Gearrscannán – ‘An tÁdh’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'An tÁdh'

Físeán

Gníomhaíocht 1:

An tÁdh an teideal atá ar an ngearrscannán seo.

  • Féach ar an gcéad 30 soicind nó mar sin den ghearrscannán.
  • Is tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Ansin breathnaíonn sí ar chárta cuimhneacháin dá máthair.

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Céard atá na leaideanna ag iarraidh a dhéanamh sa chéad radharc?
  2. Cá bhfuil Liam ag iarraidh dul?
  3. Cén fáth a bhfuil sé ag iarraidh dul ann?
  4. Cad é an scéal leis na huaireadóirí?
  5. Cén t-am ar imigh an bád?
  6. Cad iad na cluichí atá ag Micheál sa mbaile?
  7. Cén fáth ar luadh an Pápa Eoin Pól 2?
  8. Cad í an tseift a cheap Liam?
  9. Cén chaoi a roghnaíonn siad cé a rachaidh ar an mbád?
  10. Tabhair achoimre i d’fhocail féin ar an méid a tharlaíonn ina dhiaidh sin?

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cad é teachtaireacht an ghearrscannáin seo, meas tú?
  2. Céard a cheapann tú den chríoch/chasadh sa scéal? Ar tháinig sé aniar aduaidh ort?
  3. Déan cúpla abairt a scríobh faoi phearsantacht Liam.
  4. Déan cúpla abairt a scríobh faoi phearsantacht Shéamuis.
  5. Déan cúpla abairt a scríobh faoi phearsantacht Mhichíl.
  6. Cén chanúint atá ag na buachaillí? An féidir leat cuid de thréithe na canúna sin a aimsiú?
  7. Déanann Nuacht TG4 tuairisc faoin tragóid an oíche sin. Cuirtear beirt de mhuintir na háite faoi agallamh. Déan an tuairisc agus an dá agallamh a scríobh.
    Treoir don mhúinteoir:

•  is féidir an rang a bhriseadh i ngrúpaí agus tasc amháin a thabhairt do gach grúpa
•  is féidir libh taifead físe a dhéanamh ansin

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Gearrscannán é seo atá bunaithe ar ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire.
  • Scéal é seo faoi thragóid farraige agus an t-ádh a bhí ar bhuachaill a thug na cosa leis.
  • An casadh atá sa scéal ná go measann Liam go raibh mí-ádh air ach i ndeireadh thiar bhí an t-ádh dearg leis.
  • Ag an tús feicimid triúr buachaillí óga ag iarraidh liathróid a fháil ó dhíon scoile.
  • Tá Liam ag iarraidh dul go hÁrainn mar go mbeidh cluiche ceannais peile ar siúl ann mar aon le tarraingt téide, rás curachaí agus sorcas.   
  • Tá an bád imithe faoin tráth seo, áfach. Bhí uaireadóir Liam mall agus níor éirigh sé in am.
  • Téann na leaideanna ag imirt peile ar an trá. Tá siad dubh dóite leo féin. Bíonn siad ag argóint le chéile agus ag magadh faoina chéile.
  • Ar deireadh déanann Liam seift a cheapadh, rachaidh siad i bhfolach i mbád Tom Beag atá ag dul go hÁrainn.
  • Níl spás san áit folaigh ach do bheirt, áfach.
  • Cuireann siad ar chrainn é. Tarraingíonn Liam an tráithnín is faide agus bíonn air fanacht sa mbaile.
  • Ní mó ná sásta atá sé ach tugann sé cúnamh don bheirt eile dul i bhfolach sa bhád.
  • Déanann Micheál a áit féin ar an mbád a thairiscint do Liam ach ní ghlacann Liam leis.
  • Tá Liam fágtha leis féin agus tá sé lán d’fhéintrua.
  • Déanann sé iarracht curach a tharraingt amach ar an bhfarraige ach ní éiríonn leis.
  • Titeann sé ar an talamh agus buaileann sé a chloigeann. Tá sé gan aithne gan urlabhra.
  • Ní thagann sé chuige féin go dtí go dtosaíonn an taoide ag teacht isteach.
  • Nuair a fhilleann sé ar an teach tá go leor daoine ann; athair Shéamuis agus Garda ina measc.
  • Tá fearg agus imní mhór ar athair Shéamuis. De réir a chéile tuigeann Liam céard a tharla. Bádh an bád agus na daoine ar fad a bhí ar bord.
  • Tuigeann Liam go raibh an t-ádh dearg leis ach bíonn íomhánna ina aigne dá chairde ag fáil bháis.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘An tÁdh’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'