Cad iad na camscéimeanna is coitianta?
Camscéimeanna Infheistíochta
Bíonn camscéimeanna infheistíochta i gceist nuair a thairgtear “deis infheistíochta” duit a gheallann go mbeidh ardtoradh úis ar do chuid airgid agus riosca an-íseal ag baint leis. D’fhéadfadh gur infheistíocht i scaireanna, i mbannaí, i gcriptea-airgeadra nó eile a bheadh i gceist. I ndáiríre, níl aon deis infheistíochta ann agus tá na caimiléirí ag iarraidh go n-aistreoidh tú airgead chucu.
Camscéimeanna Iasachta
Is ionann camscéimeanna iasachta agus “calaois réamhtháille”, is é sin go dtairgtear iasacht airgid duit ar choinníoll go n-íocfaidh tú réamhtháille nó táille riaracháin. I ndáiríre, níl iasacht ann agus caillfidh tú an táille sin.
Camscéimeanna Fioscaireachta
Is ionann fioscaireacht agus téacsanna, ríomhphoist nó glaonna gutháin ó chaimiléirí a fhéachann le do shonraí pearsanta a fháil, amhail pasfhocail le haghaidh baincéireacht ar líne, sonraí cárta creidmheasa nó uimhir PSP.
Déan tástáil ‘SAFE’ chun caimiléirí a aithint
Má tá tú ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisialta, nó má fhaigheann tú téacs, glao gutháin nó ríomhphost gan choinne, déan tástáil SAFE.
S – Stop
Stop, smaoinigh agus cuir ceist ort féin: Cad é? Cé hiad? Cén fáth? An bhfuiltear ag cur brú orm rud éigin a dhéanamh faoi dheifir? An amhlaidh gur camscéim é seo?
Cad atá á thairiscint ag an ngnólacht seo? Cé atá ag déanamh teagmháil liom? Cá bhfuair siad mo shonraí teagmhála? Cé hiad féin? An bhfuiltear ag cur brú orm sonraí pearsanta nó airgeadais a thabhairt faoi dheifir? Cuimhnigh nach bhfuil aon bhuntáiste gearrthéarmach ag baint le cinntí tapa a dhéanamh faoi do leas airgeadais fadtéarmach.
A – Athbhreithnigh
Athbhreithnigh an t-eolas atá á thabhairt duit agus déan cinnte gur gnólacht dlisteanach é.
Seiceáil cláir Bhanc Ceannais na hÉireann chun a fháil amach an bhfuil an gnólacht údaraithe. Fiú más cosúil go bhfuil sé údaraithe, déan cinnte gur gnólacht dílis é. Is minic a ligeann caimiléirí orthu féin gur gnólacht dílis iad trí “chlónáil” a dhéanamh ar ghnólacht údaraithe agus trí shonraí uile an ghnólachta sin, nó cuid díobh, a chóipeáil. Seiceáil an bhfuil aon neamhrialtachtaí ann ar nós botúin litrithe nó ghramadaí ar shuíomh gréasáin, i ríomhphoist nó i bpáipéarachas an ghnólachta. Bain úsáid as uimhir ghutháin atá fógartha go poiblí chun glao gutháin a chur ar an ngnólacht.
F – Fíricí a sheiceáil
Seiceáil fíricí na tairisceana chun a chinntiú go bhfuil sé ag teacht ó fhoinse iontaofa.
Lorg comhairle chun a chinntiú gur fíorsheirbhís nó fíortháirge atá i gceist. Ná tabhair sonraí pearsanta nó ná seol airgead mura bhfuil tú sásta gur gnólacht údaraithe dílis é. Cuir ceist ort féin:
- An bhfuil an tseirbhís nó táirge airgeadais ag teacht ó fhoinse iontaofa?
- An fíortháirge airgeadais é seo?
- An bhfuil an táirge seo de dhíth orm?
- An bhfuil torthaí arda i gceist? An bhfuil an gnólacht ag maíomh go gclúdóidh sé an infheistíocht chaipitil go léir sa chaoi nach mbeidh aon chaillteanas i gceist domsa?
- An bhfuil cuma rómhaith air? Má tá, seans gur camscéim é.
Má tá iasacht uait agus má iarrtar réamhtháille ort, ba cheart duit deireadh láithreach a chur le haon chumarsáid leis an ngnólacht mar is camscéim é.
E – É a nochtadh agus a thuairisciú
Déan an caimiléir a nochtadh agus a thuairisciú don Bhanc Ceannais nó don Gharda Síochána.
Tuilleadh eolais faoi conas is féidir leat tú féin a chosaint: www.centralbank.ie/scams
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An féidir leat caimiléir a aithint?'