Ghlac an Rialtas aréir le rún de chuid Shinn Féin faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach ní fios ar thuig an tAire Tithíochta an méid a cuireadh os a chomhair.
Is i nGaeilge amháin a labhair Teachtaí Dála Shinn Féin agus an rún á chur faoi bhráid an Aire James Browne sa Dáil ach níor bhain an tAire úsáid ag aon phointe as an gcóras ateangaireachta atá ar fáil ann.
Is i nGaeilge amháin a foilsíodh an rún ar shuíomh an Oireachtais chomh maith.
D’iarr an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire soiléiriú ar an Aire ar thuig sé an chuid den díospóireacht a bhí i nGaeilge. Dúirt Ó Laoghaire nach raibh aon fhadhb aige mura raibh an caighdeán Gaeilge ag an Aire chun an plé a thuiscint, ach go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh sé na pointí a bhí déanta leis.
Dhiúltaigh an tAire a rá ar thuig sé an méid a bhí ráite i nGaeilge.
“Maybe the deputy wants to elaborate on what level of Irish he wants me to say I have,” arsa an tAire.
Rinne an Teachta Dála Sorca Clarke, a bhí ag feidhmiú mar chathaoirleach ar an díospóireacht, iarracht deireadh a chur leis gcaint faoi chinneadh an Aire gan an córas ateangaireachta a úsáid agus mhol sí do Dhonncha Ó Laoghaire scríobh chuig an gCeann Comhairle.
Iarradh ar an Aire Tithíochta soiléiriú a thabhairt ina ráiteas clabhsúir, ach bhí sé imithe faoin tráth ar tháinig an t-am dósan labhairt arís. An tAire Stáit Christopher O’Sullivan, a bhain úsáid as na cluasáin, a labhair thar ceann an Aire Browne ag deireadh an phlé.
Nuair a bhí sé iláthair, dúirt an tAire Browne nach raibh an Rialtas chun cur i gcoinne rún Shinn Féin faoin ngéarchéim thithíochta. Dúirt an tAire gur thuig sé an tábhacht a bhain le tithíocht a sholáthar sa nGaeltacht agus go raibh a roinn ag obair go dlúth le Roinn na Gaeltachta, le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram.
I measc na n-éileamh a bhí i rún Shinn Féin, bhí éileamh go gcuirfí Ráiteas Pleanála Náisiúnta “láidir” don Ghaeltacht i bhfeidhm láithreach. Dúirt an tAire gur sa gcéad leath de 2027 a d’fhoilseofaí an ráiteas.
Dheimhnigh an rialtas freisin nach mbeadh aon scéim deontais do thithíocht Ghaeltachta á tabhairt ar ais, éileamh eile i rún Shinn Féin.
Éilíodh sa bplean chomh maith go leagfaí síos spriocanna uaillmhianacha don soláthar tithíochta i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus go nglacfaí le plean tithíochta Shinn Féin.
“Tá an Rialtas ag admháil nuair a ghlacann siad leis an rún seo go bhfuil siad tar éis dianscrios a dhéanamh ar chearta teanga gan fiú sop a chur in áit scuaibe maidir le tithíocht Ghaeltachta,” a dúirt an Teachta Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin.
Dúirt Ó Snodaigh go gcaithfeadh an rialtas tacú leis na héilimh a bhí curtha os a chomhair agus go “gcaithfidh siad déanamh cinnte de go bhfuil siad ag déanamh beart de réir na mbriathra sa rún seo”.
Agus é ag labhairt ar son an rúin, dúirt an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire go gcaithfí dul i ngleic le fadhb na tithíochta sa nGaeltacht láithreach mar nach mbeadh “an dara seans ann”.
Dúradh le linn na díospóireachta gur cúis náire a bhí i gcur chuige an rialtais i leith na Gaeilge, go raibh an Ghaeltacht á bánú agus pobal na Gaeltachta á thréigeadh acu.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Conor D McGuinness go gcaithfí an Ghaeltacht a chosaint mar gurb í “tobar agus tearmann na nGael” agus gur ón nGaeltacht a thagann saibhreas na Gaeilge.
Bhí go leor de na Teachtaí Dála a labhair ar son an rúin i láthair ag agóid faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht a reáchtáladh lasmuigh de Theach Laighean níos luaithe inné.
Bhí na grúpaí feachtais Tinteán, Bánú, CATU [Cumann Gníomhaíochta Pobail Tionóntaí] ina measc siúd a ghlac páirt san agóid a d’éiligh ar an Aire Tithíochta James Browne “gníomhú láithreach ar an ngéarchéim thithíochta agus teangan sa Ghaeltacht”.
Dúirt an lucht eagraithe gur léirigh an léirsiú “nach ceist imeallach í seo” agus go bhfuil an Ghaeilge curtha i mbaol ag na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga teach a fháil sa nGaeltacht.
“Chonaiceamar fearg, diongbháilteacht agus dlúthpháirtíocht toisc daoine [a bheith] á mbrú amach as a bpobail féin,” a dúirt John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.
“Tá sé scannalach go bhfuilimid fós ag fanacht i mí an Mhárta 2026 le dréacht-treoirlínte pleanála na Gaeltachta a gealladh siar in 2021. Tá éilimh shoiléire, phraiticiúla leagtha amach ag feachtas Tinteán ar féidir leis an Rialtas gníomhú orthu láithreach.
“Ní moltaí radacacha iad seo – is réitigh shimplí, láidre iad chun a chinntiú gur féidir le daoine maireachtaint sa Ghaeltacht. Má tháimid le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú, is gníomh phráinneach atá ag teastáilt anois.”
Fág freagra ar 'Glactha sa Dáil le rún faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ach amhras ann ar thuig an tAire Tithíochta é'