Geansaí glas agus staid dheiridh an Tour de France buaite ag Sam Bennett na hÉireann

As Carraig na Siúire do Sam Bennett, an baile céanna le Seán Kelly, an duine deireanach as Éirinn a bhuaigh an geansaí glas

Geansaí glas agus staid dheiridh an Tour de France buaite ag Sam Bennett na hÉireann

Tá geansaí glas an Tour de France buaite ag Sam Bennett na hÉireann.

Bhuaigh an rábálaí an staid dheireanach den rás ar an Champs-Elysées chomh maith.

As Carraig na Siúire do Bennett, an baile céanna le Seán Kelly, an duine deireanach as Éirinn a bhuaigh an geansaí glas.

“Níl aon insint béil agam ar cé chomh mór is atá mé ar bís,” a dúirt Bennett i ndiaidh an ráis.

“An geansaí glas agus Champs-Élysées, craobh dhomhanda na ráibeála. Níor cheapas riamh go n-éireodh liom an staid seo a bhuachan agus tá sé fíorspeisialta gur éirigh liom é dhéanamh agus an geansaí glas orm.”

Seo an chéad uair ó 1989 ag rothaí as Éirinn ceann de na geansaithe is tábhachtaí a bhuachan ag ceann de na trí rás rothaíochta is mó ar domhan.

Bhuaigh Kelly geansaí glas an Tour den cheathrú huair i 1989.

Tadej Pogacar a bhuaigh an Tour de France i mbliana, an chéad duine riamh as an tSlóivéin a bhuaigh an rás. Beidh Pogacar 22 amárach agus is é an duine is óige a bhuaigh an rás ó 1904.

Fág freagra ar 'Geansaí glas agus staid dheiridh an Tour de France buaite ag Sam Bennett na hÉireann'