Cén fáth nach n-ionsódh Putin stát Baltach?

Má dhéanann iarracht an domhan a fheicéail trí shúile Vladimir Putin tuigfidh tú go bhfuil seans maith ann go n-ionsóidh an Rúis stát Baltach

Cén fáth nach n-ionsódh Putin stát Baltach?

Is é mo thaithí gurb iad na tráchtairí a mhaíonn go minic go bhfuil rud éigin tarlaithe ‘mar a thuar mé cheana’ na tráchtairí is mó a bhí mícheart má bhreathnaítear siar ar an méid a scríobh siad nó a dúirt siad san am atá thart.

Mar sin seachnaím an cliché sin de ghnáth ach táim chun saghas eisceacht a dhéanamh anseo agus tá súil agam go maithfear dom é mar go bhfuil cúis ar leith leis. Ní hé gur thuar mé go daingean i gcónaí gurbh é rún Putin lena ionradh ar an Úcráin forlámhas a fháil ar an tír ar fad. Is amhlaidh gur chuir mé an cheist arís agus arís – cén fáth nár chóir dúinn na Rúisigh a chreidiúint nuair a dúirt siad linn gurbh é sin an rún a bhí acu? Fiú na tráchtairí is criticiúla a d’fhágadh tráchtanna faoi m’altanna faoin gcogadh, ní raibh freagra riamh ag duine ar bith acu ar an gceist sin.

Shamhlóinn gur bhfuil líon na ndaoine a d’easaontódh anois gurbh é sin rún na Rúise ag dul i laghad in aghaidh an lae.

An fáth go luaim é seo ar fad ná go bhfuil ceist eile le cur agam anois agus sé sin – cén fáth nach n-ionsódh Putin ceann de na tíortha Baltacha amach anseo? Arís ní hé go bhfuilim ag maíomh go bhfuil sé seo chun tarlú go cinnte. Ach má dhéanann tú iarracht breathnú ar an gceist trí shúile Putin, is deacair a fheiceáil cén fáth nach mbeadh rún aige é sin a dhéanamh.

Maith go leor, a deir tú, bhí an ceart agat go raibh Putin agus ceannairí polaitiúla agus bolscairí Rúiseacha sách soiléir ina gcuid ráiteas faoin Úcráin ach níl siad ag rá na rudaí céanna faoi na tíortha Baltacha. Ach má bhreathnaímid siar roimh chéad ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2014, is é a bhí ráite ag Putin in 2005 gurbh ‘í titim an Aontais Shóivéadaigh an tubaiste gheopholaitiúil ba mhó san aois sin’ agus gur ‘fíorthragóid a bhí ann do mhuintir na Rúise’ agus gur fágadh ‘na milliúin daoine taobh amuigh de theorainneacha na Rúise’. Baineann sé sin ar fad díreach chomh mór céanna leis na tíortha Baltacha is a bhaineann sé leis an Úcráin.

Níor fhoilsigh Putin a aiste ‘Maidir le hAontacht Stairiúil na Rúiseach agus na nÚcránach’ go dtí an 12 Iúil 2021, cúig bliana tar éis an chéad ionsaí ar an Úcráin agus roinnt míonna roimh thús an mhórionraidh. Agus is tar éis thús an mhórionraidh a thosaigh ceannairí polaitiúla agus bolscairí na Rúise ag rá go soiléir gurbh í an aidhm a bhí acu ná deireadh a chur le neamhspleáchas na hÚcráine agus leis an náisiúnachas Úcránach. Mar a dúirt Putin fhéin níos luaithe i mbliana: ‘Is linne an Úcráin ina hiomláine.’

Mar sin d’fhéadfaí a shamhlú go dtosódh na guthanna céanna ag caint amach anseo faoi neamhspleáchas na dtíortha Baltacha mar ‘dhéantús saorga’ nó ‘seachrán stairiúil’ nó gurbh í an Rúis a ‘chruthaigh’ an Eastóin nó Laitvia nó an Liotuáin. Tá an bealach dó sin réitithe cheana féin ag scata leabhar is aistí a foilsíodh san Rúis le blianta beaga anuas. Mar shampla sa leabhar Stair na Liotuáine a foilsíodh níos luaithe i mbliana, deirtear go bhfuil féiniúlacht stairiúil agus neamhspleáchas na Liotuáine bunaithe ar ‘scéalta bréagacha’. Agus cé a scríobh an réamhrá don leabhar ach Sergei Lavrov, Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise.

Ach, ach, ach… cad faoi NATO, a deir tú?

