Gníomhaí pobail Afra-Bhrasaíleach aitheanta curtha den saol

Chuir dúnmharú gránna alltacht ar mhórcheantar chathair Salvador, agus go deimhin ar an mBrasaíl ar fad, an tseachtain seo caite

Gníomhaí pobail Afra-Bhrasaíleach aitheanta curtha den saol

Oíche Déardaoin seo caite lámhachadh Maria Bernadete Pacífico (72), bansagart de chuid an chreidimh Afra-Bhrasaíligh Candomblé agus gníomhaí pobail aitheanta, ina teach féin i mbaile beag Pitanga dos Palmares, 45 ciliméadar taobh ó thuaidh de chathair Salvador.

Scaoil beirt fhear agus cochaill orthu 14 urchar lena haghaidh.

Mar bharr ar an donas ní bás gan choinne a fuair sí. Níos lú ná mí ó shin, chuir Mãe (‘máthair’) Bernadete, mar ab fhearr aithne uirthi, in iúl do Chúirt Uachtarach Fheidearálach na Brasaíle go raibh bagairtí á ndéanamh uirthi, ar a clann agus ar a pobal, gan stad gan staonadh.

Sé bliana ó shin, dúnmharaíodh mac le Mãe Bernadete, Flávio (Binho) Pacífico (36) ar an gcaoi cheannann chéanna agus níor ciontaíodh éinne riamh.

Táthar ag glacadh leis go forleathan gur forbróirí tithíochta a bhí taobh thiar den dá choir.

Dála a mic, bhí Mãe Bernadete ar dhuine de cheannairí Pitanga dos Palmares, ar baile quilombo é – baile a bhunaigh daoine de shliocht na hAfraice a ndearnadh sclábhaithe astu ach a theith óna máistrí, am éigin idir an 16ú agus an 19ú hAois. Tá na mílte de na bailte seo sa Bhrasaíl agus de réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí tá cónaí ar 1.3 milliún duine iontu; daoine a chaomhnaigh a gcultúr agus a gcreideamh féin síos tríd na céadta bliain agus a choinníonn greim ina mbéal leis na torthaí agus na glasraí a fhásann agus a dhíolann siad.

Fearacht na bpobal bundúchasach sa Bhrasaíl, tá cearta bunreachtúla ag pobail na quilombos ar an talamh ar a bhfuil siad ina gcónaí; tearmann i gcás na mbundúchasach, agus baile agus an talamh máguaird i gcás na quilombos.

Ach arís, fearacht tearmainn mhórchuid pobal bundúchasach, níor socraíodh teorainneacha mhórchuid quilombos go hoifigiúil riamh, baile Mãe Bernadete ina measc.

Fadó, nuair a theith sinsir Mãe Bernadete agus na muintire eile go dtí an áit seo óna gcuid máistrí i gcathair Salvador agus ar na plandálacha máguaird, bhí quilombo Pitanga dos Palmares i lár na dufaire.

Inniu tá an baile ar imeall Simões Filho, baile mór ar imeall chathair Salvador, agus de réir mar atá an daonra i mórcheantar Salvador ag méadú tá spéis á léiriú ag forbróirí tithíochta i mbailte quilombo ar nós Pitanga dos Palmares nach bhfuil a gcuid teorainneacha socraithe go hoifigiúil go fóill.

Glactar leis go forleathan gurb éard a bhí i ndúnmharuithe Mãe Bernadete agus a mac Binho ná iarracht cosc a cur le feachtas atá ar bun chun go socrófaí na teorainneacha sin go deo, ach dúirt mac eile de chuid Mãe Bernadete, Wellington dos Santos, leis na meáin Dé hAoine nach n-éireoidh a mhuintir ná pobal Pitanga dos Palmares as an troid ar son a gcearta talún riamh.

Idir an dá linn tá polaiteoirí áitiúla agus náisiúnta chomh maith le heagraíochtaí cearta daonna náisiúnta agus idirnáisiúnta ag éileamh go n-aimseofar agus go gciontófar na dúnmharfóirí (agus pé dream a d’íoc iad) a luaithe agus is féidir. Ar an drochuair, ar an meán ní réitítear ach ceann amháin as gach trí dhúnmharú sa Bhrasaíl. Ach toisc an aird ar fad a tharraing cás Mãe Bernadete, agus toisc go bhfuil rialtas an uachtaráin Luís Inácio da Silva (Lula) i bhfad níos báúla le pobail na quilombos ná mar a bhí rialtas Jair Bolsonaro, a bhí i gcumhacht go deireadh na bliana seo caite, tá seans áirithe ann go ndéanfar an cás a fhiosrú i gceart an iarraidh seo.

Fág freagra ar 'Gníomhaí pobail Afra-Bhrasaíleach aitheanta curtha den saol'