Greim an phortáin ghlais ag Áth Cliath ar Sam agus níl aon fhonn scaoilte orthu

Níl aon éachtaint fachta ó Áth Cliath againn a déarfadh linn gur ag maolú ar a ngoile, ar a bhfonn fiaigh agus ar a scamhadh chun oibre atá

Greim an phortáin ghlais ag Áth Cliath ar Sam agus níl aon fhonn scaoilte orthu

Ciarán Kilkenny, Brian Fenton agus James McCarthy. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Pé stóinseacht a bhain le Mickey Graham mar imreoir caide, pé righneas a bhí ann, pé fraoch díchill a bhíodh air i gcónaí ba dheacair gan ceann a thógaint de. Tá na tréithe céanna le feiscint ina bhuíon imreoirí inniu agus beidh na tréithe sin ag teastáil ó thalamh tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh.

Is mór an trua nach mbeidh muintir an Chabháin i bPáirc an Chrócaigh chun a bpeileadóirí a fheiscint mar, seachas iad a bheith ag teastáil chun a bhfoireann a ghríosadh in aghaidh na hamhailte, ní mór an lucht leanúna sa tír atá chomh scoite chun caide is atá muintir Bhreifne.

Más aon slat tomhais an gleo agus an fothragadh a bhí i gcluiche ceannais faoi 21 na hÉireann i 1996 in aghaidh Chiarraí acu agus inár gcoinne arís i gcluiche leathcheannais na hÉireann 1997, bheadh sé ina chibeal ar fad tráthnóna dá mba ann do lucht leanúna an Chabháin. Mór an trua, ach ní haon chabhair dúinn bheith á cháiseamh mar, dála na haon ní eile fé bhiaiste na bliana 2020, tarlóidh sé dár n-ainneoin glan.

Tá an bhraistint chéanna agam fé chluiche an tráthnóna. Is cuma cén tiarnúlacht, cén sprid agus cén tseift a bhíonn ag an gCabhán, is dóigh liom gurb é a mbris atá i ndán dóibh ainneoin a ndíchill. Ní deirim é sin le drochmheas ar an gCabhán ná le drochmheas ar a bhfuil bainte amach cheana féin i mbliana acu ach le hurraim agus ómós do bhuachaillí Átha Cliath.

Ní hamhlaidh go raibh a dtaispeántas in aghaidh na Mí coicíos ó shin gan cháim ach bhí sé ar an dtaispeántas is fearr atá tugtha le tamall acu agus ba leor san chun a bhfuil d’fhoirne fágtha sa chraobh a chloí aon lá. Fág is go raibh contae na Mí leachta liobarnach i mórán gnéithe den imirt, fós féin, ní raibh aon choinne agam le leithéidí Robbie McDaid agus Seán Bugler a bheith chomh mór os cionn a mbuille is a bhíodar ina gcéad chluiche ceannais Laighean.

Ní dócha gur cheart go gcuirfeadh sé aon iontas orm ag an bpointe seo ach níl aon éachtaint fachta ó Áth Cliath againn coicíos ó shin a déarfadh linn gur ag maolú ar a ngoile, ar a bhfonn fiaigh agus ar a scamhadh chun oibre atá.

Bhí éachtaint ghlé againn ar na tréithe seo go léir leathshlí tríd an dara leath de chluiche ceannais Laighean agus na Dubs ar a socracht, cúig phointe dhéag chun cinn agus an cluiche imithe ó mhaith. Bhí seilbh na caide ag contae na Mí, iad ag brath rompu i dtreo bháide Chnoc 16 agus iad ag iarraidh bearna a aimsiú i gcosaint Átha Cliath. Ní raibh ag éirí leo.

Bhí an chaid á pasáil sall is anall timpeall lár an ghoirt nó gur theip ar fhoighne Dean Rock.

D’fhág sé a ionad ar thaobh na Canála, chuaigh le fonn i dtreo na himeartha, leag lámh ar thriúr de chuid imreoirí na Mí, chuir dá mbuille iad sa tslí dhuit gur chailleadar seilbh na caide fé bhun an Chnoic.

Faoin dtráth is go raibh an chaid tugtha faid na páirce aníos arís, bhí Rock ar cheann na gluaiseachta chun scór eile a chruthú. Rud amháin is ea a leithéid a dhéanamh ar na laethanta móra ach chun é a dhéanamh gach aon lá go diongbháilte buanseasmhach, beag beann ar ócáid, ar ardán ná ar aird na ndaoine – sin gníomh ar leith.

Ní chím aon tslí go bhféadfadh an Cabhán aon stangadh a bhaint astu tráthnóna ach is dócha go ndéanfar tástáil arís eile ar an dtuairim (easnamhach agus míchuí dar liom) go bhfuil laige éigin le haimsiú i líne lánchúil Átha Cliath má théitear ag cuardach. Bheadh an Cabhán faillitheach i mbun a gcúraim mura mbainfidís triail as an gcaid ard tar éis an raithneach a bhaineadar aisti in aghaidh Dhún na nGall i gcluiche ceannais Uladh.

Bhí rud éigin mí-aimseartha, neamhchoitianta ag baint le báide an Chabháin an lá úd. Bhíodar pointe chun tosaigh agus an clog ag bagairt clabhsúir. Lascáladh an chaid amach go lár an ghoirt sa tslí thraidisiúnta. Ghreamaigh Thomas Galligan sa tslí thraidisiúnta a dheineadh imreoirí lár páirce ar nós John McDermott na Mí fadó. Deineadh calaois ar Galligan agus seachas an cic saor a thógaint é féin, chaith sé an chaid cliathánach go dtína chomhghleacaí Gearóid McKiernan, imreoir eile atá chomh traidisiúnta i meon agus i gcur chuige is atá fós ag imirt.

De ghnáth sa chás san, agus d’fhoireann atá pointe chun cinn, bheadh béim ar sheilbh na caide a choimeád. Ach cad a dhein mo dhuine? Lascadh eile den gcaid anuas sa mhullach ar bháideoir na gConallach, Shaun Patton. Dhein siúd an rud nua-aimseartha a dheineann báideoirí na linne agus chur dhá dhorn iata léi agus bhí ceann d’iontaisí móra na craoibhe againn dá bharra – báide ag Conor Madden agus bua ceithre phointe ag an gCabhán.

B’fhéidir go mbainfí siar as cosantóirí Átha Cliath tráthnóna le cur chuige traidisiúnta ná feictear leathmhinic a dhóthain sa gheimhreadh.

Ach ní dóigh liom gur leor san chun greim an phortáin ghlais atá ag Áth Cliath ar Sam a scaoileadh.

Fág freagra ar 'Greim an phortáin ghlais ag Áth Cliath ar Sam agus níl aon fhonn scaoilte orthu'