Gnó do mhuintir na Síne agus do mhuintir na Síne amháin… 

Tá na Stáit Aontaithe ag éirí níos buartha faoin dúshlán eacnamaíoch atá á chur rompu ag an tSín

Gnó do mhuintir na Síne agus do mhuintir na Síne amháin… 

Meas tú, nach leor cogadh amháin? Ach féach na Stáit Aontaithe: cogadh na Rúise san Úcráin faoi lánseol i gcónaí, agus anois iad ar a ndícheall ag iarraidh an tSín a shaighdeadh. 

Cé go ndeir na Stáit Aontaithe nach bhfuil a bpolasaí athraithe i dtaobh na Téaváine, gníomh gríosaithe gan dabht é cuairt cheann Theach na nIonadaithe i Meiriceá, Nancy Pelosi, ar an gcuid sin den tSín agus í ag moladh an dream atá ag iarraidh stát neamhspleách a chruthú ann.

Thug na Sínigh faoi deara freisin go raibh garda onóra déanta de longa cabhlaigh taobh thiar de Pelosi agus í ar an gcuairt sin.

Is cúige de chuid na Síne í an Téaváin. Tá sí scartha ón mórthír mar thoradh ar an gcogadh cathartha idir cumannaigh agus an Kuo Min Tang i 1949, ach ó chuaigh na cumannaigh i gcumhacht ar an mórthír, tá rialtas na Téaváine ag maíomh gurb í Poblacht na Síne í, agus sin é i gcónaí ainm oifigiúil an oileáin.

Tuigeann polaiteoirí na Téaváine anois nach mbeidh sé ar a gcumas forlámhas a fháil ar an mórthír arís, ach tá deighilt ann idir iad siúd a dteastaíonn uathu dea-chaidreamh a chothú idir an dá chuid den tSín, agus iad siúd atá anois ag iarraidh stát faoi leith a dhéanamh den Téaváin.

Dar le rialtas na Síne, bhí Nancy Pelosi ag cur isteach ar pholaitíocht inmheánach na Síne, mar is léir gur argóint í seo idir cumannaigh agus rachmasóirí na Síne faoi cé a bheas i gceannas.  Ní scéal é a bhaineann go díreach le heachtrannaigh.

Is gnó do mhuintir na Síne é, agus do mhuintir na Síne amháin.

Ach tá na Stáit Aontaithe ag éirí níos buartha faoin dúshlán eacnamaíoch atá á chur rompu ag an tSín, agus is cosúil gur tábhachtaí a ngreim ar shaibhreas an domhain ná todhchaí an domhain.  Tá siad ag iarraidh iomaitheoir ar bith a lagú, ar phraghas ar bith.

D’eagraigh rialtas na Síne druileanna míleata is cabhlaigh mar fhreagra ar an gcuairt lena chur in iúl nach ngéillfidís roimh bagairt Mheiriceá. Fiú má tá an ceart ar fad ag an tSín é sin a dhéanamh, is cor baolach é, go háirithe agus na Stáit Aontaithe ag iarraidh leas a bhaint as cogadh na hÚcráine leis an Rúis a scrios ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí míleata, mar atá maíte ag Joe Biden féin. 

Botún ar bith, ar thaobh ar bith, agus is go héasca a rachadh druileanna míleata ó smacht agus bheadh sé ina choimhlint núicléach.

Sin é an fáth nach cóir dúinn bheith réchúiseach maidir le críoch a chur leis an gcogadh san Úcráin.  Is cuma an dtacaíonn tú leis an Úcráin nó leis an Rúis, a thúisce a chuirfear críoch leis is fearr é.

Faoi láthair, tá Meiriceá ag iarraidh an Rúis a leithlisiú, ach ní chabhraíonn na bagairtí in aghaidh na Síne leis an aidhm sin a bhaint amach.

Go bunúsach tá an iomad cogaí ar siúl acu ag an am céanna, agus de réir mar a fheiceann siad go gcaillfidh siad san Úcráin sa bhfadtéarma tá siad ag tabhairt faoina naimhde sa tSín, san Iaráin, san Afganastáin, sa tSiria agus i Meiriceá Laidineach – iad go léir ag an am céanna.

Bhí tús áite sa domhan mór ar feadh na mblianta ag na Stáit Aontaithe, agus nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile mheas siad go mbeidís in uachtar go deo.  Ach ní mar sin atá sé, agus tá Meiriceá ag éirí níos laige, go hinmheánach agus ar an stáitse domhanda, in aghaidh an lae.

