GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Borradh faoi earnáil an Aistriúcháin, na hAteangaireachta agus an fhotheidealaithe

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag cur cúrsaí sainoiliúna ar fáil as Gaeilge ó bunaíodh é

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Borradh faoi earnáil an Aistriúcháin, na hAteangaireachta agus an fhotheidealaithe

Agus stádas iomlán mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ag an nGaeilge ón 1 Eanáir 2022, tá éileamh níos mó ná riamh ar chéimithe agus ar iarchéimithe atá in ann obair shainiúil a dhéanamh as Gaeilge chun poist a líonadh le forais an AE agus anseo in Éirinn.

Anuas air sin, de bhun na paindéime agus na cianoibre, tuigtear do dhaoine gur féidir go leor den obair a bhítí a dhéanamh in ionaid shaincheaptha oibre a dhéanamh sa bhaile nó in áit ar bith ar domhan, ach nasc maith idirlín a bheith ag duine. Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag cur cúrsaí sainoiliúna ar fáil as Gaeilge ó bunaíodh é, ina measc iarchéimeanna san Aistriúchán, sa Phleanáil Teanga agus san Ateangaireacht.

Tá iarchéim san aistriú closamhairc, a dhíríonn ar an bhfotheidealú go príomha, á cur leis na tairiscintí sin anois.

De thoradh Brexit is é an MA san Ateangaireacht Chomhdhála in OÉG an príomhchúrsa a chuireann oiliúint ar ateangairí le Gaeilge, Béarla agus teangacha eile an AE. Rinneadh infheistíocht ollmhór le cúpla bliain anuas ar an gcúrsa MA seo in OÉG, rud a fhágann go bhfuil na seomraí oiliúna ateangaireachta is fearr san Eoraip ar fáil do mhic léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta agus gur féidir cur anois le líon na n-áiteanna a bhíonn ar fáil gach bliain.

Tá éileamh mór ar ateangairí atá in ann ateangaireacht go Gaeilge a dhéanamh agus in ainneoin cúrsa MA na bliana seo a bheith lán cheana féin, tá cúpla áit sa bhreis á gcur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge atá ag féachaint le post ateangaireachta a bhaint amach le hinstitiúidí an AE go háirithe.

Tá sé i gceist ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le TMI (comhlacht iomráiteach fotheidealúcháin atá lonnaithe ar an Spidéal, Co. na Gaillimhe) cúrsa iarchéime san aistriú closamhairc a chur ar fáil dar tús mí Mheán Fómhair na bliana seo 2022.

Dála an aistriúcháin, oireann an fotheidealú, agus an t-aistriú closamhairc (athghuthú, aistriú scripteanna, tráchtaireacht fuaime), go háirithe don chianobair ach an trealamh, na scileanna agus an oiliúint chuí a bheith ag duine. Pé acu an fotheidealóir thú ar mian leat cáilíocht a bhaint amach i do ghairm nó duine ar spéis leat scil inaistrithe a fhoghlaim agus cur le d’infhostaitheacht le Gaeilge, beidh an cúrsa seo feiliúnach duit.

Tá eolas ar chúrsaí iarchéime, agus fochéime, uile an Acadaimh le fáil ar https://acadamh.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Borradh faoi earnáil an Aistriúcháin, na hAteangaireachta agus an fhotheidealaithe'