GRADAIM NÓS: ‘Táimid ag súil le saibhreas an cheoil chomhaimseartha Ghaeilge a léiriú i lár na hardchathrach anocht’

Baileoidh scoth na gceoltóirí Gaeilge le chéile sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath anocht do Ghradaim NÓS

GRADAIM NÓS: ‘Táimid ag súil le saibhreas an cheoil chomhaimseartha Ghaeilge a léiriú i lár na hardchathrach anocht’

Beidh oíche mhór cheoil sa Sugar Club anocht agus Gradaim NÓS 2019 á reáchtáil ansin.

Baileoidh scoth na gceoltóirí Gaeilge le chéile i mBaile Átha Cliath don ócáid bhronnta, atá ar an bhfód le ceithre bliana anuas.

“Tá muid ar bís don oíche anocht agus beidh plúr na gceoltóirí comhaimseartha Gaeilge i láthair sa Sugar Club,” a deir Maitiú Ó Coimín, eagarthóir na hirise ar líne NÓS. “Tá áthas ar NÓS go bhfuil muid in ann an t-aitheantas atá dlite ag na ceoltóirí seo a thabhairt dóibh arís eile i mbliana.

“Is cuid lárnach de shaol na Gaeilge na healaíona Gaeilge, agus tá an ceol nua-aimseartha ar cheann de na príomhealaiona sin. Tá sé tábhachtach ardán agus aitheantas a thabhairt do Ghaeil atá ag cruthú ábhar maith ealaíonta do Ghaeil eile.”

Tá leithéidí KNEECAP, Seo Linn agus Séamus Barra Ó Suilleabháin san iomaíocht do ghradam ‘Amhrán na Bliana’, ceann den ocht ngradam a bhronnfar anocht.

I measc na rannóg eile, tá ‘Físeán na Bliana’, ‘Nuíosach na Bliana’ agus ‘Féile na Bliana’.

“Is léir ó liosta na n-ainmniúchán go bhfuil réimse leathan ceoltóirí ag saothrú i ngort an cheoil chomhaimseartha Ghaeilge, ó cheann ceann na tíre, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht,” arsa Ó Coimín.

“Tá muid ag súil leis an saibhreas mór cultúir seo a léiriú don saol mór i lár na hardchathrach agus ar fud an domhain ar RTÉ RnaG anocht.”

Mar aon le bronnadh na ngradam, beidh ceol beo le linn na hócáide agus leithéidí SÍOMHA, Emma Ní Fhíoruisce, Cárthach Mac Craith agus DJ Ben Ó Faoláin ag dul ar stáitse.

Craolfar Gradaim NÓS beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht.

Is féidir ticéid a cheannach go fóill don ócáid anseo.


Liosta na n-ainmniúcháin

Amhrán na Bliana

Amach Anocht – Kneecap

Bain an Glas – Seo Linn

Ceol Baile – Thatchers of the Acropolis

Craobhacha – Síomha

Cúramaí an tSaoil – Aeons, le The Rubberbandits

Géill Slí – Bruadar

GMT – Woodheart

Incognito – Kneecap

Mise agus Tusa – Tadhg Ó Grífín, le Geal

Neart – Oisín Mac

Raithneach – Séamus Barra Ó Súilleabháin

Saol Gan Treo – Vigilanti

Albam na Bliana (Nuacheol)

3CAG – Kneecap

An Béal Gorm – Jim Johnston

Arís – Hyper[borea]

Fís – Aeons

Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)

ALLT – Julie Fowlis / Éamon Doorley / Zoë Conway / John Mc Intyre

An Tobar Séimh – Cárthach Mac Craith

Idir Mhuir agus Sliabh – Diane Ní Chanáin

The Gap of Dreams – Altan

The High Seas – Caitlín Nic Gabhann / Ciarán Ó Maonaigh / Cathal Ó Curráin

Físeán na Bliana (Amhrán Nua nó Trad)

Amach Anocht – Kneecap

Bain an Glas – Seo Linn

Grá Mór – Ushmush

Neart – Oisín Mac

Port Geal – Thatchers of the Acropolis

Raithneach – Séamus Barra Ó Súilleabháin

Saol Gan Treo – Vigilanti

Spéir Rua an Iúil – Síomha

Súile Gorma – Jennifer Yorke

Tá na Baggies ar an Talamh – Kneecap

Ealaín Albaim na Bliana

3CAG – Kneecap

ALLT – Julie Fowlis / Éamon Doorley / Zoë Conway / John Mc Intyre

Ceol Baile – Thatchers of The Acropolis

Fís – Aeons

The High Seas – Caitlín Nic Gabhann / Ciarán Ó Maonaigh / Cathal Ó Curráin

Nuíosach na Bliana

Dris-Óg

Grooveline

Jahk

Róisín Seoighe

Sibéal Ní Chasaide

Tadhg Ó Grífin

Ushmush

Vigilanti

Woodheart

Banna / Ceoltóir na Bliana

Aeons

Árchú

Bruadar

Emma Ní Fhíoruisce

IMLÉ

Kíla

Kneecap

Oisín Mac

Síomha

Thatchers of the Acropolis

Féile na Bliana – Vóta Poiblí

An Chollchoill, Electric Picnic

An Puball Gaeilge, Electric Picnic

Féile na Gealaí

Féile Raifteirí

Féile Swell

Liú Lúnasa

Pagan Rave, Féile na Bealtaine

Oireachtas na Samhna

Fág freagra ar 'GRADAIM NÓS: ‘Táimid ag súil le saibhreas an cheoil chomhaimseartha Ghaeilge a léiriú i lár na hardchathrach anocht’'