Géarchéim ar an tairseach ag bunscoileanna iarthar Chonamara

Agus scoil amháin i gConamara dúnta an tseachtain seo fágann an líon beag gasúr atá tagtha isteach i scoileanna eile gConamara go bhfuil stádas na scoileanna sin i mbaol chomh maith

Géarchéim ar an tairseach ag bunscoileanna iarthar Chonamara

Agus scoil amháin i gConamara dúnta an tseachtain seo fágann an líon beag gasúr atá tagtha isteach i scoileanna eile gConamara go bhfuil stádas na scoileanna sin i mbaol chomh maith

Tá an drochscéal maidir le líon na ndaoine óga in iarthar Chonamara ag éirí níos soiléire an fómhar seo agus scoil amháin sa cheantar dúnta cheana – Scoil Leitir Mucú.

Ina theannta sin, tugann an líon beag gasúr atá tagtha isteach i ranganna na naíonán i scoileanna éagsúla siar ón Teach Dóite agus siar ó Chasla tuilleadh léargais ar an bhfadhb atá sa taobh sin tíre.

Ní raibh ach ochtar fanta i Scoil Leitir Mucú agus nuair nach raibh aon chosúlacht ar an scéal go mbeadh aon ardú air sin sna blianta beaga amach romhainn, dheimhnigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo go raibh an scoil dúnta.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh bunscoil an Chloiginn, atá tuairim is 12 ciliméadar siar ó thuaidh den Chlochán, a bheith i mbaol mór taobh istigh d’achar gearr blianta agus iad taobh le múinteoir amháin an fómhar seo.

Níor tháinig gasúr nua ar bith isteach i Scoil na Turlaigh i Ros Muc an fómhar seo, níor tháinig ach gasúr nua amháin isteach ar an Aird Mhóir agus gasúr nua amháin a chláraigh i gCill Chiaráin.

Amach an taobh eile den Bheirtreach Buí, níor tháinig ach triúr nua isteach i scoil Chloch na Rón agus le taobh an Chaoláire Rua ar an Líonán, triúr a tháinig isteach freisin. Tá líon na ngasúr sa scoil sin ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo gafa síos go tubaisteach in imeacht na mblianta.
Agus imní ann faoi stádas na scoileanna seo, is amhlaidh nach bhfuil aon mhéadú le teacht ar an líon daltaí sna bunscoileanna agus gur a mhalairt a tharlóidh. Mar shampla, tá an chosúlacht ar an scéal ar an Aird Mhóir nach mbeidh dalta ar bith ag teacht isteach sna naíonáin amach anseo.

Thiar i gCloch na Rón, deir na múinteoirí gur deacair aon fheabhas a fheiceáil ar chás na scoile ansin; ag ísliú atá an daonra, rud a bhí le tabhairt faoi deara sna réamhthorthaí ar Dhaonáireamh na bliana seo.

Deirtear scaití gurb é an laghdú ar an líon gasúr i gcomórtas leis na clanna móra a bhíodh ann san aimsir a caitheadh an chúis is mó atá leis an laghdú ar na huimhreacha sna scoileanna. Ach ní cosúil go bhfuil ansin ach cuid den scéal. Mar shampla, le blianta beaga anuas tá scoileanna faoi bhrú sa gceantar as an Teach Dóite soir i dtreo na Gaillimhe – agus as Casla soir i dtreo na Gaillimhe – mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an líon daltaí scoile. Is é an difríocht mhór atá sna ceantair tuaithe sin ná go bhfuil siad i bhfoisceacht 25 nó 35 ciliméadar de Ghaillimh agus cuid de bhuntáistí fostaíochta chathair na Gaillimhe acu dá bharr.

Níl sé sin amhlaidh taobh thiar den Teach Dóite ná taobh thiar de Chasla. Tá corrdhuine ann a dhéanann an t-aistear isteach agus amach chuig an gcathair go dtí a gcuid oibre ach, den chuid is mó, ní fiú agus ní féidir é sin a dhéanamh.

Baineann an lagú sna bunscoileanna in iarthar Chonamara – idir Ghaeltacht agus Ghalltacht – le lagú níos forleithne sna pobail. Tugann na réamhfhigiúirí ón Daonáireamh is deireanaí neart fianaise go bhfuil an daonra ag leanacht ar aghaidh ag titim sa taobh tíre sin. Tá sé geall le bheith cinnte go dtaispeánfaidh torthaí níos iomláine ón Daonáireamh bhfuil claonadh láidir ann freisin i dtreo na n-aoisghrúpaí níos sine.

Ach, níl an freagra chomh simplí leis an bhfocal ‘fostaíocht’. D’athraigh pobal na gceantar seo in imeacht na mblianta agus tá oideachas, oiliúint agus cáilíochtaí á bhfáil ag formhór na ndaoine óga iontu anois. Níl fáil i gceantair tuaithe in iarthar Chonamara ar phostanna a bheadh feiliúnach dóibhsean agus chomh maith leis sin tá fadhbanna infreastruchtúir i gcónaí ann.

Dar le feidhmeannaigh in Údarás na Gaeltachta, mar shampla, níl seans faoin spéir
go dtiocfaidh tionscail agus fostaíocht nua go hiarthar Chonamara mura mbeidh cuarbhóthar nua i gcathair na Gaillimhe.

Idir an dá linn, bliain i ndiaidh bliana, tá sé ag éirí níos follasaí gur ciúnas a bheidh ar na tairseacha i gcuid mhór scoileanna in iarthar Chonamara fómhar níos faide anonn.

Fág freagra ar 'Géarchéim ar an tairseach ag bunscoileanna iarthar Chonamara'