Níl cuma rómhaith ar an ‘Handsome Devil’ seo as Éirinn

Ní leor mar mholadh ar ‘Handsome Devil’ gur táirge Éireannach é nó gur le dea-thoil a thugtar fé théamaí tromchúiseacha

Níl cuma rómhaith ar an ‘Handsome Devil’ seo as Éirinn

Handsome Devil

Stiúrthóir: John Butler
Cliar: Fionn O’Shea, Nicolas Galitzine, Andrew Scott, Moe Dunford, Michael McElhatton

Aon uair go bhfógraítear go bhfuil scannán Éireannach chugainn bítear ag súil go mór leis. Bímid ag tnúth gur saothar le dealramh a bheidh ann, saothar a thabharfaidh léargas faoi leith ar shaol agus meon na hÉireann. Dá réir tá buntáiste ag an scannán sara gcímid in aon chor é. I gcaitheamh na mblianta soláthraíodh roinnt seod; gach rud ó In the Name the Father agus My Left Foot go The Wind That Shakes the Barley, The Commitments agus The Guard.  Ar an drochuair, bhí orainn sluaisteáil tríd an aoileach go minic chomh maith. 

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit go bhfuil an saothar seo chun téamaí sollúnta a chíoradh le dáiríreacht agus cantam maith den ghreann; b’fhéidir gur cloch eile ar charn na seod a bheadh anseo.  I dtosach an scannáin tagraítear d’imní déagóirí is iad ag dul sna fir, homafóibe, claonadh gnéis agus bulaíocht. Ní tromchúis go dtí é.

Ábhar díomá, agus alltacht ar uairibh, go ndéantar na hábhair seo a chíoradh go liobarnach as sin go ceann scríbe.

Sa chéad radharc címid Ned (O’Shea) ag filleadh ar an scoil chónaithe phríobháideach, lár tíre a bhfuil an ghráin aige uirthi. Scoil í atá gafa go hiomlán ag an rugbaí, spórt nach bhfuil aon suim aige féin ann agus a bhfuil bulaíocht á déanamh air dá réir. Déantar trácht ar an mbulaíocht sin ón tús mar aon le nós na ndéagóirí fireanna an aeracht a úsáid mar mhasla uilíoch. Tagann athrú ar cúrsaí nuair a thagann Conor, staic bhreá an teidil agus imreoir rugbaí den scoth, chuige mar chomrádaí seomra.

Ar dtús déantar iarracht réasúnta an greann a nascadh leis an ábhar tromchúiseach le monalóga inmheánacha deisbhéalacha an phríomcharachtair. Go deimhin mheabhraigh an deaslabhra neamhréalaíoch ar fad  Dawson’s Creek dom. Meabhraíodh Teachers (an táirge iontach sin ó Channel 4 le Andrew Lincoln) dom chomh maith sa tslí gur deineadh iarracht fiántas agus alfraitsíocht na scoile a shníomh isteach i gcúl na radharc.

In áiteanna eile d’imíoadar amach ón gcairt ar fad sa léiriú a tugadh ar shaol na scoile; scoláire fágtha i mBaile Átha Cliath i ngan fhios do chách, múinteoirí amuigh ag ól le scoláirí faoi aois, srl. É sin ar fad agus an múinteoir nua nach raibh ann i ndáiríre ach macasamhail charachtar Robin Williams in Dead Poet’s Society.

Rud amháin a chuireann pip orm i go minic sa phictiúrlann (i scannáin ar bhuiséad íseal ach go háirithe) ná na hiarrachtaí ciotacha radharcanna ina mbíonn sluaite a léiriú. Bhíodar againn anseo go rábach: tionól scoile in raibh níos lú ná céad duine agus ceathrar múinteoirí, traenáil rugbaí le deichniúr agus caint leath-ama le 14 imreoir. Loiteann siad an domhan samhailteach atá cruthaithe, le dua go minic.

Tá an cuar scéalaíochta seo seanchaite agus aontoiseach go maith. Saghas rom-com do chairde. Tá sé fuirist go maith an cúpla casadh a thagann ár dtreo a thuar. Tugtar sinn go críoch phatuar agus faoin tráth sin bhí aon chíoradh ar théamaí sollúnta caite thar claí. Ní leor féachaint air seo toisc gur táirge Éireannach é nó gur le dea-thoil a thugtar fé théamaí tromchúiseacha.