Géarghá le deireadh a chur le ‘éiginnteacht’ faoin bpleanáil teanga – ceannasaí Údarás na Gaeltachta

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh gá le tuilleadh tacaíochta ón stát don Ghaeilge sa Ghaeltacht

Géarghá le deireadh a chur le ‘éiginnteacht’ faoin bpleanáil teanga – ceannasaí Údarás na Gaeltachta

Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Tá géarghá le deireadh a chur leis an “éiginnteacht” a bhaineann lena bhfuil i ndán don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean inné, dúirt ceannasaí Údarás na Gaeltachta go raibh gá le tuilleadh tacaíochta ón stát don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

“In ainneoin an tiomantas atá á léiriú ag an Stát don phróiseas [pleanála teanga] agus an infheistíocht shuntasach atá á déanamh ann, níl aon amhras ach go bhfuil i bhfad níos mó de dhíth.

“Teastaíonn beart de réir briathair i bhfeidhmiú beartais an Stáit ar mhaithe le stádas agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus sa Ghaeltacht.”

Dúirt sé chomh maith go raibh gá le “struchtúr taighde agus réamhphleanála” a chur faoin bpleanáil teanga le go mbeadh na “céimeanna a ghlactar tomhaiste, comhordaithe agus fianaisebhunaithe”.

Tréimhse seacht mbliana bhaineann le gach plean teanga agus tá cúig bliana nó níos mó caite i dtréimhse na bpleananna i 70% den 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. Beifear sa seachtú bliain d’fheidhmiú na bpleananna roimh dheireadh na bliana seo in ocht limistéar.

Tá an éiginnteacht faoin gcóras pleanála teanga féin agus an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ar na húdair imní is mó atá ag lucht pleanála teanga.

Agus iad os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais i dtús an tsamhraidh, dúirt oifigigh pleanála teanga nach raibh a fhios acu cad a tharlódh don chóras pleanála teanga nuair a bheadh deireadh le tréimhse a bpleananna teanga, cuid acu nach bhfuil ach bliain nó dhó fágtha iontu.

Bhí na hoifigigh pleanála teanga go léir a bhí i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge den tuairim gurb í an éiginnteacht seo an cheist ba phráinní a bhí le réiteach.

Ag cruinniú den choiste céanna inné, d’aontaigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis le lucht na pleanála teanga gur údar imní an easpa soiléireachta faoina bhfuil i ndán don chóras.

“Tá go leor éiginnteachta i gceist do na pobail mar nach bhfuil na chéad chéimeanna eile iomlán soiléir dóibh,” a dúirt Tomás Ó Síocháin.

“Cruthaíonn an éiginnteacht a dúshláin féin ó thaobh cúrsaí pleanála oibre, earcaíochta, síorathrú foirne, spreagadh pobail agus le leanúnachas ó thaobh cur chuige de.

“Tá géarghá le gníomhú go luath chun an easpa soiléireachta agus an éiginnteacht a bhaineann leis an phróiseas sa Ghaeltacht a mhaolú, go háirithe dóibh siúd a bhfuil deireadh ag teacht le tréimhse feidhme a gcéad phleananna teanga.”

Finnéithe ó Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag an gcruinniú i dTeach Laighean

Dúirt oifigigh pleanála teanga Gaeltachta go neamhbhalbh ag cruinnithe eile den choiste Oireachtais nach bhfuil an córas pleanála teanga ag obair mar gheall ar easpa tacaíochta ón stát.

Maíodh nach raibh a chuid den féin “mhargadh” á chomhlíonadh ag an stát ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht de agus labhair oifigigh pleanála teanga faoi na fadhbanna a bhíonn acu de dheasca easpa acmhainní, foirne, stádais, seirbhísí agus tacaíochta.

Tráthnóna inné, rinne Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, cosaint ar an bpróiseas pleanála teanga a bhfuil an tÚdarás i bhfeighil air.

“Níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i réimse na pleanála teanga in imeacht tréimhse ghearr ama.

“Is díol mórtais don Údarás dua agus díograis na nOifigeach Pleanála Teanga, na gCeanneagraíochtaí Pleanála Teanga agus na gCoistí Stiúrtha Pleanála Teanga as an lorg dearfach atá a gcuid oibre a fhágáil ar fud na Gaeltachta.”

Dúirt sé go raibh “an próiseas pleanála teanga ar cheann de na gníomhartha is dearfaí a glacadh le glór a thabhairt do na bpobal féin i gcur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht ó bhunú an Stáit”.

Dúirt Tomás Ó Síocháin gur léirigh fianaise na ndaonáireamh faoi mheath na teanga mar theanga phobail go raibh an Ghaeilge “ag pointe criticiúil” sa Ghaeltacht. Bhí sé róluath, áfach, a rá cé acu an raibh ag éirí leis an gcóras pleanála teanga cur in aghaidh an mheatha sin.

“Níl sé cuí, áfach, go bhféachfaí ar thorthaí na ndaonáireamh astu féin mar mheasúnú ar thionchar an phróisis pleanála teanga,” a deir Tomás Ó Síocháin.

Dúirt sé nach bhféadfaí a bheith ag súil go mbeidh pobal na Gaeltachta “in ann an taoide a chasadh” gan “beartais láidre” agus “comhordaithe” ag an Stát. Bhí athruithe chun feabhais tarlaithe le tamall i réimsí an oideachais Ghaeltachta, na reachtaíochta teanga agus na pleanála teanga, a dúirt sé.

Ach ba ghá an córas pleanála teanga a “neartú” nuair a bheadh an chéad athbhreithniú ar an gcóras críochnaithe. Ba chóir, a dúirt sé, ceangal níos dlúithe a chothú idir an phleanáil teanga agus na réimsí éagsúla de shaol na Gaeltachta agus go dtabharfadh beartais an Stáit “i ngach réimse de chuid an tsaoil” san áireamh cuspóirí na pleanála teanga.

Chaithfí aghaidh a thabhairt chomh maith ar na constaicí roimh bhunú “pobal inmharthana Gaeltachta”, bíodh na constaicí sin i réimse na tithíochta, na teicneolaíochta, na fostaíochta nó in fhorbairt tuaithe.

Dúirt Ó Síocháin nár cheart go bhféachfaí ar an bpleanáil teanga mar “an t-aon ghníomh atá de dhíth”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ag an gcruinniú i dTeach Laighean tráthnóna go raibh síneadh ama dhá bhliain curtha le tréimhse mhaoinithe Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, chun deis a thabhairt don dá rialtas cinneadh a dhéanamh i leith mhaoiniú Fhoras na Gaeilge féin agus go háirithe maoiniú Líonraí Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt Seán Ó Coinn go raibh dúshlán ar leith ag baint le forbairt na mbailte seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht.

“Cé go bhfuil dlús tagtha ar líon na gceanneagraíochtaí pleanála teanga atá ag obair lasmuigh den

Ghaeltacht ó 2022 ar aghaidh, tá dúshláin mhóra bainteach fós le roinnt bailte seirbhíse Gaeltachta atá ainmnithe agus nach bhfuil pobal labhartha Gaeilge gníomhach iontu, agus nach bhfuil fréamhacha láidre ná traidisiún iontu maidir le cur chun cinn na Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Géarghá le deireadh a chur le ‘éiginnteacht’ faoin bpleanáil teanga – ceannasaí Údarás na Gaeltachta'