Tá cosúlacht idir NATO anois agus blianta deireanacha an Aontais Shóivéadaigh. Is ar éigean gur chreid duine ar bith sa chóras san Aontas Sóivéadach i ndeireadh na dála ach bhí orthu ligean orthu gur chreid siad ann. Tá ceannairí Eorpacha NATO ag leanúint orthu ag ligean orthu go bhfuil an chomhghuaillíocht thrasatlantach beo agus láidir, ach tá a fhios ag gach éinne gur ficsean é seo. An gcreideann duine ar bith atá á léamh seo go rachadh Meiriceá chun cogaidh leis an Rúis dá n-ionsódh an Rúis tír Eorpach eile?

Agus go háirithe, dá leanfadh Putin an cur chuige cliste céanna a bhí aige i gcoinne na hÚcráine: tosaigh beag agus féach cad a tharlaíonn. Gabh cathair Narva, abair, cathair bheag ar theorainn na hEastóine leis an Rúis, a bhfuil daonra 52,000 ann, ar Rúisigh eitneacha 88% acu, agus nach bhfuil aon fhórsaí de chuid NATO lonnaithe ann. Ansin éilíonn an Eastóin cruinniú de cheannairí NATO faoi Airteagal 5 de chairt NATO chun cúnamh a lorg.

Ach ní leagann airteagal a 5 aon dualgas ar thíortha eile cúnamh míleata a thabhairt. Ní deirtear ach go gcaithfidh gach tír gníomhú ‘chun slándáil a athbhunú agus a chothabháil’ ach is faoi gach tír atá sé cinneadh a dhéanamh faoi cé na beartais a ghlacfaidh siad. Smachtbhannaí, abair nó cruinniú de Chomhairle na Náisiún Aontaithe a ghairm chun an ‘ghéarchéim’ a phlé nó blá blá blá.., tá a fhios agat fhéin… Cinnte dearfa ní bheadh an Ungáir sásta gníomhú, agus tá sé deacair an Tuirc a shamhlú ag dul chun cogaidh leis an Rúis mar gheall ar chathair bheag i dtuaisceart na hEorpa. Agus ansin an mbeadh sé de mhisneach i ndáiríre ag ceannairí thíortha Eorpacha eile dul i mbun cogaidh le tír ag a bhfuil an t-armlón núicléach is mó ar domhan? I ndáiríre?

Seo iarracht á déanamh agam mé féin a chur in intinn Putin. Maith go leor, tá seans go bhfuil dul amú orm agus go ngníomhóidh na hEorpaigh i mo choinne agus nílim ag iarraidh cogadh a throid leis an Eoraip, agus í láidir aontaithe. Cad é an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú? Tarraingeoidh mé amach as Narva tar éis roinnt baothchainte faoi theachtaireacht a bheith tugtha don Eastóin faoi chaitheamh i gceart leis an mionlach Rúiseach.

Ach i ndáiríre, ag breathnú ar staid na páirtnéireachta trasatlantaí, is maith liom mo sheansanna. Agus má éiríonn liom i Narva beidh sé soiléir do chách go bhfuil NATO agus Airteagal a Cúig gan éifeacht agus go gcaithfidh gach tír Eorpach aire a thabhairt dá leas fhéin. Níl romham amach anois ach trí stáitín bheaga Bhaltacha le daonra thart fá 5 milliún idir na trí cinn acu (i gcomparáid le breis agus 40 milliún de dhaonra san Úcráin roimh thús an mhórionraidh). Cúpla lá cogaíochta agus tá Riga, Tallinn agus Vilnius faoi mo smacht.

Dá mba tusa Putin, cén fáth nach mbainfeá triail as?

Fág freagra ar 'Cén fáth nach n-ionsódh Putin stát Baltach?'

  • Sinéad de Róiste

    Athisiú as smacht. Dá mba Putin mé, dá, dá. Is é an fírinne ná nach é Fachtna Putin, níl a fhios aige cen chaoi a smaoiníonn sé agus níl eolas ar bith aige faoi. Ina theannta sin, déanann sé neamhaird ar na spriocanna cogaidh a bhfuil Putin tar éis a fhógairt arís is arís eile, is é sin, go dteastaíonn go gcinnteófar slándáil na Rúise, rud a chiallaíonn, dó, Úcráin neodrach gan NATO.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    ‘Is linne an Úcráin ar fad…. Tá sean-riail againn: Pé áit a leagann saighdiúr Rúiseach a chos, is linne é.’ Vladamir Putin 20 Meitheamh 2025.