Gradam An Post do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin

Seo an ceathrú bliain rannóg ar leith don Ghaeilge a bheith ag na gradaim Irish Book Awards An Post agus í urraithe ag LoveLeabharGaeilge

Gradam An Post do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin

Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin ag na An Post Irish Book Awards.

As Maigh Eo ó dhúchas do Thadhg Mac Dhonnagáin atá ina chónaí ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara le fada. Is é an comhlacht foilsitheoireachta aitheanta Futa Fata agus Barzaz, inphrionta nua de chuid an chomhlachta sin, a d’fhoilsigh Madame Lazare.

Insítear in úrscéal Mhic Dhonnagáin scéal faoi chailín óg as Árainn aimsir an dara cogadh domhanda.

Tá ardmholadh faighte ag Madame Lazare ó na léirmheastóirí. Dúirt Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie gur “úrscéal iontach atá ann don oíche airneáin nó don latté i gcaifé idirnáisiúnta”. ‘Leabhar na bliana domsa,’ an cur síos a rinne an scríbhneoir Doireann Ní Ghríofa air agus dúirt Áine Ní Ghlinn gurb é an t-úrscéal Gaeilge is fearr a léigh sí le “blianta fada”.

Cúig leabhar Gaeilge a bhí roghnaithe ar an ngearrliosta do ghradam leabhar Gaeilge na bliana ag na Irish Book Awards 2021.

Ba iad na leabhair eile a roghnaíodh ar an ngearrliosta ná An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag le Áine Ní Chonghaile (CIC), Inní le Réaltán Ní Leannáin (Éabhlóid), Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin (Leabhar Breac) agus Mé Suibhne le Feargal Ó Béarra (Leabhar Breac).

An leabhar Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde a thug leis duais na Gaeilge anuraidh agus Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson a bhuaigh an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana in 2019 agus 2018 faoi seach.

Seo an ceathrú bliain rannóg ar leith don Ghaeilge a bheith ag na gradaim agus í urraithe ag LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair Ghaeilge nuafhoilsithe chun cinn.

Fág freagra ar 'Gradam An Post do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin'

  • Peadar O'Cearnaigh

    Tadhg, Tá mé ag foghlaim Gaeilge arís ag ranganna oíche san Ollscoil i gCorcaigh, agus mé a hochtó bliain d’aois. An bhfuilim as mo mheabhair? Cheap an múinteoir go raibh an scéal Madame Lazare go hiontach, ach b’fhéidir nach raibh go leor Gaeilge agam chun é a léamh roimh dheireadh mo shaol. Anois táim críochnaithe tar éis cúig mhí ins an leabhair agus an foclóir. Do tharraing an scéal lmeis tríd mo Ghaeilge bhocht. Táim an-buíoch duit mar chuir an scéal áthas mór orm. Tuigim anois go bhfuil tú Mac Dhonnagáín an File, an Ceoltóir agus an Úrscéalaí mar tá siad go léir san leabhair. Míle buíochas, Peadar