoch iomána Chill Chainnigh, Henry Shefflin le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann shinsir iomána na Gaillimhe.
Tuairiscítear go bhfógrófar anocht go hoifigiúil go bhfuil Shefflin le teacht i gcomharbacht ar Shane O’Neill, a d’éirigh as a chúram an mhí seo caite.
Bhí ráflaí ann an tseachtain seo go raibh Davy Fitzgerald le ceapadh sa ról ach Shefflin atá roghnaithe ag bord an chontae i nGaillimh. Meastar gur tréimhse trí bliana a thabharfar do Shefflin i gceannas ar an bhfoireann.
Bhí Jeffrey Lynskey agus Brian Hanley, beirt fhear áitiúla a bhí i gceannas ar fhoirne mionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobhacha na hÉireann le blianta beaga anuas ina measc siúd a bhí luaite leis an bpost, mar a bhí iarbhainisteoir an chontae, Micheál Donoghue.
Is é seo an chéad uair ag Shefflin ceannas a thógáil ar fhoireann idirchontae. Bhí sé ina bhainisteoir ar a chumann dúchais, Seamróga Bhaile Héil, nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána na hÉireann dhá bhliain as a chéile in 2019 agus 2020. Bhí Shefflin i gceannas i mbliana ar Bhaile Mhic Andáin i gCraobh Idirmheánach Chill Chainnigh.
Bhain Shefflin cáil amach mar dhuine de na hiománaithe ab fhearr riamh agus deich gcinn de bhoinn uile-Éireann buaite aige le Cill Chainnigh chomh maith le 11 gradam All Star.
Beifear ag súil i nGaillimh go mbeidh Shefflin in ann Joe Canning a mhealladh ar ais ag imirt leis an gcontae. D’fhógair Canning i rith an tsamhraidh go raibh sé ag éirí as a chuid imeartha le Gaillimh tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Phort Láirge i gcraobh na bliana seo.
Fág freagra ar 'Henry Shefflin le ceapadh ina bhainisteoir ar iománaithe na Gaillimhe'