Gheall mé go ndéanfainn compás do Bheainín na Naíonáin Bheaga, scéal a tháinig aniar aduaidh orm…

Bhí iontas ar ár gcolúnaí gur gheall sí compás a dhéanamh, mar níl barúil dá laghad aici agus bíonn sí níos seachantaí ná sin ina cuid geallúintí

Gheall mé go ndéanfainn compás do Bheainín na Naíonáin Bheaga, scéal a tháinig aniar aduaidh orm…

‘Dúirt tú go ndéanfadh muid compás inniu,’ a mheabhraigh Beainín na Naíonáin Bheaga dom. Bhí mé i mo shuí go breá dom féin ar an leaba thuas staighre, áit a raibh mé imithe ar an bhfoscadh le cupán tae agus páipéir an tSathairn.

‘An bhfuil tú cinnte gur dhúirt mé é sin?’ a d’fhiafraigh mé di go hamhrasach. Ba mhór an t-ionadh go mbeadh geallúint dá leithéid déanta agam. Rud amháin, níl barúil dá laghad agam conas compás a dhéanamh agus rud eile, déanaim iarracht i gcónaí a chinntiú go mbíonn mo chuid geallúintí níos éiginnte ná sin.

Thug mé faoi deara ansin go raibh leabhar ina lámh aici, agus chuimhnigh mé ar an gcomhrá, go deireanach an tráthnóna roimhe sin.

‘Ok, ok, ok, déanfaidh muid compás, ach caithfidh tú do chuid fiacla a ghlanadh agus dul a chodladh!’

Shín sí an leabhar chugam, ‘Discovering Science’, agus é oscailte amach ar an leathanach ar a raibh na treoracha le do chompás maighnéadach féin a dhéanamh sa mbaile.

Is ar mo mháthair atá an locht dháiríre. Ní bheadh an leabhar sa teach ar chor ar bith murach gur ghlaoigh sí orm cúpla mí ó shin ag fiafraí an raibh muid ag iarraidh na seanchiclipéidí a thógáil ar láimh mar go raibh siad ag bailiú dusta ar an áiléar.

Bhuail beagán cumha mé nuair a chonaic mé na leabhair agus chuimhnigh mé go mbeadh sé go deas iad a bheith sa teach agus fáil ag na gasúir orthu. Fiú má tá siad beagán as dáta, tá cuid mhaith den eolas fós beacht. Foilsíodh iad i 1986, agus cé go bhfuil Google tagtha ar an saol ó shin, choinnigh muid roinnt de na leabhair.

Bhreathnaigh mé ar a héadainín beag agus í lán le díocas. Ní fhéadfainn í a eiteachtáil, fiú is gan aon scileanna sa chompásadóireacht agam.

‘Ok, sín chugam an leabhar, déanfaidh muid an compás.’

Thosaigh sí ag léamh amach na treoracha. ‘Chun compás a dhéanamh, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait…’

Snáthaid

Seans go gcuirfidh sé seo iontas ort, caithfidh mé a rá go gcuireann sé iontas orm féin, ach tá boiscín fearas fuála sa teach againn ina bhfuil snáthaidí, snáth, bioráin agus an ruidín beag miotail sín a chuireann tú tríd chró na snáthaide chun snáithe a chur inti. Tic!

Babhla nó sásar.

Dá dhonacht muid, tá siad sin againn. Tic!

Uisce.

Buíochas mór le Dia, níl aon easpa uisce orainn. Tic!

Maighnéad.

‘Faigh ceann de na maighnéid anuas den chuisneoir,’ a dúirt sí liom. ‘Ní dhéanfaidh sé sin aon mhaith, tá siad beag bídeach,’ a dúirt mé . ‘Nach maighnéad atá iontu,’ a dúirt sí agus í beagán díomách faoi chaighdeán an chúntóra saotharlainne a bhí ar fáil di, sílim. Tic!

Diosca adhmaid 5cm ar trastomhas…

U-ó! Tá a fhios agam go bhfuil bearnaí móra i mo chuid oideachais, ach seo ceann nua. Cá bhfaigheadh duine diosca adhmaid 5cm ar trastomhas?

‘Bhuel, sin é go fóilleach,” a dúirt mé, ‘caithfidh muid teacht ar ais chuige lá éicint eile.’

Bhreathnaigh mé  ar mo chomrádaí agus í faoi gheasa an déantóra chompáis.

‘D’fhéadfadh muid píosa a bhaint den chos atá ar an gcathaoir sa gcistineach,” a dúirt sí liom agus dóchas ina glór.

Fág freagra ar 'Gheall mé go ndéanfainn compás do Bheainín na Naíonáin Bheaga, scéal a tháinig aniar aduaidh orm…'