GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: DLR ag comhoibriú le BSL & oibreoirí comhroinnte carranna chun Mol leictrea-Shoghluaisteachta a sheoladh

Tá Mol comhroinnte leictrea-shoghluaisteachta ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhpháirtíocht le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL), Go Car agus Yuko, i bPáirc Ghnó Áth an Ghainimh

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: DLR ag comhoibriú le BSL & oibreoirí comhroinnte carranna chun Mol leictrea-Shoghluaisteachta a sheoladh

An Comh. Jim O'Leary, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; James Phelan, Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; Donal Phelan, Ceann Nuálaíochta, Grúpa BSL agus daoine eile.

Tá Mol comhroinnte leictrea-shoghluaisteachta ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhpháirtíocht le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL), Go Car agus Yuko, i bPáirc Ghnó Áth an Ghainimh. Tá stáisiún luchtaithe BSL agus dhá fheithicil leictreacha comhroinnte ar fáil le cur in áirithe ag an suíomh sa Mhol eSoghluaiseachta saintógtha. Is é is aidhm don tionscadal píolótach feithiclí leictreacha comhroinnte a dhéanamh inacmhainne agus inrochtana, chun an bealach a réiteach do phobail níos glaise agus níos inbhuanaithe.

Dúirt an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an méid seo a leanas:

“Táimid bródúil seoladh scéime nua comhroinnte carranna leictreacha i gCeantar Gnó Áth an Ghainimh a fhógairt, i gcomhpháirtíocht le BSL, Go Car, agus Yuko. Tacaíonn an tionscnamh seo go díreach le Plean Gníomhaithe Aeráide na Comhairle, 2024-2029, lena dtacaítear le leathnú comhroinnte feithiclí leictreacha. Le breis is 1,000 gnó, 26,000 fostaí agus 6,000 cónaitheoir i gCeantar Gnó Áth an Ghainimh, is iontach an suíomh é chun an réiteach iompair inbhuanaithe seo a phíolótú ann.”

Is éard a dúirt Donal Phelan, Ceann Nuálaíochta, Grúpa BSL:

“Trí theicneolaíochtaí níos glaine agus cleachtais inbhuanaithe a ghlacadh, is féidir lorg carbóin na hearnála iompair a laghdú go mór agus tionchar suntasach a imirt ar ár n-aistear i dtreo todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh fuinnimh de. Tá áthas orainn a bheith ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin chun na eMoil nuálacha seo a fhorbairt ag príomhshuíomhanna i mBaile Átha Cliath chun cabhrú le roghanna iompair inbhuanaithe a chur chun cinn. Trí rochtain áisiúil a sholáthar ar fheithiclí leictreacha comhroinnte, beidh na eMoil seo ina spreagadh do níos mó cónaitheoirí agus gnólachtaí chun roghanna taistil inbhuanaithe a roghnú.”

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: DLR ag comhoibriú le BSL & oibreoirí comhroinnte carranna chun Mol leictrea-Shoghluaisteachta a sheoladh'