Thar shéasúr an gheimhridh, is minic a chaithimid tréimhsí fada sa bhaile. Seans go spreagfar thú le heispéireas speisialta amuigh faoin aer a eagrú le do chlann, le cairde nó leat féin.
Cibé acu gníomhaíochtaí eachtraíochta nó gníomhaíochtaí suaimhneacha atá ag teastáil, tá réimse leathan áiteanna in Uíbh Fhailí le cuairt a thabhairt orthu agus, i gcás cuid acu, is áiteanna iad atá i bhfolach ón saol mór:
Cnoc Chruacháin
“Níor bhain mé taitneamh riamh as radharc níos deise ná an ceann atá le feiceáil ón gcnoc seo” a dúirt John O’Donovan (Seán Ó Donnabháin), scoláire Gaeilge, i 1838.
Ar feadh na gcéadta bliain tá daoine tar éis taisteal go barr Chnoc Chruacháin a bhfuil dumhaí ársa adhlactha ar a mhullach. Is éard atá i gCnoc Chruacháin ná fréamh bhlocáin a bhorr aníos ó ghrinneall na farraige 340 milliún bliain ó shin. Tá sraitheanna basailt (a bhí ina laibhe leáite tráth) le fáil faoina fhánaí féarmhara.
Deirtear sa bhéaloideas gurbh é Brí Éile ainm an chnoic, agus gur ainmníodh é i ndiaidh Éile, iníon an rí a roinn Éire ina cúig chúige.
Cé nach bhfuil sé ach 232m in airde, cuireann sé radharcanna fairsinge ar fáil ar chontaetha lár na tíre, thar mhachairí réidhe ísle Mhóin Alúine. Is fiú go mór an dreapadh gairid!
Páirc Thaiscéalaíochta Loch na Buaraí
Is áis iontach é Páirc Thaiscéalaíochta Loch na Buaraí a bhfuil an t-iliomad speiceas éan agus fiadhúlra le feiceáil ann, chomh maith le lochanna lán iasc agus taispeántas buan de dhealbha ollmhóra taobh amuigh a cruthaíodh le seanábhar tionsclaíoch an phortaigh ar nós inneall traenach, línte iarnróid agus adhmaid. Is saothair iontacha ealaíne iad. Féadfaidh cuairteoirí dul timpeall na páirce ar an rothar nó de shiúil na gcos – tá conairí de 50km ann.
Dóibh siúd atá tugtha don ghalf:
Is as Uíbh Fhailí do bhuaiteoir Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann, Shane Lowry, agus is ann a thiocfaidh tú ar chúig ghalfchúrsa iontacha ina dtugtar eispéireas dúshlánach taitneamhach d’imreoirí gailf de gach leibhéal. Tá Club Gailf Thulach Mhór, galfchúrsa a dearadh ar stíl James Braid, agus cúrsa Christy O’Connor Jnr ag Cnoic na hEascrach cóngarach do Thulach Mhór, agus tá Cúl an tSúdaire, Biorra agus Éadan Doire suite ag ceachtar den dá thaobh den chontae.
Glasbhealach na Canálach Móire
Is conair stairiúil é Glasbhealach na Canálach Móire a shíneann ó Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí an tSionainn ag Caladh na Sionainne in Iarthar Uíbh Fhailí. An chuid den Ghlasbhealach atá in Uíbh Fhailí, tá sé 71km ar fad.
Tá loic chanála, tithe loca agus ailtireacht thionsclaíoch ón tseanaimsir feadh an bhealaigh. Féadfaidh cuairteoirí taitneamh a bhaint as an gcanáil ar an rothar, ar an mbád, de shiúl na gcos nó trí bheith ag iascaireacht ann.
Caisleáin agus Oidhreacht
Thugtaí ‘Contae an Rí’ ar Uíbh Fhailí tráth dá raibh agus tá traidisiún saibhir oidhreachta á chaomhnú ann ó shin i leith. Bí ullamh chun tú féin a thumadh isteach i dtírdhreach
ilghnéitheach an chontae ina dtiocfaidh tú ar ardchrosa, cloigthithe, dealbha iontacha taobh amuigh, caisleáin mheánaoiseacha agus pirimid fiú amháin!
Tabhair cuairt ar na caisleáin is mó a ndeirtear fúthu go bhfuil taibhsí iontu ag Léim Uí Bhánáin agus Baile an Bhóthair, caith seal ag Diméin Chaisleán Bhiorra a bhfuil rud éigin do chách ann nó mill tú féin agus fan thar oíche in Óstán Chaisleán Chionn Eitigh.
Sliabh Bladhma
Tá rud ann do chách ag Sliabh Bladhma, cibé acu más fearr leat siúlóidí fada casta nó siúlóidí deasa éasca. Is cuma cén bealach a rachaidh tú, ar bhealach fada Shliabh Bladhma nó ar cheann de na sé chonair déag lúbtha, beidh radharc álainn agat ar an tírdhreach máguaird.
Más ar thóir na heachtraíochta atá tú, féadfaidh tú triail a bhaint as Conairí Rothar Sléibhe Shliabh Bladhma, líonra de chonairí raonta aonair saintógtha agus bóithre foraoise atá deartha lena n-úsáid ag rothair sléibhe ar bhealaí ciorclacha a bhfuil marcanna fad na slí orthu.
Cluain Mhic Nóis
Suite ar bhruach na Sionainne agus bunaithe ag Naomh Ciarán sa séú haois, tá trí ardchros, ardeaglais, seacht séipéal agus dhá chloigtheach le feiceáil sa mhainistir seo. De bharr go bhfuil sí suite go straitéiseach ag an áit a mbuaileann ródbhealach an oirthir le ródbhealach an iarthair, trí phortaigh chroílár na hÉireann agus tríd an tSionainn, is lárionad creidimh, foghlama, ceardaíochta agus trádála a bhí ann faoin 9ú haois.
Ag Cúrsáil ar an tSionainn
Más spéis leat gníomhaíocht a phleanáil roimh ré (le tabhairt faoi Mhárta ar aghaidh), b’fhéidir go dtaitneodh turas cúrsála feadh na Sionainne leat. Tá dhá chomhlacht ag feidhmiú i mBeannchar, sin ‘Silverline’ agus ‘Carrickcraft’ agus tá tairiscintí speisialta ar fáil acu faoi láthair más spéis leat ticéid a chur in áirithe go luath leo.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na háiteanna seo, mar aon le go leor eile, tabhair cuairt ar visitoffaly.ie
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Gníomhaíochtaí Lasmuigh in Uíbh Fhailí'