Géarghá le feabhas ó Chúige Chonnacht

Beidh dearcadh agus cur chuige na gConnachtach i gcluiche na hoíche anocht in aghaidh Chúige Uladh suimiúil

Géarghá le feabhas ó Chúige Chonnacht

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Seans nach róshásta atá na Connachtaigh gur anocht atá siad ag imirt i gcoinne na nUltach i gcluiche atá ar athlá ó Lá’l Stiofáin. Ag an am sin bhí smacht iomlán ag foirne na Gaillimhe ar a stíl agus a bpatrúin imeartha agus go deimhin iad in ann cluichí a bhuachtáil, cluichí i gcoinne foirne a bhí níos láidre ná iad féin i gcúpla cás.

Ach anois, ar fhianaise na himeartha atá feicthe againn ó na Connachtaigh le cúpla seachtain anuas, tá deacrachtaí ollmhóra acu smacht a choinneáil ar chluichí ina mbíonn siad chun cinn, fiú i bhfad chun cinn i gcúpla cás. Tá tír agus talamh ag caint faoin gcaoi ar lig siad na maidí le sruth i gcluiche amháin a raibh siad ocht bpointe chun cinn, agus aon phointe dhéag i gcás eile, agus iad ag imirt le himreoir breise i gcluiche eile.  Cuimhnigh go raibh fáil acu ar Carty agus Aki sna cluichí sin, imreoirí nach mbeidh acu anocht. Mar bharr ar an mí-ádh thug Glaschú greadadh 42–20 dóibh an Satharn seo caite ar an mBóthar Beag. Is beag an t-iontas gur dhúirt Andy Friend nach raibh an imirt sin inghlactha, é ag nochtadh tuairime atá ag go leor leor eile.

Dá bharr sin ar fad beidh dearcadh agus cur chuige na gConnachtach i gcluiche na hoíche anocht suimiúil. Caithfidh siad rudaí a cheartú, níl aon dabht faoi sin ach ní bheidh sin ró-éasca i gcoinne foireann a bhfuil an-dea-thuairisc orthu agus iad ag imirt sa mbaile agus iad sa tríú háit ar an tábla, cúig áit níos airde ná na Connachtaigh.    Tá na hUltaigh d’uireasa imreoirí iad féin de bharr tús chomórtas na Sé Náisiún ach is acu atá chuile bhuntáiste eile. Ní dóigh ach oiread go mbeidh siad sásta cluiche baile eile a chailleadh i gcoinne na gConnachtach mar a rinne siad in 2018 ach nár tharla ó shin. Seans nach dtarlóidh sé sin anocht ach oiread.

Fág freagra ar 'Géarghá le feabhas ó Chúige Chonnacht'