Úrscéal iontach Gaeilge don oíche airneáin nó don latte i gcaifé idirnáisiúnta

Tá iliomad cúiseanna ann gur fiú duit an chéad úrscéal do dhaoine fásta ó Thadhg Mac Dhonnagáin a léamh

Úrscéal iontach Gaeilge don oíche airneáin nó don latte i gcaifé idirnáisiúnta

Madame Lazare
Tadhg Mac Dhonnagáin
Foilsithe ag Barzaz
Praghas €16

Is beag seanGhaeilgeoir nár cheannaigh leabhar ar son na cúise agus a streachail le hábhar is friotal tur tuirsiúil sa mbaile ar an gcúis chéanna ach má éiríonn le Barzaz, stábla nua Futa Fata, leabhra spéisiúla mar Madame Lazare a choinneáil linn beidh na peiríocha sin thart.

Fainic amháin, má bhíonn aon chruóg ort moch an mhaidin dár gcionn ná tosaigh ar an leabhar seo san oíche mar ní ligfidh an fhiosracht duit í a leagan uait.

Crochfaidh an leabhar seo léi thú go hÁrainn agus Londain bhlianta deireanacha an dara cogadh mór agus 50 bliain ina dhiaidh sin go Páras agus an Bhruiséil. Ó shaol an bheagáin agus na deabhóide don Mhaighdean Mhuire go dtí an teitheadh ón uileloscadh agus deabhóid na nGiúdach agus as sin go dtí domhan digiteach an lae inniu lena chuid aistritheoirí, caiféanna agus dánlanna.

Beirt bhan, mamó agus a gariníon agus an caidreamh céasta atá eatarthu croí an leabhair seo. Fiosracht na hóige ag spochadh na mná óige le ceisteanna go leor a chur ar Mhamó, ceisteanna nach mian léise a fhreagairt. Giúdach a d’éalaigh as an Eastóin sula ndíothófaí í, arb as an scéin sin a tháinig an drogall atá uirthi a scéal a inseacht? Cén fáth nach bhfuil sí ina Giúdach chomh dúthrachtach deabhóideach céanna lena hiníon, a mharaigh an ailse, agus a gariníon óg atá faoina cúram féin is a fir ina seanaois? Cé hí nó cérbh í Madame Lazare? Sin an cheist a chuirfeas ag treabhadh na leathanach thú agus leideanna is barúlacha go leor á muirniú agat ar a seal.

Is iontach go deo an chaoi ar thug an t-údar leis saol na 1940idí ar chósta thiar na hÉireann. An bhaintreach athar, beagfhoclach gruama agus a bheirt iníonacha ag cur an tsaoil díobh mar a rinne a sinsir agus an phaisinéireacht go Meiriceá fós ina grásta. Amhail Máire is Marta an Bhíobla is mór idir na deirfiúracha, duine ag sclábhaíocht agus duine ag pleanáil agus cúram a ndearthár a raibh trom-éalang air leagtha orthu go hóg.

An sagart suáilceach, an t-ainchríost de mháistir scoile diaganta agus an náire faoi éagumas an mhic – iad ar fad beo beathach ar an leathanach. I gcead do bhéaloideasóirí, bhain mé féin an-spraoi as ‘fear an folklore’ den tseanstíl agus an mórtas agus an t-éirí in airde a bhí ar an athair go ngabhfadh a chuid seanchais go Bleá Cliath, dá bhfaigheadh sé leis an dán breá siúd.

Cumadóir agus amhránaí amháin a thuigfeadh go bhfeicfeá i ‘gciorcal an airneáin’ agus Eoin Éamoinn ag gabháil fhoinn ‘gné dá nádúr nach mbeadh nochtaithe mórán riamh’.

An aois agus an saochan céille a tháinig ina teannta a leag caisleán cártaí na seanmháthar agus bhí a dóthain le déanamh ag iníon a hiníne, agus ag an léitheoir seo, leis na míreanna uilig a chur ina chéile arís.

Tráthúil go leor bhí aistritheoir Gaelach na Bruiséile, cé nár ghean leis í mar cheird agus a chroí sa mbéaloideas (‘ní hin í mo ghairm’) in ann cabhrú léi cuid dá cuid rún a aimsiú le cabhair Bhailiúchán na Scol.  An scannán Oidhche Sheanchais a mheabhraigh críoch an leabhair seo in 2018 dom féin agus an saol nua ag léiriú an tseanchinn.

Bhí Madame Lazare, an chéad úrscéal do dhaoine fásta ó Thadhg Ildánach Mac Dhonnagáin, ainmnithe ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2021 agus fuair dréacht den úrscéal duais liteartha an Oireachtais agus is mairg a bheadh ina dhiaidh ar an saothar spéisiúil, dea-scríofa, taitneamhach seo. Cúitíonn an clúdach, an cló soléite, an Ghaeilge bhreá nádúrtha agus an scéal féin aon iomrall profála nach maithfinn go brách i leabhar na cúise.

Leabhar don oíche airneáin nó don latte i gcaifé idirnáisiúnta.

Coinnigh leis, a Thaidhg!

Fág freagra ar 'Úrscéal iontach Gaeilge don oíche airneáin nó don latte i gcaifé idirnáisiúnta'