Gradam gnó trasteorann bainte ag comhlacht iompair as Gaoth Dobhair

Cuireadh comhlacht busanna Patrick Gallagher, atá lonnaithe i mBun na Leaca, chun tosaigh do Ghradam Gnó Thuaisceart Éireann roinnt míonna ó shin

Gradam gnó trasteorann bainte ag comhlacht iompair as Gaoth Dobhair

Tá gradam gnó trasteorann bainte ag comhlacht iompair as Gaoth Dobhair dá seirbhís bus as Dún na nGall go Béal Feirste.

Cuireadh comhlacht busanna Patrick Gallagher, atá lonnaithe i mBun na Leaca, chun tosaigh do Ghradam Gnó Thuaisceart Éireann roinnt míonna ó shin.  Thug cuid den lucht gnó atá lonnaithe ar dhá thaobh na teorann turas ar na busanna idir na Rosa agus Béal Feirste agus ba phainéal moltóireachta bunaithe ar an lucht gnó sin a chaith na vótaí don duais seo.

Tá comhlacht mhuintir Uí Ghallchóir ar an fhód ó sheachtóidí an chéid seo caite nuair a bhíodh turais go Glaschú á reáchtáil acu chomh maith le seirbhís d’oibrithe ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair, tráth a raibh na monarchana in ard a réime ansin.

Tosaíodh ar an tseirbhís ón Ghaeltacht go Doire agus Béal Feirste in 2003 agus bíonn turais fillte ann achan lá.

Ag labhairt dó ar an chlár Barrscéalta ar RTE Raidió na Gaeltachta inné, dúirt úinéir an chomhlachta Pádraig Ó Gallchóir go raibh lúcháir mhór orthu an t-aitheantas seo a fháil agus go raibh neart daoine ag taisteal leo faoi láthair go Béal Feirste de thairbhe luach íseal an steirling. Caithfear a bheith cúramach faoi thionchar imeacht na Breataine as Aontas na hEorpa a dúirt sé, ach faoi láthair tá an comhlacht ag baint buntáiste as.

Fág freagra ar 'Gradam gnó trasteorann bainte ag comhlacht iompair as Gaoth Dobhair'