Agus de réir mar a thagann meath ar Mheiriceá, tá meath níos mó ar an Eoraip agus an tAontas Eorpach ag glacadh le polasaí na Stát Aontaithe in ainneoin an dochar don Eoraip ó smachtbhannaí is eile.

Beidh muide in Éirinn ag íoc praghas ard air sin freisin, ach is fearr leis an rialtas muid a bheith dílis do cheannaireacht Mheiriceá ná ár leas féin a chur chun cinn. Agus is éasca brath ar an seachmall gur féidir buachan ar an Rúis sa chogadh san Úcráin – sea, buachan ar chumhacht núicléach – ná bealaí a thriail le síocháin a bhaint amach.

Cinnte, coinnítear gan eolas faoi shonraí na gcúrsaí seo muid.  Tá a fhios againn go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin ach níl mórán againn ar an eolas faoi na hiarrachtaí a rinneadh leis an ionradh sin a sheachaint.

In intinn an mhóraimh is barbaraigh iad na Rúisigh, agus is deamhan gach aon rud a bhaineann le cumannachas, fiú in ainneoin nach stát cumannach a thuilleadh í an Rúis.

Ní fada uainn, measaim, an lá go mbeidh an port céanna le clos maidir leis an Téaváin agus an tSín.

Fág freagra ar 'Gnó do mhuintir na Síne agus do mhuintir na Síne amháin… '

  • Ciarán

    Tá an ceart ar fad ag Eoin san alt sin. Bhí an Observer ar aon fhocal leis in eagarfhocal a bhí acu inné.

  • James

    Is maith ann éagsúlacht tuairimí agus taitníonn ailt de chuid an údair liom (cé nach mbíonn ar aon tuairim leis) ach tá go leor ceisteanna agam faoin dearcadh atá aige ar an gceist seo.

    ‘Is cúige de chuid na Síne í an Téaváin’ – an ea? Bheadh tromlach na ndaoine sa Téaváin ar mhalairt tuairime leat. Is ionann sin a rá agus ‘is cúige de chuid na Breataine í cúige Uladh’ a rá. Ní dóigh liom gur chóir tuairimí mar seo a chur i láthair mar fhiric lom.

    Déanann an t-údar neamhaird iomlán ar chás Hong Cong, dlinse atá iomlán faoi smacht ag Béising anois agus is léir go bhfuil imní go leor ann go mbeadh a mhacasamhail i ndán do mhuintir na Téaváine in aghaidh a dtola. Aisteach gan é seo a lua.

    Feictear dom go mbíonn Ó Murchú den tuairim go mbíonn impiriúlachas go breá más ag lámha na Síne/na Rúise atá sé – ach scéal eile más na SAM/AE atá ann. Nach mbeadh sé níos ciallmhaire diultú don impiriúlachas trí chéile?

  • Tony Brennan

    Sean-iománaí ar an díog

  • Antóin

    Agus anois ceannlínte na nuachta.

    Tháinig Pelosi go dtí an Téaváin agus ansin d’imigh sí abhaile.

  • Antóin

    Agus anois ceannlínte na nuachta arís.

    Táthar ann a deir go bhfuil baint ag cuairt Pelosi leis na toghcháin atá ar na bacáin sna Stáit Aontaithe. Ach, tá a fhios ag cách nach ndéanfadh Nancy a leithéid. Mar sin, níl sé fíor.

  • Tony

    Mar gheall ar an tuiscint ‘réalaíoch’ (i ndáiríre, coilíneach) ar an Úcráin mar fhorimeall éighníomhach, a gcaithfidh an Rúis agus an tIarthar a chinniúint a chinneadh gan dabht, tá tearcmheas ollmhór, agus go deimhin, aineolas ar ról armtha na hÚcráine mar thoradh air. fórsaí, an tsochaí shibhialta, rialtais náisiúnta agus áitiúla, agus, go príomha, a thoil láidir chun seasamh in aghaidh an áititheora. Is é an rud ba cheart duit a dhéanamh chun a mhaolú ná iriseoirí, polaiteoirí, lucht acadúil agus daoine eile a bhíonn ag trácht ar an gcogadh a leanúint agus a léamh. Méadaigh a nguthanna agus a gcion. Mart Kuldkepp