Tá cluiche ceannais na mionúr ar siúl agus dhá chontae Muimhneach ag imirt
Is é grianstad an tsamhraidh an lá is faide sa bhliain, rud a chiallaíonn gurb é sin an lá leis an líon is mó uaireanta de sholas an lae.
Do dhaoine áirithe, is ceiliúradh é ag breacadh an lae. Do dhaoine eile, is é tús an tsamhraidh é agus gealltanas go bhfuil laethanta níos teo le teacht.
Do leantóirí na hiomána sa tír bheag seo, tharla eachtra nach raibh súil leis i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, an 21 Meitheamh, grianstad an tsamhraidh. Buadh ar Luimneach.
Sea, tá Luimneach imithe as an gcraobh iomána, buailte go cothrom agus go cóir ag foireann ó Bhaile Átha Cliath a bhí ar fheabhas ó thús deireadh. Tar éis 15 nóiméad agus cárta dearg tugtha do Chris Crummy, is cinnte go raibh an chuma ar an scéal go bhfaigheadh foireann na hardchathrach léasadh ceart. Ach ón bpointe sin amach, d’imir Baile Átha Cliath amhail is gurbh iadsan an fhoireann ag a raibh na gradaim, na boinn agus na coirn go léir. D’imir siad le muinín a chuaigh glan i gcoinne a n-easpa taithí ag an leibhéal seo.
Roimh an gcluiche ní raibh duine ná deoraí ag tabhairt aon seans dóibh. Bhí an chaint go léir anseo cois Laoi faoin chéad chluiche eile mar a mbeadh Corcaigh ag imirt Thiobraid Árann agus Cill Chainnigh i gcoinne Luimnigh. Dar ndóigh tá cuma dhifriúil ar fad ar an scéil anois.
Sa chluiche ceathrú ceannais eile bhí Tiobraid Árann i bhfad rómhaith don Ghaillimh don chuid is mó den cluiche. Agus chríochnaigh an turas go díomách d’fhoireann seo na Gaillimhe.
Anois tá ceithre chontae fágtha agus Áth Cliath ina measc. Beidh níos mó faoi sin an tseachtain seo chugainn. Tá cluiche tábhachtach amháin ar siúl um thráthnóna i Staid Semple.
Tá cluiche ceannais na mionúr ar siúl agus dhá chontae Muimhneach ag imirt. Chonaic mé cuid maith de na cluichí sa dá chúige agus bhí an caighdeán thar a bheith ard ag na hógánaigh seo atá faoi sheacht mbliana déag. Bhí an dá chluiche leathcheannais coicís ó shin thar a bheith iomaíoch agus suimiúil.
Sa chéad chluiche ar an Satharn ba ag Port Láirge a bhí an bua agus áit i gcluiche ceannais iomána Mhionúir na hÉireann den chéad uair ó 2013, tar éis bua corraitheach trí phointe ar Chill Chainnigh i bPáirc Loch Garman, bua inar thug Cormac Spain taispeántas den scoth agus 2:6 ar chlár na scór aige. Cé gur facthas speach ó Chill Chainnigh luath sa chluiche le cúl ó Cian Byrne laistigh de 42 soicind, níor thóg sé i bhfad ar Phort Láirge an scéal sin a chur ina cheart. D’fhreagair Shane Power agus Jamie Shanahan sular chuir pas slachtmhar ó Tommy Kennedy an deis ar fáil do Spain a sheachtú cúl an séasúr a fháil. Uaidh sin go dtí an fhead deiridh bhí an-coimhlint ann agus an bua idir dhá cheann na meá go dtí an soicing deiridh. D’fhág an bua sin gurb iad Port Láirge a bheidh ag dul chun páirce i gcoinne an Chláir inniu.
Sa chluiche leathcheannais eile ar an Domhnach bhí na Corcaígh agus na Cláirínigh ar comhscór 11 uair ar fad os comhair 2,855 duine i Staid Semple, ach bhí An Clár níos fearr ag an deireadh, d’ainneoin 14 iarracht a chur ar fóraoil.
Ghearr a gcuid gluaiseachtaí pasála cliste trí Chorcaigh timpeall lár na páirce agus chruthaigh siad mórán seansanna scórála.
I gcluiche leathcheannais den scoth, ba é Paul Rodgers, deartháir óg leis an réalt sinsir Mark, a bhí ar bharr na cairte scórála. Scóráil sé 0-13 san iomlán, lena n-áirítear 10 bpointe ó phocanna saora agus poc taobhlíne den scoth gar don líne 65.
Mar a tharla sé, Corcaigh a bhuaigh Craobh na Mumhan i gcoinne Phort Láirge agus sa chluiche babhta a bhí idir an Clár agus Port Láirge bhí sé chúilín le spáráil ag na Déise. Ar an ócáid sin scóráil Spain 1.12 dos na Déise agus Rogers 1.8 don Chlár.
Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu agus is cinnte go mbeidh tionchar mór ag Spain agus Rodgers ar an scór agus ar an toradh.
Fág freagra ar 'Grianstad an tsamhraidh agus an eachtra iomána nach raibh aon duine ag súil léi'