Gradam an Uachtaráin 2020 le bronnadh ag Conradh na Gaeilge ar Ghearóid Ó Tuathaigh

Cuirfear tús inniu le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine i mBóthar na Trá sa Ghaillimh

Gradam an Uachtaráin 2020 le bronnadh ag Conradh na Gaeilge ar Ghearóid Ó Tuathaigh

Bronnfar Gradam an Uachtaráin 2020 ar an staraí aitheanta Gearóid Ó Tuathaigh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge atá ar siúl sa Ghaillimh an deireadh seachtaine seo.

I measc na rún a phléifear ag an Ard-Fheis tá rúin ag tacú le héilimh réamhthoghcháin na heagraíochta teanga: Aire Sinsearach don Ghaeltacht,  breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Ar na rúin eile a bheidh á bplé tá rún ó Chraobh Uíbh Ráthaigh go mbunófaí coiste Gaeltachta laistigh den eagraíocht chun “díriú go sonrach ar pholasaí agus ar chur chuige na heagraíochta i leith na Gaeltachta”.

De réir rúin atá molta ag Craobh Chuallacht Cholmcille, Ollscoil Mhá Nuad chuirfeadh an Rialtas scoláireachtaí ar fáil do dhaoine ar scéimeanna cónaithe Gaeilge i gcoláistí tríú leibhéal.

23 rún ar fad a bheidh á bplé ag an Ard-Fheis a gcuirfear tús anocht léi anocht le seimineár dár teideal ‘Oideachas, Reachtaíocht agus Toghcháin’.

Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.ie, a bheidh ina cathaoirleach ar an díospóireacht anocht agus is iad an Seanadóir nuacheaptha, Seán Kyne, Fine Gael, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, agus an Teachta Dála, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, a bheidh i mbun allagair.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh “dúshláin agus deiseanna nua ann” do phobal na Gaeilge mar gheall ar an leagan amach nua ar chúrsaí polaitíochta thuaidh agus theas.

“Is cinnte agus muid ag amharc ar an socrú nua ó thuaidh agus torthaí an toghcháin ó dheas go bhfuil an timpeallacht teanga a mbíonn muid ag saothrú inti ag athrú. Leis na hathruithe sin, tagann idir dheiseanna agus dúshláin.

“Tá Conradh na Gaeilge tiomanta an leas is fearr a bhaint as na socruithe seo agus an tírdhreach nua polaitiúil a bheas againn chun tuilleadh tacaíochta agus deiseanna a chruthú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go dtabharfaidh an Ard-Fheis “deis” do bhaill an Chonartha plé a dhéanamh ar na “ceisteanna is práinní” atá ag pobal na Gaeilge.

“Tugann an Ard-Fheis deis dúinn gach bliain teacht le chéile, spásanna a chruthú agus fóram daonlathach a éascú chun plé a dhéanamh ar na ceisteanna is práinní ag pobal na teanga.

Tráthnóna inniu a chuirfear tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá i nGaillimh. Leanfar le himeachtaí na hArd-Fheise amárach nó go gcuirfear clabhsúr ar an ócáid oíche amárach le Dinnéar na hArd-Fheise, siamsaíocht agus bronnadh Ghradaim Chonradh na Gaeilge.

Is ar an staraí aitheanta Gearóid Ó Tuathaigh a bhronnfar Gradam an Uachtaráin i mbliana agus beidh píosa cainte á thabhairt uaidh aige le linn Dhinnéar na hArd-Fheise.

Déanfar Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh go náisiúnta tráthnóna Dé Sathairn agus tá fáilte roimh chách ag imeachtaí an deireadh seachtaine.

Fág freagra ar 'Gradam an Uachtaráin 2020 le bronnadh ag Conradh na Gaeilge ar Ghearóid Ó Tuathaigh'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Comhgháirdeachas leat a Ghearóid – éacht déanta agat thar na mblianta – Go neirí go geal leat i gcónaí, bain taitneamh as an oíche agus go maire tú an céad.